"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Earnáil feirmeoireachta iomaíoch de chuid an Aontais atá bunaithe ar chomhbheartas talmhaíochta atá dírithe ar fheirmeoirí: conclúidí formheasta ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle d’aon toil tacar conclúidí maidir le comhbheartas talmhaíochta (CBT) a bheidh dírithe ar fheirmeoirítar éis 2027, i dtreo talmhaíocht amach anseo san Aontas a bheidh iomaíoch, inbhuanaithe, fabhrach d’fheirmeoirí, eolasbhunaithe agus a sheasfaidh an aimsir i gcás géarchéime.
Sna conclúidí a d’fhormheas 27 n-aire talmhaíochta an Aontais, cuirtear in iúl a thábhachtaí atá CBT chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus leagtar béim ar na príomhspriocanna a bhaineann leis an tslándáil bia a áirithiú, agus caighdeán cóir maireachtála á ráthú ag an am céanna don phobal talmhaíochta, agus praghsanna réasúnta á ráthú do thomhaltóirí.
Léirítear sna conclúidí gach a bhfuil an Chomhairle ag súil leis maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a bheidh ann amach anseo, lena ndírítear ar earnáil iomaíoch a bheidh dírithe ar fheirmeoirí, arb é ceann de thosaíochtaí uileghabhálacha Uachtaránacht na hUngáire é. Iarrtar sna conclúidí go mbeadh acmhainní tiomnaithe agus iomchuí ann do CBT chun freagairt go héifeachtúil dá chuspóirí iolracha agus áitítear go gcoinneofaí CBT ar leithligh agus neamhspleách ina mbeadh dhá cholún. Ba cheart go leanfadh íocaíochtaí díreacha de bheith ag tacú le cobhsaíocht ioncaim na bhfeirmeoirí. Leagann siad béim freisin ar ár dtiomantas réitigh agus dreasachtaí nithiúla a chur ar fáil chun tacú le feirmeoirí san aistriú glas.
István Nagy, Aire Talmhaíochta na hUngáire
CBT amach anseo atá dírithe ar an bhfeirmeoir
Leag na 27 n-aire talmhaíochta béim ar thábhacht straitéiseach CBT agus ar an ról atá aige maidir leis an tslándáil agus an tsábháilteacht bia a chinntiú.
Sa chomhthéacs sin, thug siad dá n-aire go bhfuil gá le hacmhainní agus ionstraimí atá tiomnaithe, iomchuí do CBT chun freagairt go héifeachtúil dá chuspóirí iolracha, agus d’áitigh siad go gcoinneofaí CBT ar leithligh agus neamhspleách ina mbeadh dhá cholún. Chuir na hairí i bhfios go láidir gur cheart do CBT, trí íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí agus trí chineálacha eile tacaíochta, cuidiú lena chinntiú go mbeidh ioncam cobhsaí ag feirmeoirí agus dreasachtaía chur ar fáil dóibh chun cur leis anaistriú glas.
Chomhaontaigh an Chomhairle freisin gur cheart go leanfadh an fhorbairt tuaithe de ról láidir a bheith aici i struchtúr CBT trí thacú le hinmharthanacht na gceantar tuaithe.
An t-iomaíochas a fheabhsú agus seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a fheabhsú
D’aithin an Chomhairle go bhfuil sé tábhachtach feabhas a chur ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair bia, ar dháileadh an bhreisluacha agus trédhearcacht mhéadaithe agus luach saothair cothrom a áirithiú d’fheirmeoirí. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá cobhsaíocht ioncaim na bhfeirmeoirí chun gníomhaíochtaí talmhaíochta agus táirgeadh bia atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a choinneáil ar bun i réigiúin uile an Aontais.
D’aithin na hairí talmhaíochta freisin an treocht dhiúltach maidir le líon na bhfeirmeoirí atá ag dul in aois agus a thábhachtaí atá athnuachan leordhóthanach ó ghlúin go glúin. Chomhaontaigh na hairí gur cheart an tacaíocht d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua a neartú, chun a chinntiú go leanfaidh an earnáil de bheith tarraingteach do na glúine atá le teacht. Ina theannta sin, leagadh béim ar fheirmeacha beaga agus ar rannpháirtíocht na mban san earnáil mar ghnéithe tábhachtacha d’inmharthanacht na gceantar tuaithe.
Chuir an Chomhairle i dtreis freisin go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí chun an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn.
Samhail seachadta atá fabhrach don fheirmeoir
Iarrtar sna conclúidí go mbeadh rialacha a bheadh níos fabhraí d’fheirmeoirí ann agus leagtar béim ar an ngá atá leis an rómhaorlathas a laghdú agus na nósanna imeachta a shimpliú.
