Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha agus an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 20 Bealtaine 2025

Na príomhthorthaí

Ba í Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a bhí mar chathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, agus thug sí Airí Cosanta an Aontais le chéile ar maidin, agus Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais le chéile san iarnóin.

Cogadh na Rúise ar an Úcráin/tacaíocht ón Aontas don Úcráin

Phléigh airí cosanta an Aontais tacaíocht mhíleata ón Aontas don Úcráin tar éis aitheasc físchomhdhála ó Aire Cosanta na hÚcráine, Rustem Umerov, ag a raibh Ardrúnaí ECAT, Mark Rutte, i láthair.

Dhírigh siad ar rannchuidiú a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh le ráthaíochtaí slándála don Úcráin, i gcomhthéacs na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag Comhghuaillíocht na dTíortha Toilteanacha, agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme thionscnamh an Ardionadaí maidir le ‘tacaíocht mhíleata fheabhsaithe don Úcráin’, arb é is aidhm dó 2 mhilliún urchar armlóin mhórchalabra a chur ar fáil don Úcráin in 2025.

San iarnóin, bhí Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, i gcuideachta airí gnóthaí eachtracha an Aontais ar feadh tamaill bhig, agus thug sé cothrom le dáta iad maidir leis na forbairtí taidhleoireachta atá ar bonn go leanúnach, lena n-áirítear na cinn tar éis an chruinnithe sa Tuirc.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Sos cogaidh iomlán gan choinníoll atá mar phríomhthosaíocht againn i gcónaí. Chomhaontaigh an Úcráin leis an sos cogaidh cheana féin breis agus 60 lá ó shin, ach in ionad teacht ar shíocháin, tá bobanna fós á mbualadh ag an Rúis agus tá sí ag cur lena hionsaithe. Níl de rogha fágtha ach tuilleadh brú a chur ar an Rúis dul i mbun caibidlíochta dáiríre.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Ghlac an Chomhairle an 17ú pacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair lena gcuirtear deireadh le rochtain na Rúise ar phríomhtheicneolaíocht mhíleata agus lena gcuirtear srian le hioncam fuinnimh na Rúise a chuidíonn lena cogadh foghach ar an Úcráin, trí dhíriú go mór ar ‘scáthchabhlach’ tancaer ola na Rúise, a n-oibreoirí, chomh maith le mórtháirgeoir ola de chuid na Rúise.

Ina theannta sin, thug David O’Sullivan, toscaire smachtbhannaí an Aontais, an Chomhairle cothrom le dáta maidir leis na smachtbhannaí agus thug Daniel Markić, Stiúrthóir an Lárionaid Faisnéise agus Staide (INTCEN), eolas di faoin tionchar eacnamaíoch atá ag smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis.

Ullmhacht cosanta

Phlé airí an Aontais ullmhacht cosanta agus dhírigh siad ar chur chun feidhme an Pháipéir Bháin maidir le Cosaint na hEorpa - Ullmhacht 2030, agus an Plean ReArm Europe.

Dhírigh na hairí ar na réimsí cumais tosaíochta sainaitheanta a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach, agus ar an gcaoi a bhféadfaí iad a chur chun feidhme i dtionscadail nithiúla chomhoibríocha a thairbhíonn ó sholáthar comhpháirteach freisin.

Dúirt an tArdionadaí nach mór dul chun cinn a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh nuair a bheidh an Chomhairle Eorpach agus cruinniú mullaigh ECAT araon ar siúl.

D’fhógair sí freisin go bhfuil Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais a chlúdaíonn suas le 5,000 saighdiúir oibríochtúil anois, agus gur céim shuntasach í sin i gcumas an Aontais gníomhú go tapa agus go cinntitheach aon uair a bhíonn géarchéim ann.

An staid sa Mheánoirthear, an tSiria san áireamh

Bhí seisiúin tuairimíocht ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an Meánoirthear, tráth a bhfuil oibríochtaí míleata Iosrael á ngéarú agus a bhfuil an staid dhaonnúil in Gaza ag dul go mór in olcas.

Dhearbhaigh an tArdionadaí nach mór don chabhair fáil tríd láithreach, gan bhac agus ar mórscála, agus gur cuireadh an seasamh sin in iúl do chontrapháirtí Iosrael, do na Náisiúin Aontaithe agus do cheannairí réigiúnacha.

Is léir ón bplé go bhfuil tromlach mór i bhfabhar athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 2 dár gcomhaontú comhlachais le hIosrael. Dá bhrí sin, cuirfimid tús leis an gcleachtadh seo agus, idir an dá linn, is faoi Iosrael atá sé an chabhair dhaonnúil a dhíbhlocáil. Caithfear díriú ar bheatha daoine a shábháil mar phríomhthosaíocht.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Maidir leis an tSiria, d’fhógair an tArdionadaí gur chomhaontaigh airí an Aontais deireadh a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíocha uile agus iad siúd a bhaineann le réimeas Assad agus le sáruithe ar chearta an duine a choinneáil ag an am céanna. Chuir sí in iúl gur féidir dul siar ar an gcinneadh sin agus go bhfuil sé ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar.

Ní bheidh síocháin ann gan conair chun téarnamh eacnamaíoch. An tSiria a bheith cobhsaí - sin atá uainn go léir.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh an Chomhairle freisin an staid i gcampaí Da’esh agus in ionaid choinneála in oirthuaisceart na Siria, agus d’fhógair an tArdionadaí go mbainfear úsáid as pacáiste airgeadais dar luach €18 milliún chun feabhas a chur ar dhálaí sna campaí.

Plé agus cinntí eile

D’fhógair an tArdionadaí go raibh conradh ar fiú €5.5 milliún á ullmhú leis an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais, agus go dtacóidh sin leis an obair a dhéanann Radio Free Europe.

Chomhaontaigh an Chomhairle sraith leathan beart de chuid an Aontais lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise, ar sháruithe inmheánacha ar chearta an duine agus ar an úsáid a bhaineann fórsaí na Rúise as gníomhairí rialaithe círéibe san Úcráin, faoi thrí chóras smachtbhannaí eile.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hÉimin inar chuir sí in iúl gur cúis mhór imní di an staid sa tír, agus iarrann sí móiminteam athnuaite sna hiarrachtaí síochána.

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena dtugtar cead do chomhordaitheoir thionscadal ‘Cónaidhmeanna Cibear-Raonta’ de PESCO a iarraidh ar an Eilvéis páirt a ghlacadh sa tionscadal míleata seo.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig Airí Cosanta an Aontais le chéile ag Bhord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) faoi chathaoirleacht an Ardionadaí Kaja Kallas ina cáil mar Cheann na Gníomhaireachta.

D’fhormhuinigh Airí Cosanta an Aontais sintéis na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint ar thionscadail, gníomhaíochtaí agus tograí chun trealamh cosanta a fháil go comhpháirteach sa ghearrthéarma, i gcomhréir le céadliosta na réimsí tosaíochta a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025 agus leis an bPáipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta Eorpach 2030.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Bealtaine 2025