Skip to content

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Tá an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta freagrach as príomhréimsí beartais trasearnálacha an Aontais agus as cruinnithe na Comhairle Eorpaí a ullmhú.

Bíonn de chúram ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta comhsheasmhacht a chinntiú san obair a dhéanann foirmíochtaí uile na Comhairle. Sa Chomhairle seo, oibrítear ar réimse beartas trasearnála, lena n-áirítear, méadú an Aontais, an buiséad fadtéarmach, an beartas comhtháthaithe, an smacht reachta agus simpliú ar rialacha an Aontais.

Déantar comhordú freisin ar na hullmhúcháin do chruinnithe na Comhairle Eorpaí mar aon leis an obair leantach a dhéantar ina leith.

Léaráid chiorclach ina léirítear gnéithe éagsúla de phrionsabail, cearta agus luachanna an Aontais Eorpaigh, mar aon le sonraí téacsúla agus íomhánna eile.

Réimsí oibre na Comhairle Gnóthaí Ginearálta

Sa Chomhairle seo, déantar maoirseacht ar phróiseas na dtíortha nua a thagann isteach san Aontas agus ar an gcaibidlíocht aontachais, i gcomhréir le cur chuige atá bunaithe ar fhiúntas.

Cinntítear go seasfaidh an tAontas agus na Ballstáit leis an smacht reachta trí roinnt sásraí, lena n-áirítear an t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta.

Oibrítear ar an mbuiséad fadtéarmach (eadhon, an creat airgeadais ilbhliantúil) chun maoiniú a chur ar fáil do thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.

Oibrítear freisin chun luachanna daonlathacha agus an athléimneacht a chosaint, chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn agus an cur isteach eachtrach a chomhrac.

Tá an Chomhairle ag obair chun cearta na saoránach a chosaint agus iomaíocht chóir agus comhar leanúnach a chinntiú i réimsí leasa fhrithpháirtigh leis an Ríocht Aontaithe.

Tá feabhas á chur ag an gComhairle ar an bhforbairt réigiúnach chun poist agus rathúnas a chruthú ar fud an Aontais.

Tá an Chomhairle i gceannas freisin ar shaincheisteanna riaracháin, mar shampla ceapacháin, ainmniúcháin agus clársceidealú reachtach bliantúil a bhaineann le leagan amach institiúideach an Aontais.

Ina theannta sin, is í atá freagrach as caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad, lena n-áirítear, mar shampla, Andóra, an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, agus San Mairíne.

Le déanaí, pléadh

Lámh ina bhfuil snáithe gorm a aistríonn ó shnaidhm thadhlach go líne dhíreach, rud a léiríonn simpliú rialacha an Aontais chun feabhas a chur ar an iomaíochas. Tá doiciméid scaipthe sa chúlra.
Simpliú ar rialacha an Aontais

Simpliú ar rialacha an Aontais

An chaoi a n-oibríonn próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh

An chaoi a n-oibríonn próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh

Buiséad fadtéarmach an Aontais

Buiséad fadtéarmach an Aontais

A bhfuil i gceist leis an gComhairle Gnóthaí Ginearálta

Ag brath ar an gclár oibre, tagann sí le chéile in dhá chomhdhéanamh éagsúla.

Gnóthaí Ginearálta

Na hairí atá freagrach as gnóthaí an Aontais agus, i gcásanna áirithe, na hairí gnóthaí eachtracha atá sa Chomhairle seo. Oibrítear ar réimse beartas trasearnála lena n-áirítear méadú an Aontais, an buiséad fadtéarmach, an smacht reachta agus simpliú rialacha an Aontais. Is gnáth go dtionóltar cruinnithe uair sa mhí, go minic go gairid roimh chruinniú foirmiúil den Chomhairle Eorpach.

Comhtháthú

Na hairí atá freagrach as beartais darb aidhm éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin an Aontais a laghdú (dá ngairtear ‘beartas comhtháthaithe’ freisin) atá sa Chomhairle seo. Déantar faireachán ar chur chun feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Chiste Chomhtháthaithe, an Chiste um Aistriú Cóir, agus Chiste Sóisialta na hEorpa Plus. Is gnáth go dtagann siad le chéile faoi dhó sa bhliain.

Glacann coimisinéirí ábhartha an Choimisiún Eorpaigh páirt sna cruinnithe freisin.

Déanann roinnt meithleacha speisialaithe agus Coreper II obair ullmhúcháin don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta.

An Chomhairle Eorpach a ullmhú

Is í an Chomhairle Eorpach an institiúid pholaitiúil is airde san Aontas, is í seo Comhairle na gceann stáit nó rialtais. Sainítear treo polaitiúil foriomlán agus tosaíochtaí foriomlána an Aontais.

Tagann na ceannairí le chéile ceithre huaire in aghaidh na bliana, ar a laghad, tugtar cruinniú mullaigh air seo; is nós leo freisin teacht le chéile níos minice chun saincheisteanna práinneacha a phlé. Is sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta a ullmhaítear na cruinnithe mullaigh seo agus is inti a dhéantar obair leantach orthu agus ar pé sainchomhad a chuirfidh an Chomhairle Eorpach de chúram uirthi.

Colláis d’Áras Europa agus deilbhín mór socrúcháin taobh thiar de.
Mar a fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach

Mar a fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach

Clár Oibre Uachtaránacht na hÉireann

Tríd an gComhairle Gnóthaí Ginearálta, cuireann Uachtaránacht na hÉireann béim straitéiseach chun cinn ar a príomhthosaíochtaí maidir le hiomaíochas, luachanna agus slándáil, agus cur chuige comhleanúnach á chinntiú ag an am céanna ar fud obair fhoirmíochtaí uile na Comhairle. Cuid lárnach den obair sin is ea an treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ a bhaint amach agus simpliú a chur chun cinn.

Cuireann an Uachtaránacht an obair ar CAI 2028-2034 chun cinn freisin, d’fhonn a chur ar chumas cheannairí an Aontais na cinntí is gá a dhéanamh in 2026.

I measc na dtosaíochtaí eile tá méadú, an smacht reachta, an caidreamh leis an Ríocht Aontaithe, LEE agus CSTE, agus an beartas comhtháthaithe.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Iúil 2026