An Chomhairle Comhshaoil
Is í an Chomhairle Comhshaoil atá freagrach as beartas comhshaoil an Aontais, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil, gníomhú ar son na haeráide, úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní agus cosaint do shláinte an duine.
Sa Chomhairle seo, tá airí na mBallstát atá freagrach as an mbeartas comhshaoil; tá sé mar aidhm aici an inbhuanaitheacht a chur chun cinn, acmhainní nádúrtha a chosaint agus comhar maidir le dúshláin chomhshaoil a chur chun cinn i mBallstáit uile an Aontais.
Déantar comhordú freisin ar ghníomhaíocht an Aontais maidir le cúrsaí comhshaoil idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an athrú aeráide.
Réimsí oibre na Comhairle Comhshaoil
Cuidítear le beartais aeráide an Aontais a bheachtú agus a chur chun feidhme, spreagtar iarrachtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, fuinneamh glan a chur chun cinn, agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Neartaítear an geilleagar ciorclach trí bheartais a chur chun cinn lena laghdaítear an dramhaíl, lena spreagtar an athchúrsáil agus an athúsáid, agus lena ndéantar gnáthchleachtas den táirgeadh inbhuanaithe ar fud na hEorpa.
Déantar bearta chun an truailliú a laghdú agus chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.
Cuirtear beartais chun cinn chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint, lena gcinntítear caomhnú agus athbhunú éiceachóras agus speiceas i mBallstáit uile an Aontais.
A bhfuil i gceist leis an gComhairle Comhshaoil
Airí na mBallstát atá freagrach as ábhair a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol atá sa Chomhairle seo. Dírítear ar chosaint an chomhshaoil, ar ghníomhú ar son na haeráide, ar úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus ar chosaint shláinte an duine.
Is gnách go dtagann an Chomhairle le chéile ceithre huaire sa bhliain.
Déanann roinnt meithleacha speisialaithe agus Coreper I obair ullmhúcháin don Chomhairle Chomhshaoil.
Clár Oibre Uachtaránacht na hÉireann
Tacóidh uachtaránacht na hÉireann le haistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní, agus an sprioc atá aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 á cur chun cinn ag an am céanna.
Cuirfidh sí beartais chomhtháite chun cinn lena neartaítear athléimneacht na bithéagsúlachta, agus ualaí riaracháin ar ghnólachtaí á laghdú ag an am céanna gan cuspóirí comhshaoil agus sláinte a chur i mbaol.
Beidh sé d’aidhm ag an uachtaránacht úsáid fhreagrach inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, agus tacóidh sí leis an iltaobhachas chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna idirnasctha an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe.
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
Energy, Environment and climate change
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Foirmíochtaí uile na Comhairle
-
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
-
An Chomhairle Comhshaoil
-
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO)
-
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
-
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
-
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
-
An Chomhairle Iomaíochais
-
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
-
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
-
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Iúil 2026