Cárta míchumais Eorpach
Is fusa a bheidh sé do dhaoine faoi mhíchumas gluaiseacht gan aon bhac san Aontas. Éascófar leis an gcárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála rochtain ar a gcearta agus ar choinníollacha fabhracha i ngach tír san Aontas.
Cárta míchumais Eorpach
Cruthúnas ar mhíchumas
Is minic a chuirtear as do dhaoine faoi mhíchumas de bharr nach n-aithnítear a gcárta náisiúnta míchumais ná a ndeimhniú náisiúnta míchumais nuair a bhíonn siad thar lear i dtíortha san Aontas.
Cruthúnas ar an stádas míchumais a bheidh sa chárta míchumais Eorpach nua a aithneofar aon áit san Aontas.
Coinníollacha speisialta agus cóir fhabhrach
Agus an cárta á úsáid acu, ba cheart rochtain a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar na coinníollacha speisialta céanna agus ar an gcóir fhabhrach chéanna a thugtar do chónaitheoirí na tíre ar a dtugann siad cuairt.
De ghnáth, cuireann tíortha an Aontais coinníollacha speisialta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag úsáid iompar poiblí agus tugann siad cóir fhabhrach dóibh ag imeachtaí agus gníomhaíochtaí cultúrtha, fóillíochta agus spóirt. Mar shampla, má thugtar cuairt ar mhúsaem nó má fhreastalaítear ar cheolchoirm.
Tá buntáistí éagsúla ann ar fud na mBallstát, agus d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leo:
- saoriontráil
- praghsanna laghdaithe
- rochtain tosaíochta
- cúnamh pearsanta
- braille nó treoracha fuaime
- áiseanna soghluaisteachta
- ainmhithe cúnaimh
Critéir incháilitheachta
Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta i ngach Ballstát a eiseoidh an cárta míchumais Eorpach. Is ar thíortha an Aontais a bheidh an fhreagracht as na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta chun stádas míchumais a dheonú a chinneadh.
Formáid
Cuirfear an cárta ar fáil i bhformáid fhisiciúil agus i bhformáid dhigiteach. Beidh na Ballstáit in ann cártaí dátheangacha a eisiúint, ina mbeidh an Béarla agus a dteangacha náisiúnta. D’fhéadfaidís freisin cód QR a chur ar na cártaí, arb í an uirlis cur chun feidhme is éifeachtaí agus is éasca í chun an chalaois a chosc.
Cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
Is ann do chárta páirceála an Aontais Eorpaigh cheana do dhaoine faoi mhíchumas. Ar an drochuair, ní aithnítear an cárta atá ann faoi láthair i gcónaí i mBallstáit eile mar gheall ar na difríochtaí formáidithe atá ann ó Bhallstát go Ballstát.
Tiocfaidh leagan feabhsaithe den chárta páirceála Eorpach a bhfuil formáid choiteann aige in ionad na gcártaí náisiúnta chun a gcur chun feidhme agus an t‑aitheantas frithpháirteach aonfhoirmeach ar fud an Aontais a chinntiú.
Cearta agus saoráidí páirceála fabhracha
Leis an gcárta páirceála Eorpach, cinnteofar go mbeidh rochtain ag gach duine faoi mhíchumas aitheanta ar chearta agus saoráidí fabhracha páirceála na tíre ar a bhfuil siad ag tabhairt cuairte.
Mar shampla:
- spásanna páirceála leathnaithe
- spásanna páirceála in áirithe
- táille laghdaithe pháirceála
- rochtain ar chriosanna tráchta atá srianta
Formáid
Eiseoidh na Ballstáit an cárta páirceála Eorpach i bhformáid fhisiciúil, agus beidh an rogha acu an cárta a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach freisin.
Sochair
Táthar ag súil go ndéanfaidh an cárta míchumais Eorpach nua agus an cárta páirceála Eorpach feabhsaithe do dhaoine faoi mhíchumas an méid seo a leanas:
an t-aitheantas frithpháirteach a bhaineann leis an stádas míchumais a shimpliú
an tsaorghluaiseacht ar fud an Aontais a éascú
rochtain ar na coinníollacha fabhracha céanna le cónaitheoirí na tíre óstaí a éascú
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha, fóillíochta agus spóirt a spreagadh
cosc a chur ar bhrionnú cárta nó ar chalaois
i ndeireadh na dála, sochaí níos cuimsithí a bhaint amach
Cathain a bheidh na cártaí ar fáil?
I mí Dheireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle dhá threoir lena mbunaítear an cárta míchumais Eorpach agus an cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas.
Maidir leis an dá threoir, beidh 2.5 bhliain ag Ballstáit an Aontais chun a reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú agus 3.5 bliana chun an treoir a chur i bhfeidhm.
- An bealach réitithe ag an gComhairle agus ag an bParlaimint le haghaidh cárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas (preaseisiúint, an 8 Feabhra 2024)
- Cárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas: treoracha nua glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Deireadh Fómhair 2024)
Míchumas san Aontas
Measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil 30 milliún duine san Aontas Eorpach faoi mhíchumas aitheanta agus gur féidir leo, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as coinníollacha speisialta agus as an gcóir fhabhrach.
Meastar, áfach, go bhfuil líon na ndaoine a deir go bhfuil teorainneacha acu i ngnáthghníomhaíochtaí mar gheall ar chineál éigin míchumais i bhfad níos airde.
Léirítear i sonraí Eurostat, ó 2024, go bhféadfadh míchumas de chineál éigin a bheith ar 24% de dhaonra an Aontais atá os cionn 16 bliana d’aois. Is ionann sin agus 90 milliún duine nó duine as gach ceathrar san Aontas.
Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Bochtaineacht agus eisiamh sóisialta
Is iomaí éagothroime idir daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Is mó é an baol bochtaineachta agus baol an eisiaimh shóisialta do dhaoine faoi mhíchumas, cuir i gcás. In 2024, bhí 29% de dhaoine faoi mhíchumas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, i gcomparáid le 18% de dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas.
Chuige sin, is mian le tíortha an Aontais rochtain a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas ar na coinníollacha speisialta a bhfuil siad ina dteideal agus iad ag taisteal ar fud an Aontais.
Is mó an baol bochtaineachta nó baol an eisiaimh shóisialta do dhaoine atá faoi mhíchumas
Léirítear sa ghraf seo céatadán na ndaoine faoi mhíchumas atá i mbaol bochtaineachta nó i mbaol an eisiaimh shóisialta, i gcomparáid le daoine nach bhfuil faoi mhíchumas (tagraíonn na sonraí do 2024).
Léirítear sa dá bharrachairt céatadán na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine nach bhfuil faoi mhíchumas agus atá i mbaol bochtaineachta nó i mbaol an eisiaimh shóisialta, de réir tíre in 2024.
Is iad seo a leanas na tíortha ina bhfuil an bhearna is mó idir daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil faoi mhíchumas:
- an Eastóin (difríocht 21.3 pointe céatadáin)
- an Liotuáin (difríocht 24.2 pointe céatadáin)
- an Chróit (difríocht 24.5 pointe céatadáin)
Is iad seo a leanas na tíortha ina bhfuil an bhearna is lú idir daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil faoi mhíchumas:
- an tSeicia (difríocht 6.9 pointe céatadáin)
- an Iodáil (difríocht 6.4 pointe céatadáin)
- an tSlóvaic (difríocht 3.5 pointe céatadáin)
An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Nollaig 2025