Earnáil na tionsclaíochta
Faigh amach mar atá an tAontas tiomanta d’iomaíochas a chuid tionscal a fheabhsú agus do spleáchais a laghdú.
I bhfianaise líon mór dúshlán casta, tá an tAontas ag gníomhú chun a bhonn tionsclaíoch a neartú gur iomaíche, uathrialaithí agus athléimní a bheidh sé.
Tá an tAontas ag obair freisin chun lorg a chuid tionscal a laghdú.
Tacaíocht do thionscail an Aontais
Cuimsítear an méid seo a leanas ar thionscal an Aontais:
Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i roinnt earnálacha ríthábhachtacha, trí thacú le hoiliúint a chur ar fáil don lucht saothair agus trí scileanna speisialaithe a fhorbairt san áireamh.
Uathriail straitéiseach
Chun smacht a choinneáil ar a thodhchaí, tá an tAontas ag iarraidh a spleáchais theicneolaíocha agus thionsclaíocha a laghdú, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a éagsúlú agus trí thacú le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha nua i réimsí straitéiseacha.
Margadh aonair athléimneach
Ag tarraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim a bhí ann le déanaí, tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí na Straitéise Eorpaí maidir le tionsclaíocht athléimneacht an mhargaidh aonair a neartú.
Tá an tAontas ag obair ar conas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an tionchar a bheidh ag suaitheadh amach anseo a réamh-mheas, ullmhú dó agus freagairt air
- tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide trí bhearta saincheaptha a chur i bhfeidhm
- a margadh aonair a chomhlánú agus a dhoimhniú a thuilleadh
An Margadh Aonair
Tionscail a dhéanamh níos glaine
Tá an tAontas ag obair chun lorg na dtionscal Eorpach a laghdú gan cur isteach ar a bhfás.
Tá rialacha comhchoiteanna leagtha síos ag tíortha an Aontais, mar shampla, chun teorainn a chur le hastaíochtaí a ghintear trí ghníomhaíochtaí tionsclaíocha a dhéanann dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol.
An scéala is déanaí
- Súil chun cinn: an 21 Meán Fómhair-an 4 Deireadh Fómhair 2026
- CTA: beart spriocdhírithe comhaontaithe ag an gComhairle chun earnálacha dianfhuinnimh a chosaint ar sceitheadh carbóin
- Méadú: Chuir an Albáin agus an tAontas clabhsúr sealadach ar an gcaibidlíocht maidir le heolaíocht agus taighde, oideachas agus cultúr, agus caidreamh seachtrach
Na blaisíní breise is déanaí
Tionscal sliseanna an Aontais
An compás iomaíochais
Beartas tionsclaíoch an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Meán Fómhair 2026