An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
Sa Chomhairle seo, déantar tionscnaimh de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun cinn ar mhaithe leis an oideachas agus an oiliúint, rannpháirtíocht na hóige, tacú le cultúir agus leis an gcruthaitheacht, agus rannpháirtíocht sa spórt.
Cuirtear comhar idir na Ballstáit chun cinn ar mhaithe leis na córais oideachais agus oiliúna a bhreisiú, le rannpháirtíocht na hóige a fheabhsú, le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an chlosamhairc agus na meán a neartú, agus ar mhaithe le rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht coirp a chur chun cinn.
Is iad na Ballstáit atá freagrach as na réimsí beartais a bhaineann le Comhairle OOCS.
Réimsí oibre na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Oibrítear chun feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna ar fud an Aontais bunaithe ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh go comhpháirteach, mar shampla, foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a bhaint amach do chách.
Tacaítear le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus oibrítear chun saoirse na meán a ráthú mar aon leis an ilchineálacht chultúrtha a chaomhnú.
Tacaítear le beartais lena gcuirtear an spórt agus gníomhaíocht coirp chun cinn, agus béim á leagan ar chuimsiú agus ar dhea-rialachas sa spórt eagraithe.
Cothaítear cumasú na hóige trí rannpháirtíocht na hóige i bpróisis dhaonlathacha a chur chun cinn, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, agus tacú le soghluaisteacht na hóige.
A bhfuil i gceist leis an gComhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Ag brath ar an gclár oibre, tagann airí na mBallstát atá freagrach as an oideachas, an óige, as cultúr, beartas closamhairc, na meáin agus as an spórt le chéile ag an gComhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt. Tagann sí le chéile i gceithre chomhdhéanamh.
An tOideachas
Tá obair na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Oideachas) ar leibhéal an Aontais á treorú ag tosaíochtaí straitéiseacha a comhaontaíodh go comhpháirteach, mar shampla, foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a chur i gcrích do chách. A bhfuil i gcreat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais a bhaint amach mórsprioc na Comhairle. Is é Erasmus+ clár suaitheanta an Aontais agus is ann a thacaítear leis an tsoghluaisteacht foghlama.
An Óige
Tugann Comhairle OOCS (an Óige) aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an óige, mar shampla, cumasú, cuimsiú, soghluaisteacht, idirphlé agus rannpháirtíocht na hóige.
Cultúr, Closamharc agus na Meáin
Tugann Comhairle OOCS (Cultúr, Closamharc agus na Meáin) aghaidh ar bheartais lena gcuirtear an ilchineálacht chultúrtha agus saoirse na meán chun cinn ar leibhéal an Aontais. Baineann an obair seo le tacaíocht a thabhairt d’earnálacha an chultúir, an chlosamhairc agus na meán, go háirithe tríd an gclár Eoraip na Cruthaitheachta.
An Spórt
Tugann Comhairle OOCS (Spórt) aghaidh ar bheartais agus ar thionscnaimh spóirt. Dírítear ar ghníomhaíocht coirp agus dea-rialachas sa spórt eagraithe a chur chun cinn, agus ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, mar shampla, cúrsaí dópála agus foréigean sa spórt.
Is gnáth go dtagann an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad, i mí na Bealtaine agus i mí na Samhna agus is iondúil gur seisiún 2 lá a bhíonn i gceist.
Is iad Coreper I agus cúig mheitheal speisialaithe a ullmhaíonn obair na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt.
Clár Oibre Uachtaránacht na hÉireann
Cuirfidh uachtaránacht na hÉireann oideachas agus oiliúint ar feadh an tsaoil chun cinn chun luachanna an Aontais a chosaint, iomaíochas a fheabhsú agus na scileanna is gá do ré na hintleachta saorga a thabhairt do shaoránaigh.
Tabharfar tús áite do rannpháirtíocht na hóige trí rochtain níos fearr ar fhaisnéis agus trí idirphlé cuiditheach, agus ag an am céanna, tacófar le hinfheistíocht i dtionscnaimh chultúrtha agus leagfar béim ar oidhreacht chultúrtha agus spóirt na hEorpa.
Díreofar freisin ar shábháilteacht ar líne do leanaí a fheabhsú trí bhearta cosanta a chur chun cinn agus trína chinntiú go léirítear guthanna leanaí i bhforbairt na mbeartas sin.
Cruinnithe na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Nuacht ábhartha
- ‘An Eoraip ar son Cultúir – Cultúr ar son na hEorpa’: gealltanas tugtha ag na hinstitiúidí Eorpacha an cultúr a chur i gcroílár bheartas an Aontais
- AgoraEU: sainordú páirteach comhaontaithe ag an gComhairle maidir le clár nua chun tacú leis an gcultúr, leis na meáin agus le luachanna daonlathacha
- An intleacht shaorga san oideachas: Cur chuige duinelárnach iarrtha ag an gComhairle
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
Employment, Social Policy, Health and Consumer Affairs; Education, Youth, Culture and Sport
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
- @eo_press
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Foirmíochtaí uile na Comhairle
-
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
-
An Chomhairle Comhshaoil
-
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO)
-
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
-
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
-
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
-
An Chomhairle Iomaíochais
-
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
-
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
-
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Iúil 2026