"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Oideachas), 7 Márta 2023
Na príomhthorthaí
Scileanna agus inniúlachtaí don aistriú glas
Dʼfhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le scileanna agus inniúlachtaí don aistriú glas. Tagann siad i gcomhthéacs na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023 inar iarr cinn stáit agus rialtais an Aontais go ndéanfaí gníomhaíochtaí níos misniúla agus níos uaillmhianaí chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na scileannaa theastaíonn don aistriú glas agus don aistriú digiteach tríd an oideachas, an oiliúint, an uas-sciliú agus an athsciliú.
Mhéadaigh an ganntanas lucht saothair in earnálacha a measadh a bheith ríthábhachtach don aistriú glas faoi dhó idir 2015 agus 2021 (mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean tionsclaíoch faoin gcomhaontú glas don aois ghlan-nialasach). Ag an am céanna, tá méadú ag teacht ar an éileamh atá ar scileanna teicniúla an aistrithe ghlais.
Sna conclúidí, tugann an Chomhairle cuireadh do Bhallstáit – i measc rudaí eile – dul i dteagmháil le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le heagraíochtaí taighde, le fostóirí, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun riachtanais athscilithe agus uas-scilithe a shainaithint go comhpháirteach don aistriú glas, comhar poiblí-príobháideach san áireamh.
Gan dabht, ní mór lucht saothair oilte a bheith ann chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus cabhróidh sé sin linn freisin an bealach a réiteach do thodhchaí níos glaise. Sin é an fáth nach mór dúinn infheistíocht a dhéanamh anois in athsciliú agus in uas-sciliú daoine óga agus daoine fásta.
Lotta Edholm, Aire Scoileanna na Sualainne
Phléigh na hairí an ganntanas múinteoirí agus go háirithe an breisluach a bhaineann le comhar feabhsaithe Eorpach agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais chun múinteoirí agus oiliúnóirí a mhealladh, a uas-sciliú agus a choinneáil.
Tá Ballstáit ar fud an Aontais ag dul i ngleic le ganntanas múinteoirí, rud a chuireann cáilíocht agus cothromas an oideachais i mbaol go mór. I measc cúiseanna eile, tá an ganntanas ann toisc go bhfuil an lucht saothair múinteoireachta ag dul ina aois – tá 40% de mhúinteoirí, nach mór, os cionn 50 bliain dʼaois — agus toisc go meastar nach gairm tarraingteach í.
Chuir a lán toscaireachtaí in iúl – i bhfianaise ábharthacht na saincheiste do na Ballstáit uile – go raibh an plé an-tráthúil. Tá múinteoirí cáilithe dea-oilte i gcroílár chóras oideachais a fheidhmíonn go maith agus tá siad ríthábhachtach chun an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a bhaint amach. Fillfidh an Chomhairle ar an ábhar ag an gcruinniú a bheidh aici i mí na Bealtaine i gcomhthéacs na gconclúidí atá beartaithe aici maidir le LEO.
Faoi ʻgnó eileʼ, chuir an Coimisiún Eorpach eolas ar fáil faoina thionscnamh chun Lá na nÚdar Eorpach a cheiliúradh. Beidh Lá na nÚdar Eorpach ar siúl den chéad uair an 27 Márta 2023.
Ghlac an Chomhairle roinnt gníomhartha reachtacha eile mar mhíreanna gan phlé.
Ghlac an Chomhairle rialachán chun síneadh a chur leis an spriocdháta chun feistí leighis a dheimhniú. Cuirfidh an beart seo cosc ar an bhfáil atá ag othair Eorpacha ar fheistí leighis nach féidir a dheimhniú faoin scoithdháta tosaigh.
Ghlac an Chomhairle Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí freisin idir an tAontas agus an Ghuáin chun rialachas foraoise a fheabhsú agus chun a áirithiú go dtáirgtear táirgí adhmaid a onnmhairítear chuig an Aontas go dleathach. Tá an comhaontú mar chuid de phlean gníomhaíochta an Aontais i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT), a glacadh in 2003 chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú agus le trádáil in adhmad neamhdhleathach.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.