Skip to content

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Sa Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, comhordaítear beartais an Aontais a bhaineann leis an tsoghluaisteacht, an t-iompar, an digiteáil, na líonraí teileachumarsáide agus an fuinneamh.

Sa Chomhairle seo, oibrítear chun margaí agus bonneagar atá nua-aimseartha, iomaíoch agus éifeachtúil a bhunú sna hearnálacha sin.

Is é is aidhm di freisin tacú le forbairt na ngréasán tras-Eorpach iompair, cumarsáide agus fuinnimh.

Sa phictiúr, léirítear comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite – tuirbín gaoithe, painéil ghréine agus deilbhín de cheallra mar léiriú ar an stóráil fuinnimh.

Réimsí oibre na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Is é is aidhm don Chomhairle aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an intleacht shaorga ach a húsáid á cur chun cinn mar sin féin.

Chun timpeallacht dhigiteach athléimneach a thógáil; tá an Chomhairle ag obair chun cur le cumas na hEorpa cibirionsaithe a chosc, a chomhrac agus teacht slán uathu.

Is mian leis an gComhairle feabhas a chur ar bhonneagar digiteach agus athléimneacht an Aontais agus a chinntiú go mbainfidh an Eoraip lántairbhe as na deiseanna a thugann Chlár an deacáid dhigiteach.

Oibríonn an Chomhairle chun borradh a chur faoin tslándáil fuinnimh agus chun feidhmiú cuí agus comhtháthú breise mhargaí fuinnimh an Aontais a chinntiú trí idirnaisc a chur chun cinn.

Déanann an Chomhairle a dícheall córas iompair níos nasctha, níos sábháilte, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do phaisinéirí agus do lasta araon.

Dírítear sa Chomhairle seo freisin ar chearta paisinéirí a chosaint sna modhanna iompair éagsúla.

Mar a dhéanann an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh a cuid oibre

Ag brath ar an gclár oibre, tiocfaidh an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (TTE) le chéile i gcomhdhéanaimh éagsúla.

An t-iompar

Is iad airí iompair na mBallstát atá sa Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar). Dírítear ar bheartais iompair, lóistíochta, bhonneagair agus soghluaisteachta, lena n-áirítear cearta paisinéirí mar aon le córais iompair inbhuanaithe a chur chun cinn. Tagann siad le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad.

An fuinneamh

Is iad airí fuinnimh na mBallstát atá sa Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh). Dírítear ar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, an t-aistriú chuig fuinneamh glan agus an idirnascacht idir margaí fuinnimh an Aontais a chur chun cinn. Tagann siad le chéile trí huaire nó ceithre huaire sa bhliain.

An teileachumarsáid

Is iad na hairí atá freagrach as an gcumarsáid, an teicneolaíocht faisnéise agus an digiteáil sna Ballstáit atá sa Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid). Dírítear ar fheabhas a chur ar líonraí teileachumarsáide agus ar a n-idir-inoibritheacht, ar chúrsaí iomaíochta agus ar chibearshlándáil na hearnála. Tagann siad le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad.

Glacann coimisinéirí ábhartha an Choimisiún Eorpaigh páirt sna cruinnithe freisin.

Déanann meithleacha ardspeisialaithe agus Coreper I obair ullmhúcháin don Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh.

Clár Oibre Uachtaránacht na hÉireann

Tacóidh an uachtaránacht leis na hiarrachtaí chun Eoraip níos nasctha, níos athléimní agus níos iomaíche a fhorbairt i gcomhréir leis an treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’.

Tacóidh sí le gréasán iompair na hEorpa a fhorbairt mar phríomhchumasóir don iomaíochas, agus oibreoidh sí freisin i dtreo dícharbónú, aistriú cóir in earnáil an iompair agus gréasán iompair atá sábháilte, slán agus athléimneach.

Cuirfidh sí an obair ar nascacht dhigiteach agus ar líonraí digiteacha chun cinn freisin, agus oibreofar chun an chibearshlándáil agus an chibear-athléimneacht a neartú, chomh maith le hinfheistíocht i nascacht teileachumarsáide fomhuirí agus i slándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí. Féachfaidh an uachtaránacht le ceannaireacht an Aontais sa néalríomhaireacht agus san intleacht shaorga a neartú, agus an obair maidir le simpliú digiteach a thabhairt chun cinn.

Ó thaobh fuinnimh de, cuirfidh an uachtaránacht clár oibre fuinnimh an Aontais chun cinn chun fíorshlándáil fuinnimh a fhorbairt, chun tacú le húsáid fuinnimh in-athnuaite dhúchasaigh agus fuinnimh ghlain, agus chun eangacha láidre a úsáid. Rachaidh an uachtaránacht i ngleic freisin le hinacmhainneacht agus slándáil fuinnimh agus tacóidh sí le córas fuinnimh níos leictrithe, níos athléimní agus níos éifeachtúla a fhorbairt lena bhféadfar praghsanna a ísliú do mhuintir na hEorpa.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Iúil 2026