"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Cárta Míchumais Eorpaigh: an taisteal san Aontas le héascú do dhaoine faoi mhíchumas
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta - cur chuige ginearálta - maidir leis an treoir lena mbunaítear an cárta míchumais Eorpach agus an cárta páirceála Eorpach le haghaidh daoine faoi mhíchumas.
Thángamar ar chomhaontú le Ballstáit an Aontais maidir le cárta míchumais Eorpach nua agus cárta páirceála Eorpach nua le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Coinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach a mbaineann daoine faoi mhíchumas leas astu ina dtír chónaithe, cuirfear ar fáil iad do shaoránaigh eile an Aontais faoi mhíchumas atá ag taisteal chuig an tír sin nó ag tabhairt cuairte uirthi ar feadh tréimhse ghearr. Is taithí luachmhar, taitneamhach é an taisteal san Aontas agus ba cheart go mbeadh rochtain éasca ag gach saoránach de chuid an Aontais air gan eisceacht.
Pablo Bustinduy, Aire um Chearta Sóisialta, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Clár Oibre 2030 na Spáinne
Cárta coiteann le haghaidh turas inrochtana ar fud an Aontais
Is éard is aidhm don treoir seo cinntiú go mbeidh rochtain chomhionann ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach ag daoine faoi mhíchumas le linn tréimhsí gearra ag fanacht dóibh san Aontas. cuir i gcás táillí laghdaithe iontrála nó táillí ar bith, an rochtain tosaíochta, cúnamh agus spásanna speisialta páirceála. I measc a bhfuil i gceist leis sin tá imeachtaí cultúrtha agus fóillíochta, áiseanna spóirt agus trá agus seirbhísí iompair.
Ina theannta sin, agus de réir an téacs a chomhaontaigh an Chomhairle, tá sé de rogha ag na Ballstáit a chinneadh na bearta céanna a chur i bhfeidhm maidir le tréimhsí níos faide ná trí mhí, agus do chláir shoghluaisteachta an Aontais.
Is faoi na húdaráis náisiúnta a bheidh sé leaganacha fisiciúla agus digiteacha de na cártaí míchumais Eorpacha a eisiúint i bhformáid inrochtana. Aithneofar na cártaí ar fud an Aontais mar chruthúnas ar mhíchumas.
Chuir an Chomhairle prionsabal an ilteangachais san áireamh: beidh na Ballstáit in ann cártaí dátheangacha ar a mbeidh Béarla agus a dteanga náisiúnta féin a eisiúint. Thug an Chomhairle an rogha do na Ballstáit freisin cód QR a chur ar na cártaí, arb í an uirlis cur chun feidhme is éifeachtaí agus is éasca í chun an chalaois a chosc.
Thairis sin, úsáidfear an cárta páirceála Eorpach in ionad na gcártaí páirceála don tsoghluaisteacht trasteorann uile atá ann cheana laistigh de chúig bliana ó theacht i bhfeidhm na treorach chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus aitheantas frithpháirteach a chinntiú ar fud an Aontais. Eiseofar an cárta páirceála i bhformáid fhisiciúil, rud atá i gcomhréir le cur chuige ginearálta na Comhairle. Is ar bhonn deonach do na Ballstáit a bheidh sé cárta páirceála digiteach a eisiúint.
Ardú feasachta agus cosaint sonraí
Beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as daoine faoi mhíchumas a chur ar an eolas faoin gcárta míchumais Eorpach agus faoin gcárta páirceála Eorpach le haghaidh daoine faoi mhíchumas, agus as iad a chur ar an eolas faoi na coinníollacha speisialta atá ag dul dóibh.
De réir an téacs a chomhaontaigh na Ballstáit, cuirfear an fhaisnéis ábhartha maidir le cárta míchumais Eorpach agus le cárta páirceála Eorpach le haghaidh daoine faoi mhíchumas ar fáil ar shuíomh gréasáin an Aontais. Beidh sé ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus i bhformáidí inrochtana.
Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir leis an gcosaint sonraí a fheabhsú. Soiléirítear i dtéacs na Comhairle go ndéanfar na sonraí atá sa chárta digiteach a chriptiú agus a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe. Ina theannta sin, bainfear grianghraf agus síniú shealbhóir an chárta den chárta fisiciúil.
Cúlra agus na chéad chéimeanna eile
Is cuid de straitéis an Aontais maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 í an treoir atá beartaithe. Cuirtear, léi, lenar foghlaimíodh ó thionscadal píolótach maidir le cárta míchumais Eorpach, a reáchtáladh in 8 mBallstát, agus ó chárta páirceála Eorpach arb ann cheana dó le haghaidh daoine faoi mhíchumas, a bunaíodh ar scéim dheonach de chuid an Aontais a bhí ann roimhe sin.
Glacadh an togra ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair agus rinneadh dianobair ó shin i leith ag an leibhéal teicniúil laistigh den Chomhairle chun seasamh caibidlíochta a bhaint amach. Meastar go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht maidir le cruth deiridh na treorach a luaithe is féidir, nuair a chaithfidh Parlaimint na hEorpa vóta ar a sainordú ag tús 2024.