Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 7 Márta 2023 10:22

An clár um nascacht shlán spásbhunaithe: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle rialachán inniu maidir le Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027. Is í seo an chéim deiridh sa nós imeachta cinnteoireachta.

Leagtar síos sa chlár spriocanna don Aontas Eorpach chun buíon satailítí dá chuid, ar a dtugtar ‘IRIS²’ (Bonneagar le haghaidh na hAthléimneachta, na hIdirnascachta agus na Slándála trí bhíthin Satailítí), a imscaradh. Cuirfidh IRIS² seirbhísí cumarsáide sárthapa (ar aga folaigh íseal) agus seirbhísí cumarsáide an-slán ar fáil faoi 2027. Beidh slándáil na cumarsáide sin bunaithe ar ardteicneolaíochtaí criptiúcháin, cripteagrafaíocht chandamach san áireamh, is é sin modh ina n-úsáidtear airíonna na meicnice candamaí chun sonraí a dhaingniú agus a tharchur ar bhealach nach féidir a haiceáil.

Bainfidh rialtais tairbhe as an gcóras cumarsáide spásbhunaithe seo le haghaidh seirbhísí éagsúla, mar shampla bonneagar criticiúil a chosaint, faireachas, tacaíocht don ghníomhaíocht sheachtrach nó bainistiú géarchéime, agus ar an gcaoi sin cuideofar le hathléimneacht agus ceannasacht an Aontais a fheabhsú.

Slándáil cumarsáide a mhéadú

Rannchuidíonn an clár le haistriú digiteach an Aontais agus le straitéis ‘Global Gateway’ an Aontais, ós rud é gur féidir leis nascacht shlán a sholáthar thar limistéir gheografacha leasa straitéisigh lasmuigh de theorainneacha na hEorpa, mar shampla an réigiún Artach nó an Afraic.

Ach córas cumarsáide bunaithe ar shatailítí a bheith ann, is féidir seirbhísí cumarsáide tapa slána a chinntiú fiú i gcás inar cuireadh isteach ar líonraí cumarsáide talún, de dheasca tubaistí nádúrtha, sceimhlitheoireachta nó cibirionsaithe, cuir i gcás.

Córas comhtháite

Cuimsítear sa chóras bonneagar nua atá le tógáil trí dhámhachtain conarthaí. Ba cheart don lamháltóir/do na lamháltóirí na hacmhainní a chur ar fáil freisin le haghaidh seirbhísí tráchtála ionas go spreagfaidh forbairtí teicneolaíochta agus an úsáid a bhainfidh rialtais astu an nuálaíocht agus tráchtáil ar bhonn níos leithne san Aontas.

Leis an gclár, treisítear iomaíocht sheirbhísí cumarsáide satailíte an Aontais trí thionscadal nuálach faoi stiúir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus trí réimse comhpháirtithe a rannpháirtiú, mar shampla na Ballstáit, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus cuideachtaí príobháideacha.

Cúlra

An 15 Feabhra 2022, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027. Tar éis caibidlíocht idirinstitiúideach, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil sealadach an 17 Samhain 2022.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gclár seo i gcás ísealfhithisí. Faoi láthair, tá méadú ag teacht ar líon na n-ísealfhithisí atá ag meigeabhuíonta ar le tríú tír iad agus tá dúshláin chaipitil a bhaineann le tionscadail den sórt sin roimh oibreoirí an Aontais.

Leis an tionscadal nua, cuirfear chun cinn sineirgí le codanna eile de chlár spáis an Aontais, mar shampla Galileo (loingseoireacht satailíte) agus Copernicus (faire na cruinne), agus le hacmhainneachtaí fheasacht staide an spáis. Cuireann sé le Cumarsáid Satailíte Rialtais an Aontais Eorpaigh (GOVSATCOM), cuid eile de chlár spáis an Aontais.

Buiséad €2.4 billiún atá ag an tionscadal, agus tagann cuid den tsuim sin ó imchlúdaigh éagsúla, mar shampla clár spáis an Aontais, Fís Eorpach agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda (NDICI).

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis don Chomhairle an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, glacadh an gníomh reachtach.

Nuair a bheidh an rialachán sínithe ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus ag Uachtarán na Comhairle, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025