I ndáil leis an méid sin, d’iarr na hairí go mbeadh nós imeachta simplithe agus brostaithe ann chun pleananna straitéiseacha náisiúnta CBT a fhormheas agus a leasú agus chun oibleagáidí tuairiscithe d’fheirmeoirí a éascú.
Chuir an Chomhairle i dtábhacht gur cheart an córas faireacháin agus meastóireachta a bheith níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos simplithe, agus nár cheart don chóras rialaithe ná smachtbhannaí líon na seiceálacha a dhéantar ar an láthair a mhéadú.
Dreasachtaí a chur ar fáil d’fheirmeoirí le haghaidh an aistrithe ghlais
D’aithin airí talmhaíochta an Aontais go bhfuil ról ríthábhachtach ag feirmeoirí san aistriú glas agus gur cheart do CBT leanúint de bheith ag cabhrú leis an earnáil agus í ag aistriú i dtreo cleachtais níos inbhuanaithe. Measann an Chomhairle gur cheart dreasachtaí leordhóthanacha a bheith ag feirmeoirí chun na críche sin.
Leag na hairí béim ar an ngá atá ann an chothromaíocht cheart idir an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht shóisialta agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil a chinntiú.
Talmhaíocht an Aontais a sheasfaidh an aimsir i gcás géarchéime
D’aithin an Chomhairle go bhfuil iomaíochas na talmhaíochta buailte ag an méadú atá ag teacht ar líon na dteagmhais aimsire urghnácha, chomh maith le ráigeanna de ghalair ainmhithe agus leathadh lotnaidí plandaí.
Meastar go bhfuil uirlisí bainistithe riosca agus bearta oiriúnaithe don athrú aeráide bunriachtanach chun athléimneacht na hearnála a áirithiú.
Ina theannta sin, chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéileálann údaráis náisiúnta agus réigiúnacha le géarchéimeanna, d’iarr an Chomhairle go mbeadh níos mó solúbthachta ann maidir le hionstraimí CBT a úsáid. Leagadh béim freisin ar an ngá atá le nósanna imeachta níos tapúla agus níos simplí chun tacú le feirmeoirí i gcás teagmhais aimsire eisceachtúla.
Taighde agus nuálaíocht
Tá ról lárnach ag an taighde agus an nuálaíocht maidir lenár gcuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach agus maidir lena áirithiú go mbeidh bia inbhuanaithe, sláintiúil agus inacmhainne ar fáil do shaoránaigh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá cur chuige eolasbhunaithe i leith na talmhaíochta.
Leagtar béim sna conclúidí freisin ar a thábhachtaí atá an geilleagar ciorclachagus an bithgheilleagar chun tacú leis an aistriú glas in earnáil na feirmeoireachta agus in earnáil na foraoiseachta.
Na chéad chéimeanna eile
Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún nua na conclúidí a chur san áireamh nuair a bheidh na tograí reachtacha atá ar na bacáin maidir le CBT tar éis 2027 á n-ullmhú aige mar go mbeidh an téacs ina threoir pholaitiúil chuige sin.
Iarrtar ar an gCoimisiún freisin na conclúidí ón gComhairle a mheas nuair a bheidh an Fhís don talmhaíocht agus do bhia á hullmhú aige, fís bheidh le foilsiú sna chéad 100 lá den Choimisiún nua.
Cúlra
I bhfianaise na dtograí reachtacha ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir le CBT a bheidh ann amach anseo, chuir an Chomhairle tús leis an bpróiseas chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán don talmhaíocht. Cloch mhíle thábhachtach sa phróiseas sin iad na conclúidí ina bhfuil teachtaireachtaí soiléire, aontaithe ó na hairí talmhaíochta.
I mí Mheán Fómhair 2024, bhí lón neamhfhoirmiúil ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh inar pléadh torthaí an idirphlé straitéisigh maidir le todhchaí thalmhaíocht an Aontais, a thionscain an Coimisiún darb aidhm deireadh a chur leis na díospóireachtaí faoin talmhaíocht agus faoin aistriú glas.
I mí an Mheithimh 2024, d’fhormheas Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle sraith conclúidí ón Uachtaránacht maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas, agus thacaigh 26 Bhallstát leo.
Na conclúidí ón gComhairle a d’fhormhuinigh an Chomhairle d’aon toil, mar mhír gan phlé, eisíodh iad roimhe seo mar chonclúidí ón Uachtaránacht le linn chruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí Dheireadh Fómhair, nuair a thacaigh 26 Bhallstát leo.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas: