Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 27-28 Samhain 2023

Na príomhthorthaí

Dé Luain, an 27 Samhain 2023

Cárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas

Chomhaontaigh na hairí seasamh na Comhairle (‘cur chuige ginearálta’) maidir leis an treoir lena mbunaítear an cárta míchumais Eorpach agus an cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas.

Leis an treoir, déanfar an tsaorghluaiseacht a éascú do dhaoine faoi mhíchumas san Aontas trí rochtain chomhionann ar choinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas le linn gearrfhanachtaí, táillí iontrála laghdaithe nó iontráil in aisce, cúnamh agus spásanna páirceála áirithinte, mar shampla.

Anuas air sin, tabharfar isteach cárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála Eorpach caighdeánaithe do dhaoine faoi mhíchumas, agus beidh fáil orthu araon i bhformáidí inrochtana agus dátheangacha. Aithneofar an cárta míchumais Eorpach ar fud an Aontais mar chruthúnas ar mhíchumas.

Pablo Bustinduy, Aire na Spáinne um Chearta Sóisialta, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Clár Oibre 2030
Thángamar ar chomhaontú le Ballstáit an Aontais maidir le cárta míchumais Eorpach nua agus cárta páirceála Eorpach nua le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Coinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach a mbaineann daoine faoi mhíchumas leas astu ina dtír chónaithe, cuirfear ar fáil iad do shaoránaigh eile an Aontais atá faoi mhíchumas agus atá ag taisteal chuig an tír sin nó ag tabhairt cuairt uirthi ar feadh tréimhse ghearr. Is taithí luachmhar, thaitneamhach é an taisteal san Aontas agus ba cheart rochtain éasca a bheith ag gach saoránach den Aontas air, gan eisceacht.
Pablo Bustinduy, Aire na Spáinne um Chearta Sóisialta, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Clár Oibre 2030
Pablo Bustinduy, Aire na Spáinne um Chearta Sóisialta, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Clár Oibre 2030

Ina theannta sin, d’fhormheas na hairí conclúidí maidir le tuarascáil speisialta 20/23 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas, ag meabhrú dóibh an gealltanas maidir le feabhas a chur ar shaol daoine faoi mhíchumas laistigh den Aontas Eorpach. Leagtar béim sna conclúidí ar an ngá atá le sonraí níos fearr agus níos inchomparáide chomh maith leis an ngá atá le hoibriú chun aitheantas frithpháirteach do stádais míchumais le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta a bhaint amach.

An Seimeastar Eorpach 2024: An chómhargáil ghlas

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an Seimeastar Eorpach, is é sin creat an Aontais chun beartais eacnamaíocha, fhioscacha, fostaíochta agus shóisialta a chomhordú agus a fhaire ar bhonn bliantúil.

Thug na hairí dá n-aire an cur i láthair ón gCoimisiún maidir le Pacáiste Fómhair an tSeimeastair Eorpaigh 2024, an dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht san áireamh; glacfaidh EPSCO an tuarascáil sin i mí an Mhárta 2024 agus cuimseofar léi, den chéad uair, anailís tíre chéad chéime ar mhargadh an tsaothair, ar scileanna agus ar fhorbairtí sóisialta chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóineasú sóisialta aníos a bhrath.

Ina dhiaidh sin, bhí plé acu maidir leis an gcómhargáil ghlas. Phléigh siad conas is féidir leis an gcómhargáil ghlas a bheith ag gabháil le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta, trí thaithí náisiúnta agus dea-chleachtais a roinnt. Leag go leor de na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú agus gur gné ríthábhachtach é an t-idirphlé sóisialta i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Ba é tátal na Comhairle gur cheart dul i gcomhairle go gníomhach le gnólachtaí agus le hoibrithe agus iad a rannpháirtiú chun go n-éireoidh leis an aistriú sin.

Ina theannta sin, d’fhormhuinigh Comhairle EPSCO na príomhtheachtaireachtaí ón gCoiste Fostaíochta agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an mholta maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a fhormhuiniú. De réir na bpríomhtheachtaireachtaí sin, tá tús curtha ag na Ballstáit le dul i ngleic leis na dúshláin chasta a eascraíonn as an aistriú glas; tá difríochtaí suntasacha mar sin féin idir tíortha maidir leis na beartais a cuireadh chun feidhme. Beidh sé ríthábhachtach tuilleadh faireacháin agus meastóireachta a dhéanamh ar bhearta maidir leis an aistriú cóir chun cinntí beartais a threorú amach anseo.

An daonlathas ag an obair agus claochlú na seirbhísí cúraim

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le tuilleadh daonlathais ag an obair agus cómhargáil ghlas le haghaidh obair chuibhiúil agus fás inbhuanaithe cuimsitheach. Leagtar béim sna conclúidí ar a thábhachtaí atá sé cineálacha éagsúla daonlathais a fhorbairt ag an obair sa reachtaíocht náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta, tríd an idirphlé sóisialta.

Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cuimsiú gnéithe comhshaoil sa chómhargáil a chur chun cinn a thuilleadh agus rannchuidiú, ar an gcaoi sin, leis an gcómhargáil ghlas a fhorbairt ar an leibhéal trasearnála, earnála agus cuideachta, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le haistriú córas cúraim ar feadh an tsaoil i dtreo samhlacha tacaíochta iomlánaíocha, duinelárnaithe agus pobalbhunaithe a bhfuil gné na hinscne ag baint leo. I measc rudaí eile, iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit seirbhísí inacmhainne luathchúraim leanaí agus oideachais a chur ar fáil, agus aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe cúraim oilte.

Gníomhaíocht an Aontais i gcoinne an chiníochais

Bunaithe ar nóta stiúrtha a d’ullmhaigh an Uachtaránacht, rinne na hairí a marana ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais 2020-2025. Díríodh an díospóireacht ar an gciníochas struchtúrach agus ar phróifíliú neamhdhleathach ciníoch. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin sa reachtaíocht agus sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais.

Leag siad béim ar an ngá atá le céimeanna gníomhacha chun fadhb an chiníochais a chomhrac agus thug siad gealltanas maidir le leanúint de réitigh éifeachtacha a lorg ar leibhéal an Aontais agus i ngach Ballstát araon.

Comhaid reachtacha reatha

Faoin mír ‘aon ghnó eile’, chuir Uachtaránacht na Spáinne eolas ar fáil maidir le cúig chomhad reachtacha reatha agus maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ina leith:

  • an treoir maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais (Airteagal 19)
  • an treoir maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais (Airteagal 157)
  • an rialachán maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le daonra agus tithíocht
  • an treoir maidir le teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus dé-isicianáití
  • an treoir maidir le hobair ardáin

Cúrsaí eile

Thug an Uachtaránacht eolas maidir le comhdhálacha agus cruinnithe ardleibhéil a eagraíodh le linn a téarma i réimsí na fostaíochta, na sochaí agus an chomhionannais. Go háirithe, chuir sí i láthair an obair a rinneadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí comhionannais inar díríodh ar an bhforéigean in aghaidh na mban; tionóladh an cruinniú in Pamplona an 24 Samhain 2023. Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún eolas ar fáil maidir leis an mBliain Eorpach um Scileanna.

Grianghraif de thriúr: fear dall agus madra, bean i gcathaoir rotha agus buachaill a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta aige a bhfuil taca á úsáid aige.
Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Dé Máirt, an 28 Samhain 2023

Infheistíocht shóisialta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le ról na n-infheistíochtaí sóisialta agus na n-athchóirithe gaolmhara, agus maidir le bearta chun beartais shóisialta atá bunaithe ar fhianaise a chur chun feidhme.

D’fhormhuinigh an Chomhairle an tuairim ón gCoiste Fostaíochta agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta, mar a thíolaic a gcathaoirligh í, maidir le breisluach na hinfheistíochta sóisialta agus ról chomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle EPSCO i rialachas an tSeimeastair Eorpaigh.

Tá an tuairim mar chuid den obair chun tacú leis na hairí cur chuige comhordaithe a fhorbairt maidir le hinfheistíochtaí sóisialta, gan réamhbhreith a dhéanamh ar thoradh an phlé atá ar siúl faoi láthair maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, faoi Chomhairle ECOFIN.

De réir ráiteas a d’eisigh an fhoireann trí Uachtaránacht (an Spáinn, an Bheilg, an Ungáir), ní thugtar le tuiscint le formhuiniú na tuairime seo go bhformhuinítear creat um chóineasú sóisialta a thabhairt isteach sa Seimeastar Eorpach.

Digiteáil i gcomhordú na slándála sóisialta

D’fhormheas airí EPSCO conclúidí maidir le digiteáil i gcomhordú na slándála sóisialta, chun feidhmiú cearta slándála sóisialta san Aontas a éascú agus an t-ualach riaracháin a laghdú. Leagtar amach sna conclúidí bealaí chun tuilleadh oibre a dhéanamh i réimse na digiteála i gcomhordú na slándála sóisialta agus iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a chinntiú go gcuirfear roinnt tionscnamh chun feidhme sa réimse sin.

Cúrsaí eile

Thug an Uachtaránacht eolas maidir le comhdhálacha agus cruinnithe ardleibhéil a eagraíodh le linn a téarma maidir le hábhair na cosanta sóisialta agus an chuimsithe shóisialta.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin athbhreithniú ar na rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (883/04 agus 987/09).

Chuir an Coimisiún a chlár oibre do 2024 i láthair freisin, chuir sé eolas ar fáil maidir leis an bpacáiste maidir le soghluaisteacht scileanna agus tallainne agus chuir sé na hairí ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí san Úcráin.

I seisiún neamhphoiblí, chuir Uachtaránacht inteachta na Beilge a clár oibre i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025