Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 20 Bealtaine 2025 13:15

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an 17ú pacáiste smachtbhannaí comhaontaithe ag an Aontas

Ghlac an Chomhairle an 17ú pacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair lena gcuirtear deireadh le rochtain na Rúise ar phríomhtheicneolaíocht mhíleata agus lena gcuirtear srian le hioncam fuinnimh na Rúise a chuireann lena cogadh foghach ar an Úcráin, trí dhíriú go mór ar ‘scáthchabhlach’ tancaer ola na Rúise, a n-oibreoirí, chomh maith le mórtháirgeoir ola de chuid na Rúise.

Tá an 17ú pacáiste sin mar chuid de shraith beart atá níos leithne fós de chuid an Aontais lena ndírítear freisin ar ghníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise, ar sháruithe inmheánacha ar chearta an duine agus ar an úsáid a bhaineann fórsaí na Rúise as gníomhairí rialaithe círéibe san Úcráin, faoi thrí chóras smachtbhannaí eile.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus cathaoirleach na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Is é an babhta smachtbhannaí seo ar an Rúis an ceann is fairsinge ó thús an chogaidh, mar aon le smachtbhannaí nua hibrideacha, iad siúd a bhaineann le cearta an duine agus le hairm cheimiceacha. Sa 17ú pacáiste seo, áirítear Surgutneftegas - mórchuideachta ola Rúiseach - chomh maith le beagnach 200 soitheach i scáthchabhlach na Rúise. Cé go bhfuil Putin ag ligean air go bhfuil spéis aige sa tsíocháin, tá níos mó smachtbhannaí ar na bacáin. Bíonn iarmhairtí tromchúiseacha ann do ghníomhaíochtaí na Rúise agus dóibh siúd a chuireann ar chumas na Rúise a leithéid a dhéanamh. Dá fhad a leanfaidh an Rúis ar aghaidh lena cogadh neamhdhleathach brúidiúil, is amhlaidh is déine a bheidh ár bhfreagairt.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus cathaoirleach na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus cathaoirleach na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Cumhdaítear an méid seo a leanas leis na bearta a comhaontaíodh:

‘Scáthchabhlach’ na Rúise

Ghlac an Chomhairle an pacáiste is mó a ghlac sí riamh a dhíríonn ar scáthchabhlach Putin, rud a fhágann go bhfuil dhá oiread an líon soithí ar liosta na soithí atá faoi réir toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt agus faoi réir toirmeasc ar sholáthar réimse leathan seirbhísí. Díríodh ar 189 soitheach de thionscnamh tríú tíortha, rud a fhágann go bhfuil 342 shoitheach ainmnithe san iomlán. Tá na soithí sin mar chuid de ‘scáthchabhlach’ na Rúise, agus tá siad freagrach as ola Rúiseach a iompar agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta agus ardriosca á gcleachtadh acu, nó as tacú le hearnáil fuinnimh na Rúise. Beartaítear le bearta sriantacha ar an scáthchabhlach go gcuirfear deireadh lena acmhainneacht oibríochtúil, rud a laghdóidh an t-ioncam ola a thacaíonn le geilleagar cogaidh na Rúise.

Ina theannta sin, forchuireann an tAontas smachtbhannaí aonair (reo sócmhainní agus toirmeasc ar chistí a chur ar fáil) lena ndírítear ar éiceachóras an scáthchabhlaigh, is é sin ar ghníomhaithe a chumasaíonn oibriú an scáthchabhlaigh. Cumhdaítear leis na bearta sin cuideachtaí loingseoireachta atá freagrach as amhola agus táirgí ola a iompar ar muir agus a dhéanann cleachtais chontúirteacha ar muir agus ola na Rúise á hiompar acu, eintitis ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ón Tuirc agus ó Hong Cong ina measc. Áirítear ar an liosta freisin árachóir tábhachtach amháin de chuid thionscal loingseoireachta ola na Rúise.

Tá laghdú €38 mbilliún tagtha ar ioncam ábhartha na Rúise ón tráth ar thug an tAontas an chaidhp phraghais ar ola isteach agus ar cuireadh na smachtbhannaí ar an scáthchabhlach. Bhí ioncam na Rúise i mí an Mhárta 2025 13.7% níos ísle ná mar a bhí i mí an Mhárta 2023 agus 20.3% níos ísle ná mar a bhí i mí an Mhárta 2022.

