An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
Sa Chomhairle seo, dírítear ar gheilleagair láidre athléimneacha a bhaint amach ar fud an Aontais.
Tá an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais freagrach as reachtaíocht agus beartais an Aontais a fhorbairt agus a ghlacadh agus é mar aidhm aici cobhsaíocht airgeadais a chinntiú agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Réimsí oibre na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhordaítear beartais eacnamaíocha náisiúnta chun airgeadas poiblí fónta inbhuanaithe a chur chun cinn, chun athléimneacht a neartú trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus chun easnaimh iomarcacha rialtais a chosc.
Dírítear ar chaighdeáin chánachais do chuideachtaí agus do dhaoine a chomhchuibhiú, tacaítear le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, déantar an chalaois chánach a chomhrac, agus cuirtear rialacha cánach in oiriúint do dhomhan atá ag éirí níos digitithe.
Oibrítear chun aontas na margaí caipitil a dhoimhniú chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag cuideachtaí ar mhaoiniú agus chun deiseanna infheistíochta a leathnú do shaoránaigh.
Oibrítear chun córas baincéireachta slán athléimneach a choinneáil ar bun, chun cobhsaíocht airgeadais agus coigilteas na saoránach a chosaint.
Déantar cúram de ghnéithe dlíthiúla an airgeadra aonair, lena n-áirítear go dtabharfaidh Ballstáit an Aontais an euro isteach.
Glacadh buiséad bliantúil an Aontais agus oibrítear ar acmhainní dílse an Aontais, rud a chinntíonn cistiú do thosaíochtaí an Aontais.
Is í freisin a chomhordaíonn seasaimh an Aontais do chruinnithe idirnáisiúnta, ar nós cruinnithe G20, agus cruinnithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Tá sí freagrach chomh maith céanna as gnéithe airgeadais na caibidlíochta idirnáisiúnta maidir le bearta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
A bhfuil i gceist leis an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Is iad airí na mBallstát uile atá freagrach as gnóthaí eacnamaíocha, airgeadas agus buiséad an Aontais atá sa Chomhairle seo. Tagann an Chomhairle Eacnamaíoch agus Airgeadais le chéile in dhá chomhdhéanamh éagsúla.
Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Is iad airí eacnamaíocha agus airgeadais na mBallstát atá sa Chomhairle seo. Dírítear ar bheartais eacnamaíocha náisiúnta a chomhordú, ar shaincheisteanna cánachais agus ar rialáil seirbhísí airgeadais san Aontas. Is gnách go dtagann siad le chéile uair amháin sa mhí.
Buiséad
Is iad airí na mBallstát atá freagrach as buiséad an Aontais atá sa Chomhairle seo. Is gnách go dtagann siad le chéile uair amháin sa bhliain, ar a laghad, agus é mar aidhm acu buiséad bliantúil an Aontais a ullmhú.
Glacann coimisinéirí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh páirt sna cruinnithe freisin.
Déanann roinnt meithleacha speisialaithe agus Coreper II obair ullmhúcháin do Chomhairle ECOFIN.
Clár oibre uachtaránacht na hÉireann
Áirítear ar thosaíochtaí uachtaránacht na hÉireann iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a neartú, athléimneacht eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht fhioscach a chosaint, agus leanúint de bheith solúbtha i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha idirnáisiúnta.
Díríonn an uachtaránacht ar an aontas coigiltis agus infheistíochta a chur chun cinn, ar an obair ar an euro digiteach a chur chun cinn, ar mhargaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú, agus ar chomhtháthú agus iomaíochasearnáil baincéireachta an Aontais a neartú.
Leagann an uachtaránacht béim láidir freisin ar shimpliú agus éifeachtacht rialála, agus comhordú eacnamaíoch á chur chun cinn ag an am céanna tríd an Seimeastar Eorpach chun tacú le beartais fhioscacha fhónta agus le hinbhuanaitheacht fiachais.
An Grúpa Euro
Is iad airí an limistéir euro atá freagrach as airgeadas a thagann le chéile anseo chun saincheisteanna a bhaineann le hairgeadra coiteann an Aontais, an euro, a phlé.
Is é príomhchúram an Ghrúpa Euro, ina cháil mar chomhlacht neamhfhoirmiúil, beartais eacnamaíocha sa limistéar euro a chomhordú agus dálaí le haghaidh fás eacnamaíoch níos láidre a chur chun cinn.
Is gnách go dtagann an Grúpa Euro le chéile uair sa mhí, an lá roimh chruinniú Chomhairle ECOFIN.
An Grúpa Euro
Cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Nuacht ábhartha
- Iasacht tacaíochta don Úcráin: rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe formheasta ag tíortha an Aontais chun cabhrú le riachtanais phráinneacha chosanta na hÚcráine a chumhdach
- A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis an dréachtbhuiséad bliantúil do 2027
- Seimeastar Eorpach 2026: Moltaí tírshonracha glactha ag an gComhairle
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
Trade and Development
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Foirmíochtaí uile na Comhairle
-
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
-
An Chomhairle Comhshaoil
-
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO)
-
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
-
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
-
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
-
An Chomhairle Iomaíochais
-
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
-
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
-
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Iúil 2026