Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 24 Meán Fómhair 2026

Na príomhthorthaí

An Gníomh um Shliseanna 2.0 – díospóireacht bheartais

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin Rialachán maidir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna 2.0, a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 3 Meitheamh 2026, agus arb é is aidhm dó tionscal leathsheoltóirí na hEorpa a neartú, spleáchais eachtracha a laghdú, agus borradh a chur faoin éileamh áitiúil ar shliseanna.

<p>Peter Burke, Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta na hÉireann</p>

Tá sé léirithe ag an Aontas go bhféadfaidh sé na billiúin a shlógadh le haghaidh leathsheoltóirí – ach ní leor infheistíocht léi féin má táimid fós ag brath ar shliseanna a dhéantar in áiteanna eile. Ní mór don chéad ghníomh eile um shliseanna fíorcheannasacht a dhéanamh den uaillmhian atá againn. I rás domhanda na hintleachta saorga agus na n-ardteicneolaíochtaí, ní fhéadfaidh an Eoraip a bheith ina custaiméir amháin. Ní mór dúinn a bheith inár gceannródaithe.

<p>Peter Burke, Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta na hÉireann</p>

Peter Burke, Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta na hÉireann

Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh do na Ballstáit cuspóirí an Ghnímh um Shliseanna 2.0 agus leag siad béim ar an ngá atá le héiceachóras leathsheoltóirí, athléimneacht agus iomaíochas na hEorpa a neartú. Leagadh béim sa phlé ar a thábhachtaí atá sé spleáchais straitéiseacha a laghdú agus margaí oscailte agus an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta iontaofa á gcoinneáil ar bun ag an am céanna. D’iarr na toscaireachtaí go mbeadh cur chuige comhsheasmhach ann sa slabhra luacha leathsheoltóirí ina mbeadh na Ballstáit uile rannpháirteach, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus éiceachórais atá ag teacht chun cinn, agus leag siad béim ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhíriú ar réimsí ina bhfuil cumais láidre agus acmhainneacht láidir ceannaireachta ag an Eoraip. Mhol na toscaireachtaí roinnt príomhréimsí tosaíochta, lena n-áirítear leathsheoltóirí cumhachta, fótónaic, teicneolaíochtaí candamacha, iolphacáistiú, dearadh sliseanna, teicneolaíochtaí seanbhunaithe agus ardábhair. Chuir roinnt airí i bhfios go láidir freisin gur gá dlús a chur leis an aistriú ón taighde agus ón nuálaíocht go tionsclaíocht agus glacadh sa mhargadh, infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh, rochtain ar amhábhair chriticiúla a dhaingniú agus scileanna agus buanna a neartú. Ag an am céanna, d’iarr siad go mbeadh rialacha simplí, comhréireacha agus intuartha ann, lena seachnófaí ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo, agus go ndéanfaí dlúthchomhordú le tionscnaimh agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais.

Treoirlínte maidir le rialú cumasc – Seisiún tuairimíochta

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an athbhreithniú ar na dréacht-treoirlínte. Is é is aidhm do na dréacht-treoirlínte, a cuireadh ar fáil don phobal an 30 Aibreán 2026, breis agus fiche bliain d’fhorfheidhmiú in aghaidh trustaí agus cásdlí a chomhdhlúthú i gcreat aonair lena dtugtar tús áite don iomaíochas domhanda, don nuálaíocht agus don athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach. I ndiaidh tréimhse comhairliúcháin phoiblí a tugadh i gcrích i mí an Mheithimh 2026, meastar go nglacfar na treoirlínte go críochnaitheach faoi dheireadh na bliana.

Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh do na Ballstáit na dréacht-treoirlínte athbhreithnithe, agus d’aithin siad gur gá an creat a nuachóiriú i bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar an margadh, agus chun iomaíochas an Aontais a neartú. Leagadh béim sa phlé go raibh tacaíocht ann go fairsing chun an nuálaíocht, deiseanna uas-scálaithe, an athléimneacht, an inbhuanaitheacht agus éifeachtúlachtaí a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ba dhíol sásaimh do roinnt mhaith airí an sciath nuálaíochta atá beartaithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú. Ag an am céanna, dúirt roinnt airí go neamhbhalbh gur cheart go gcomhlánódh na critéir nua sin forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta agus cosaint tomhaltóirí agus FBManna, seachas iad a chur de dhroim seoil. Ar deireadh, d’iarr roinnt airí go mbeadh soiléireacht níos fearr ann le hanailís nithiúil ar thairbhí eacnamaíocha don mhargadh inmheánach, agus treoir d’oibreoirí margaidh chun deimhneacht dhlíthiúil, intuarthacht agus trédhearcacht a chinntiú.

An tslándáil eacnamaíoch a leabú i mbeartas iomaíochais an Aontais — díospóireacht lóin

Le linn an lóin, bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir leis an tsaincheist ‘an tslándáil eacnamaíoch a leabú i mbeartas iomaíochais an Aontais’.

Aon ghnó eile

Faoi aon ghnó eile, chuir na hairí ar an eolas faoi na 11 saincheist seo a leanas:

  • Chuir Uachtaránacht na hÉireann na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha seo a leanas:

‑ an Gníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht

- an Rialachán maidir leis an 28ú córas i gcomhair dhlí na gcuideachtaí (EU Inc.)

an Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Iomaíochas

  • Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le tionscadail éagsúla na n-amhábhar criticiúil.
  • Chuir toscaireachtaí na hOstaire, na Seice, na hUngáire agus na Polainne agus na Slóvaice na hairí ar an eolas faoin athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) ó thaobh Iomaíochais de.
  • Chuir toscaireachtaí na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Slóvaice, na Spáinne agus na Polainne a gcuid smaointe i láthair maidir le plean gníomhaíochta Eorpach d’earnáil na bhfearas tí.



  • Chuir toscaireacht na Gearmáine na hairí ar an eolas faoi chruinniú na comhghuaillíochta aireachta le haghaidh tionscail dianfhuinnimh, cruinniú a bhí ar siúl ar imeall chomhairle COMPET.



  • D’iarr toscaireachtaí na Seice, na Fraince, na hUngáire, na hIodáile, na hÍsiltíre, na Portaingéile, na Slóvaice agus na Slóivéine go gcuirfí chun feidhme go pras na príomh-mholtaí a d’eisigh comhghuaillíocht ceimiceán criticiúil an Aontais.
  • Chuir toscaireachtaí na Polainne, na Seice, na hUngáire agus na Slóvaice na hairí ar an eolas faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a thagann faoin Treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh atá ina bac ar iomaíochas thionscail na hEorpa.



  • Chuir toscaireachtaí na Laitvia agus na Bulgáire na hairí ar an eolas faoi chreat ‘de minimis’ níos freagrúla.



  • Chuir toscaireacht na Beilge, na Fraince, na hÍsiltíre agus na Polainne na hairí ar an eolas faoin rialachán Eorpach maidir le táirgí atá ar na bacáin.



  • Chuir toscaireachtaí na hOstaire, na Beilge, na Seice, na hÍsiltíre, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Laitvia, Lucsamburg, na Polainne agus na Slóvaice a dtuairimí i láthair maidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (RGBD).



  • Chuir toscaireacht na Polainne na hairí ar an eolas faoi thionchar an Rialacháin maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (PPWR) ar an Margadh Aonair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Meán Fómhair 2026