Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí
Tá bacainní fós ar go leor daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar chúram sláinte, oideachas, poist, fóillíocht, agus páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil. Ceapann beagnach leath de dhaonra an Aontais go bhfuil idirdhealú bunaithe ar mhíchumas forleathan ina dtír féin
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair chun a chinntiú go mbeidh gach duine faoi mhíchumas in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- leas a bhaint as a gcearta, lena gcuirtear an tsaorghluaiseacht san áireamh
- a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus sa gheilleagar
- nach ndéantar idirdhealú orthu
Cé mhéad duine san Aontas atá faoi míchumas?
Bhí 24% de dhaonra an Aontais a bhí os cionn 16 bliana d’aois faoi mhíchumas de chineál éigin in 2024.
De réir shonraí Eurostat, is é sin 90 milliúnduine nó duine fásta as ceathrar san Aontas.
Céatadán na ndaoine faoi mhíchumas i dtíortha an Aontais
Léirítear sa léarscáil thíos céatadán na ndaoine faoi mhíchumas de réir tíre (ó Eurostat a thagann na sonraí agus tagraíonn siad do 2024). Is féidir leat an luchóg a chur thar na ciorcail chun na céatadáin a bhaineann le gach tír a fheiceáil. Is ag an Laitvia atá an sciar is airde de dhaoine faoi mhíchumas (41.2%), agus an Danmhairg ina diaidh (34.9%).
Léarscáil de chuid an Aontais ar a dtaispeántar céatadán na ndaoine faoi mhíchumas de réir tíre. Is iad seo a leanas na tíortha a raibh an sciar is airde de dhaoine faoi mhíchumas acu in 2024:
- an Laitvia: 41.2 %
- an Fhionlainn: 34.9 %
Dá aosta thú, is ea is dóchúla go mbeidh tú faoi mhíchumas
Léirítear sa ghraf seo sciar na ndaoine faoi mhíchumas de réir aoisghrúpa in 2024.
Barrachairt chothrománach ina léirítear sciar na ndaoine faoi mhíchumas de réir aoisghrúpa in 2024:
- Ó 16 go 19 mbliana: 6.1 %
- Ó 20 go 24 bliana: 7.9 %
- Ó 25 go 34 bliana: 9.8 %
- Ó 35 go 44 bliana: 12.6 %
- Ó 45 go 64 bliana: 23.5 %
- 65 bliana nó níos sine: 47.3 %
Is mó líon na mban faoi mhíchumas ná líon na bhfear
B’airde sciar na mban faoi mhíchumas ná sciar na bhfear sna Ballstáit uile in 2024. Tá 26.2% de dhaonra iomlán na mban faoi mhíchumas, i gcomparáid le 21.5% de dhaonra iomlán na bhfear.
Dhá bharrachairt ar a léirítear sciar na ndaoine faoi mhíchumas de réir inscne agus de réir Ballstáit in 2024. Is iad na tíortha a leanas na tíortha is mó ina raibh difríocht sa chéatadán idir fir agus mná:
- An Laitvia: 6.5 pointe céatadáin
- An Fhionlainn: 6.8 pointe céatadáin
- An Phortaingéil: 9.3 pointe céatadáin
Na deacrachtaí a chuireann as do dhaoine faoi mhíchumas
Duine as beirt den tuairim go ndéantar idirdhealú orthu
Caitear go dona nó go héagórach le go leor daoine faoi mhíchumas mar gheall ar a míchumas. Tugadh le fios i suirbhé Eorabharaiméadair in 2023 go mbraitheann 54% de dhaoine faoi mhíchumas go ndéantar idirdhealú orthu.
Tá beagnach duine as gach cúigear dífhostaithe
Bhí 17.7% de dhaoine faoi mhíchumas idir 20 agus 26 bliana d’aois dífhostaithe in 2020, i gcomparáid le 8.6% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas san aoisghrúpa céanna. Bíonn tionchar aige sin freisin ar easpa neamhspleáchais airgeadais do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá duine as triúr i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta
In 2024, bhí 29% de dhaoine faoi mhíchumas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, i gcomparáid le 18% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas.
Fágann duine as cúigear an scoil go luath
Fágann dhá oiread níos mó daoine faoi mhíchumas an scoil go luath i gcomparáid le daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Freastalaíonn go leor daoine óga faoi mhíchumas ar scoileanna speisialta agus bíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an oideachas príomhshrutha agus oiliúint phríomhshrutha: ní fhaigheann ach 29% céim threasach (oideachas iar-mheánscoile) i gcomparáid le 44% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas.
4 oiread is dóchúla nach gcomhlíonfar a gcuid riachtanas cúraim sláinte
Tá sé de cheart ag gach duine cúram sláinte coisctheach agus cóir leighis a fháil, ach is minic a bhíonn cúram sláinte róchostasach, i bhfad ar shiúl agus faoi réir amanna feithimh fada do dhaoine faoi mhíchumas.
Déantar foréigean ar dhuine as cúigear
Is iad daoine faoi mhíchumas, go háirithe mná, daoine scothaosta agus leanaí, is mó atá i mbaol go ndéanfar foréigean nó drochíde orthu, sa bhaile agus in institiúidí cúraim araon: Rinneadh foréigean ar 17% de dhaoine faoi mhíchumas, i gcomparáid le 8% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas.
Féach freisin
Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta
Cárta míchumais Eorpach
Neamh-idirdhealú
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Iúil 2026