Skip to content

An Chomhairle Iomaíochais

Sa Chomhairle seo, oibrítear chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus cur leis an bhfás san Aontas.

Tá ról lárnach ag an gComhairle Iomaíochais maidir le reachtaíocht agus beartais an Aontais a fhorbairt agus a ghlacadh arb é is aidhm dóibh an margadh aonair a neartú agus tacú leis an iomaíochas tionsclaíoch.

Oibrítear freisin chun taighde agus nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch a chothú agus chun earnáil spáis agus cláir shuaitheanta an Aontais a fhorbairt.

Trí dheilbhín socrúcháin fite fuaite ina chéile leagtha anuas ar chairt chiorclach le deighleoga dathchódaithe agus cód dénártha.

Réimsí oibre na Comhairle Iomaíochais

Tá sé mar aidhm ag an gComhairle deireadh a chur le bacainní a chuireann bac ar ghluaiseacht trasteorann táirgí agus oibrithe agus ar sholáthar seirbhísí, lena n-áirítear trí chomhchuibhiú teicniúil.

Sa Chomhairle, oibrítear chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus timpeallacht ghnó an Aontais a fheabhsú, go háirithe do FBManna, trí bhorradh a chur faoin rochtain ar chistiú, tríd an rómhaorlathas a laghdú, tríd an nuálaíocht a chothú agus trí mhaoin intleachtúil a chosaint.

Oibrítear freisin chun tomhaltóirí na hEorpa a chosaint agus a chumhachtú agus earraí agus seirbhísí á gceannach acu san Aontas.

Oibrítear chun taighde bunúsach, feidhmeach agus comhoibríoch a neartú agus oibrítear freisin chun an nuálaíocht a chur chun cinn mar spreagadh don iomaíochas, agus an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt a thuilleadh.

Sa Chomhairle, oibrítear chun oibríochtaí spáis sábháilte inbhuanaithe agus cláir shuaitheanta a thacaíonn le huathriail straitéiseach, iomaíochas, slándáil agus aistrithe digiteacha agus glasa na hEorpa a chinntiú.

Tá sé d’aidhm ag an gComhairle margadh aonair digiteach a chruthú lena gcuirfear iomaíocht chóir idir cuideachtaí digiteacha chun cinn, lena spreagfar an nuálaíocht agus lena gcuirfear tairbhí ar fáil do thomhaltóirí.

A bhfuil i gceist leis an gComhairle Iomaíochais

Ag brath ar na hábhair a phléitear, tagann an Chomhairle Iomaíochais (Comhairle COMPET) le chéile i dtrí chomhdhéanamh éagsúla.

An Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht

I gComhairle COMPET (an Margadh Inmheánach agus an Tionsclaíocht), tá airí na mBallstát atá i gceannas ar an ngeilleagar, ar an margadh inmheánach agus ar an tionsclaíocht. Dírítear ar an margadh aonair agus ar bheartais chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás san Aontas. Tagann siad le chéile ceithre huaire, ar a laghad, sa bhliain.

An Spás

I gComhairle COMPET (an Spás), dírítear ar an mbeartas spáis. Déanann na hairí cinntí, mar shampla, maidir le clár spáis an Aontais, lena n-áirítear córas Eorpach um loingseoireacht satailíte dhomhanda (Galileo) agus clár Copernicus um fhaire na Cruinne. Tagann siad le chéile faoi dhó, ar a laghad, sa bhliain.

An Taighde

I gComhairle COMPET (Taighde), déanann na hairí atá freagrach as taighde agus nuálaíocht cinntí a phlé agus a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh Taighde agus an chláir taighde Fís Eorpach atá cistithe ag an Aontas. Tagann siad le chéile faoi dhó, ar a laghad, sa bhliain.

Glacann coimisinéirí ábhartha ón gCoimisiún Eorpach páirt sna cruinnithe freisin.

Tugann roinnt meithleacha speisialaithe agus Coreper I cúnamh don Chomhairle Iomaíochais ina cuid oibre.

Clár Oibre Uachtaránacht na hÉireann

Beidh sé d’aidhm ag uachtaránacht na hÉireann an treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ a chur chun cinn a neartóidh an t-iomaíochas, a tacóidh le tionscail agus a fheabhsóidh athléimneacht eacnamaíoch an Aontais. Díreofar ar an margadh aonair a dhoimhniú agus ar an rialáil a fheabhsú.

Cuirfidh an uachtaránacht an nuálaíocht chun cinn, cabhróidh sí le FBManna dul i mbun fáis, agus neartóidh sí iomaíochas tionsclaíoch inbhuanaithe athléimneach i gcomhréir le spriocanna sóisialta agus aeráide an Aontais.

Is príomhthosaíochtaí iad an taighde agus an nuálaíocht freisin ag an uachtaránacht agus déanfar dul chun cinn orthu tríd an gclár Fís Eorpach agus an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht, agus trí bhorradh a chur faoi earnáil spáis na hEorpa, ar spreagadh straitéiseach don fhás í.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Iúil 2026