Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta na mBallstát le chéile chun dlíthe an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh.
Príomhphointí
- 9 Deireadh Fómhair 2026
An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le príomhbhearta chun margaí caipitil an Aontais a neartú
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an bpacáiste um chomhtháthú agus maoirseacht an mhargaidh, ar príomhthionscnamh é faoin aontas coigiltis agus infheistíochta. Is é is aidhm do na bearta nua bacainní ar infheistíocht trasteorann a laghdú, rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do ghnólachtaí an Aontais agus níos mó deiseanna infheistíochta a chruthú do shaoránaigh, agus ar an gcaoi sin iomaíochas na hEorpa a neartú.
Is ag Éirinn atá uachtaránacht na Comhairle faoi láthair
Is ag Éirinn atá uachtaránacht na Comhairle faoi láthair agus beidh an cúram sin uirthi go dtí an 31 Nollaig 2026. Is é seo an t-ochtú huachtaránacht aici. I bpáirt léi ar an bhfoireann trí Uachtaránacht an uair seo tá an Liotuáin agus an Ghréig. Is é an buanphrionsabal ‘ní neart go cur le chéile’ a bheidh mar threoir ag Uachtaránacht na hÉireann.
A mbíonn ar bun ag an gComhairle
Airí rialtais na 27 mBallstát atá i gComhairle an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chomhairle’ go minic). Is í an reachtóireacht príomhchúram na Comhairle.
Tá sí freagrach freisin as buiséad an Aontais a ghlacadh, beartais a chomhordú, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais agus comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a fhorbairt.
Is aon eintiteas dlíthiúil amháin í Comhairle an Aontais Eorpaigh. Ach go praiticiúil, tagann na hairí le chéile sa Chomhairle i ngrúpaí téamacha éagsúla, ar a dtugtar foirmíochtaí na Comhairle.
Réimsí oibre
-
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
-
An Chomhairle Comhshaoil
-
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO)
-
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
-
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
-
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
-
An Chomhairle Iomaíochais
-
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
-
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
-
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An dóigh a oibríonn an Chomhairle
Glacfaidh na hairí rialtais náisiúnta reachtaíocht an Aontais ag cruinnithe de chuid na Comhairle. Sula vótálfaidh airí na mBallstát ar shaincheist, déanfaidh comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle í a scrúdú agus a phlé ar dtús. Maidir le formhór na reachtaíochta, cinnfidh an Chomhairle i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus is faoin ngnáthnós imeachta reachtach a dhéanfar é seo.
Is í uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá freagrach as obair na Comhairle a chur chun cinn agus bíonn uachtaránacht na Comhairle ar a seal féin ag gach Ballstát ar feadh tréimhse 6 mhí.
Pléitear gach mír sna comhlachtaí ullmhúcháin (na meithleacha agus Coreper) sula ndéanfaidh na hairí cinneadh ina leith.
Is comhreachtóirí iad an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i bhformhór réimsí beartais an Aontais. Glacfaidh an Chomhairle cinntí freisin chun seasaimh pholaitiúla a chur in iúl.
Baineann an Chomhairle úsáid as ceann de thrí chineál éagsúla córais vótála: an tromlach cáilithe, an tromlach simplí agus an aontoilíocht. An tromlach cáilithe a úsáidtear den chuid is mó.
Is í uachtaránacht na Comhairle a leagfaidh amach an clár oibre agus a chuirfidh obair na Comhairle chun cinn. Bíonn uachtaránacht na Comhairle ar a seal féin ag gach Ballstát.
Tionóltar breis agus 4 000 cruinniú ar an meán gach bliain ar leibhéil éagsúla na Comhairle. Cruinnithe aireachta thart ar 70 go 80 díobh. Is sa Bhruiséil, den chuid is mó, a thionóltar cruinnithe na Comhairle, seachas i mí an Aibreáin, mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair nuair is i Lucsamburg a thionóltar iad.
Stair
Garspriocanna na Comhairle óna bunú.
-
1958
25 EanáirTháinig an Chomhairle ar an bhfód
Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle CEE agus ba faoi chathaoirleacht Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge a bhí sé.
-
1993
1 SamhainConradh Maastricht
Le Conradh Maastricht, cruthaíodh réimsí nua beartais, mar shampla an comhbheartas eachtrach agus slándála agus an ceartas agus gnóthaí baile.
-
2009
1 NollaigConradh Liospóin
Cuirtear síneadh, faoi Chonradh Liospóin, leis an vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh na cinnteoireachta i dtionól na Comhairle.