An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Comhordaíonn an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh (AGRIFISH) beartais an Aontais i réimsí a bhaineann le talmhaíocht agus táirgeadh bia, forbairt tuaithe, sláinte ainmhithe agus plandaí, agus bainistiú iascaigh.
Is í an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh a dhéanann beachtú ar bheartas talmhaíochta agus iascaigh an Aontais. Sa Chomhairle seo, oibrítear ar an gcomhbheartas talmhaíochta, ar rialáil an mhargaidh, ar shábháilteacht agus sláinte bia, ar shláinte ainmhithe agus plandaí, agus ar thacaíocht a thabhairt do cheantair thuaithe.
Glacann an Chomhairle reachtaíocht i dtaca leis an mbeartas iascaigh agus déanann sí cinneadh maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta.
Réimsí oibre na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Forbraítear beartais agus reachtaíocht chun bia sábháilte ar ardchaighdeán a chinntiú, chun tacú le feirmeoirí agus le forbairt tuaithe, agus chun an fheirmeoireacht inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhréir leis an gcomhbheartas talmhaíochta.
Glacann an Chomhairle reachtaíocht chun acmhainní iascaigh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Faoin gcomhbheartas iascaigh, rialaítear gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe agus socraítear cuótaí iascaireachta chun stoic éisc a chosaint.
A bhfuil i gceist leis an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Ag brath ar an gclár oibre, tagann airí talmhaíochta nó iascaigh na mBallstát le chéile in dhá chomhdhéanamh éagsúla.
Talmhaíocht
Sa Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh (Talmhaíocht), dírítear ar an gcomhbheartas talmhaíochta, ar inbhuanaitheacht na feirmeoireachta, ar fhorbairt tuaithe, ar shábháilteacht bia agus ar leas na n-ainmhithe.
Iascach
Sa Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh (Iascach), dírítear ar stoic éisc a bhainistiú, lena n-áirítear gabhálacha iomlána incheadaithe bliantúla agus cuótaí iascaireachta náisiúnta a shocrú.
Is gnáth go dtagann an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh le chéile uair sa mhí. Glacann coimisinéirí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh páirt sna cruinnithe freisin.
Is iad Coreper I, an Coiste Speisialta um Thalmhaíocht agus roinnt meithleacha speisialaithe a ullmhaíonn obair na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh.
Cuireann an Coiste Speisialta um Thalmhaíocht idir thacaíocht theicniúil agus tacaíocht ar leibhéal an bheartais ar fáil maidir le hábhair thalmhaíochta, go mór mór maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta. Tá ról lárnach aige in ullmhú an phlé maidir le hathchóirithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta, maidir le fóirdheontais talmhaíochta agus beartais forbartha tuaithe, rud a chuidíonn le tuairimí na mBallstát a ailíniú sula ndéantar cinntí ar leibhéal na Comhairle.
Clár Oibre Uachtaránacht na hÉireann
Tacaíonn Uachtaránacht na hÉireann leis an talmhaíocht agus leis an iascach mar phríomhearnálacha chun slándáil bia a chinntiú, iomaíochas eacnamaíoch a neartú agus pobail tuaithe agus chósta a chothú.
Is é is aidhm dó oibriú chun slite beatha na dteaghlach agus na bpobal feirmeoireachta agus iascaireachta a chosaint agus inbhuanaitheacht chothrom eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil á cur chun cinn ag an am céanna.
Tugann an Uachtaránacht tús áite freisin don tslándáil bia, don iomaíochas, don simpliú, don inbhuanaitheacht agus don athnuachan ó ghlúin go glúin chun earnáil agraibhia agus iascaigh atá athléimneach agus réidh don todhchaí a chinntiú.
Cruinnithe na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Nuacht ábhartha
Teagmhálaithe preasa
-
Magdalena Walczak-Jarosz Press officer
Agriculture and Fisheries
- +32 471 33 57 03
- +32 2 281 80 79
- @Magda_Brussels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Foirmíochtaí uile na Comhairle
-
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
-
An Chomhairle Comhshaoil
-
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO)
-
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
-
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
-
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
-
An Chomhairle Iomaíochais
-
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
-
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
-
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Iúil 2026