An gníomh um amhábhair chriticiúla: cor cinniúnach don Aontas
Le rialacha an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla, cuidítear leis na hábhair atá riachtanach do gheilleagar na hEorpa a dhaingniú, tacaítear le tionscail straitéiseacha agus neartaítear ag an am céanna cumas an Aontais foinsí soláthair a eastóscadh, a phróiseáil, a athchúrsáil agus a éagsúlú.
An tábhacht a bhaineann le hamhábhair chriticiúla
Tá méadú suntasach le teacht ar éileamh an Aontais ar tháirmhiotail, ábhair ceallraí, dúile tearc-chré agus acmhainní eile, i bhfianaise a bhfeidhmeanna leathana i roinnt tionscal atá ag fás, lena n-áirítear córais fuinnimh ghlain a fhorbairt agus infheistíocht mhéadaithe i sliseanna, sa spás, sa chosaint agus in earnálacha ardteicneolaíochta eile.
Tá coigeartú déanta ag an Aontas ar a sheasamh straitéiseach chun rochtain a fháil ar amhábhair a mheastar a bheith criticiúil.
An 23 Bealtaine 2024, tháinig an gníomh um amhábhair chriticiúla i bhfeidhm. Tá sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt go córasach ar spleáchas an Aontais ar sholáthairtí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, athléimneacht thionsclaíoch na hEorpa a neartú agus an baol go gcuirfí isteach ar an soláthar, rud a dhéanann difear do phríomhearnálacha an gheilleagair, a laghdú.
A bhfuil i gceist le hamhábhair chriticiúla
Spleáchas a laghdú agus soláthar a chinntiú
Is é is aidhm don ghníomh um amhábhair chriticiúla spleáchas an Aontais ar sholáthróirí amhábhar straitéiseach ó thríú tír a laghdú. Chuige sin, leagtar síos ann ceithre thagarmharc neamhcheangailteacha, atá le comhlíonadh faoi 2030, le haghaidh gach ceann de na 17 n‑amhábhar straitéiseacha a sainaithníodh.
10% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais le teacht ó eastóscadh san Aontas.
40% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais le teacht ó phróiseáil san Aontas.
25% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais le teacht ó athchúrsáil.
Ní sholáthróidh aon tír amháin nach Ballstát den Aontas í níos mó ná 65% d’aon amhábhar straitéiseach.
An slabhra soláthair a mhúnlú
Tógann sé tamall tionscadail amhábhar criticiúil nua a thabhairt chun críche. Leagtar amach sa ghníomh um amhábhair chriticiúla amlínte uaillmhianacha do riaracháin phoiblí agus iarrtar ar na Ballstáit pointí teagmhála aonair a chur ar bun chun moilleanna a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart stádas tosaíochta a shannadh do thionscadail straitéiseacha chun dlús a chur le nósanna imeachta riaracháin.
Tionscadail straitéiseacha
Is uirlis lárnach den ghníomh um amhábhair chriticiúla iad tionscadail straitéiseacha. Is infheistíochtaí iad na tionscadail sin sa mhianadóireacht, sa phróiseáil agus san athchúrsáil agus tá siad ainmnithe ag an gCoimisiún mar thosaíocht do shlándáil soláthair an Aontais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann.
Sna Ballstáit, bainfidh tionscadail a bhfuil an stádas sin acu tairbhe as an méid seo a leanas:
- deonú ceadanna níos tapúla
- rochtain níos éasca ar mhaoiniú
- tacaíocht pholaitiúil níos láidre
Cé go soláthraítear formhór na n-amhábhar criticiúil ó thíortha thar lear, agus ón tSín den chuid is mó, faightear roinnt amhábhair chriticiúla laistigh den Aontas féin. Is aidhm lárnach de chuid an ghnímh um amhábhair chriticiúla é an bonn intíre sin a leathnú, chomh maith le comhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta le haghaidh tionscadail thar lear.
D'eascair 60 tionscadal as an gcéad bhabhta ainmniúchán, a cuireadh i gcrích in 2025: cuireadh 47 díobh ar bun i 13 Bhallstát de chuid an Aontais, agus cuireadh 13 eile díobh ar bun i dtíortha comhpháirtíochta. Le chéile, cumhdaíonn siad 14 cinn de na 17 n-amhábhar straitéiseacha.
Ceadú níos tapúla
Bhí ceadú i gcónaí ar cheann de na príomhbhacainní ar thionscadail amhábhar a fhorbairt san Eoraip.
Leis an ngníomh um amhábhair chriticiúla, tugtar isteach amlínte ceangailteacha le haghaidh cinntí maidir le ceadanna agus ceanglaítear ar gach Ballstát pointe teagmhála aonair a bhunú d’fhorbróirí tionscadail, rud a chuirfidh bealach níos soiléire agus níos tapúla ar fáil trí phróisis náisiúnta.
Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta: bonn na soláthróirí a leathnú
Chun an soláthar a éagsúlú, ní mór caidreamh iontaofa a chothú le raon leathan tíortha, ionas nach féidir le haon soláthróir aonair cur isteach ar thionscal na hEorpa.
San áireamh ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais maidir le hamhábhair, tá comhaontuithe foirmiúla agus comhpháirtíochtaí ag céimeanna éagsúla forbartha.
Ó thús 2026 ar aghaidh, tá comhpháirtíochtaí straitéiseacha bunaithe ag an Aontas le 16 thír: an Afraic Theas, an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an Chasacstáin, an Ghraonlainn, an Iorua, an Namaib, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an tSaimbia, an tSeirbia, an tSile, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Úcráin, agus an Úisbéiceastáin.
I mí na Samhna 2025, shínigh an tAontas comhpháirtíocht um thrádáil agus infheistíocht ghlan leis an Afraic Theas, lena n-áirítear meabhrán tuisceana maidir le slabhraí luacha mianraí criticiúla agus miotal (an chonair iomlán ó bhaint mianraí go táirge críochnaithe, lena n-áirítear mianadóireacht, próiseáil, monarú, iompar agus athchúrsáil).
Soláthar an Aontais a dhaingniú a thuilleadh
An 4 Márta 2026, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar an ngníomh um amhábhair chriticiúla. Is é is aidhm do na leasuithe sin atá beartaithe slándáil soláthair an Aontais a neartú agus ciorclaíocht na n-amhábhar criticiúil a fheabhsú mar fhreagairt ar bhrúnna geopholaitiúla atá ag dul i méid a dhéanann difear don rochtain ar na hacmhainní sin.
Ag tógáil ar phlean gníomhaíochta RESourceEU ón gCoimisiún a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2025, féachtar leis na hathruithe atá beartaithe an acmhainneacht athchúrsála a mhéadú agus an margadh tánaisteach d’amhábhair chriticiúla a neartú, go háirithe úsáid buanmhaighnéad a bhíonn in úsáid in earnálacha straitéiseacha, ar nós an tionscail gluaisteán, tionscal na hintleachta saorga agus tionscal na cosanta.
Ina theannta sin, leis an seasamh ón gComhairle:
- déantar foráil maidir le fógra a thabhairt do na Ballstáit agus do bhoird cuideachtaí i gcás rioscaí a dhéanann difear do sholáthar amhábhar criticiúil
- soiléirítear cumhachtaí an Choimisiúin maidir le bearta a mholadh arb é is aidhm dóibh rioscaí soláthair a mhaolú
- is féidir pasanna táirge a úsáid chun ceanglais faisnéise a bhaineann le buanmhaighnéid a chomhlíonadh
Déanfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint cruth deiridh na ndlíthe a chaibidil agus a phlé.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Lúnasa 2026