Fuinneamh

Chun srian breise a chur le foinsí ioncaim na Rúise, tá bearta sriantacha á bhforchur ag an Aontas freisin ar Surgutneftegaz, ar mórchuideachta ola Rúiseach í a chuireann ioncam suntasach ar fáil do rialtas na Rúise, rud a chuireann go díreach lena iarrachtaí cogaidh. Tá cuideachta thábhachtach loingseoireachta ola de chuid na Rúise liostaithe freisin.

An earnáil thionsclaíoch mhíleata

Tá smachtbhannaí á bhforchur ag an Aontas ar níos mó ná45chuideachtaagus daoine aonair Rúiseacha a chuireann ladrainn, airm, armlón, trealamh míleata, comhpháirteanna criticiúla agus tacaíocht lóistíochta ar fáil d’arm na Rúise.

Agus leas iomlán á bhaint as an gcreat dlíthiúil treisithe a glacadh sa 16ú pacáiste, tá an tAontas ag díriú freisin ar chumasóirí tionsclaíocha, mar shampla eintitis Rúiseacha agus Shíneacha a sholáthraíonn meaisín-uirlisí d’earnáil mhíleata agus thionsclaíoch na Rúise.

Leanann an tAontas freisin d’aghaidh a thabhairt ar thacaíocht ó thríú tíortha trí thrí eintiteas de chuid na Síne a chur leis an liosta – eintitis atá faoi úinéireacht an stáit san áireamh eintiteas de chuid na Bealarúise agus eintiteas de chuid Iosrael a chuireann comhpháirteanna criticiúla ar fáil d’fhórsaí míleata na Rúise, lena n-áirítear chun ladrainn a tháirgeadh.

Chuir an Chomhairle 31 eintiteas nua le liosta na n-eintiteas sin atá faoi réir srianta onnmhairiúcháin níos déine maidir le hearraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, mar gheall ar an tacaíocht a thugann siad do choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise ina cogadh foghach ar an Úcráin. Tá cuid de na heintitis sin lonnaithe i dtríú tíortha (an tSeirbia, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Tuirc, Vítneam agus an Úisbéiceastáin) agus bhí baint acu le teacht timpeall ar shrianta ar onnmhairiú, lena n-áirítear maidir le haerárthaí gan foireann nó meaisín-uirlisí faoi ríomhrialú uimhriúil.

Thug an tAontas isteach freisin srianta breise ar onnmhairiú earraí a chuireann le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise, le forbairt a hearnála cosanta agus slándála agus le forbairt nó táirgeadh a córas míleata, réamhtheachtaithe ceimiceacha d’ábhair fuinneamhachais agus páirteanna spártha le haghaidh meaisín-uirlisí san áireamh.

Críocha faoi fhorghabháil

Díríonn an tacar liostuithe freisin ar chreachadh na hoidhreachta cultúrtha sa Chrimé agus ar shaothrú neamhdhleathach tháirgeacht talmhaíochta na hÚcráine.

Foilsíodh na gníomhartha dlíthiúla ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus 75 liostú nua curtha leo (17 nduine agus 58 n-eintiteas), tá feidhm anois ag bearta sriantacha an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin maidir le breis agus 2400 duine aonair agus eintiteas. Tá na daoine atá ainmnithe faoi réir reo sócmhainní agus tá cosc ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh. Lena chois sin, tá daoine nádúrtha faoi réir toirmeasc taistil, rud a chuireann bac orthu dul isteach nó idirthuras a dhéanamh trí chríocha Bhallstáit an Aontais.

Cúlra

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas daingean an Aontais tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus dá muintir.

D'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go dtacaíonn sí le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta agus leag sí béim ar a thábhachtaí atá an prionsabal nach féidir tabhairt faoi aon tionscnamh a bhaineann leis an Úcráin gan an Úcráin í féin a bheith páirteach ann.

Tá an tAontas Eorpach faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

Léarscáil stílithe den Úcráin i ndathanna bhratach na hÚcráine. Ar thaobh na láimhe deise, tá réaltaí bhratach an Aontais.
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin (eolas cúlra)

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin (eolas cúlra)

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Bealtaine 2025