An ról atá ag Uachtarán an Ghrúpa Euro
Tá na freagrachtaí seo a leanas ar Uachtarán an Ghrúpa Euro:
- déanann sé cathaoirleacht ar chruinnithe an Ghrúpa Euro agus leagann sé cláir amach dóibh
- dréachtaíonn sé clár oibre fadtéarmach an Ghrúpa Euro
- cuireann sé torthaí an idirphlé a dhéanann an Grúpa Euro faoi bhráid an phobail agus airí thíortha AE atá lasmuigh den limistéar euro
- déanann sé ionadaíocht don Ghrúpa Euro i bhfóraim idirnáisiúnta (e.g. G7)
- cuireann sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le tosaíochtaí an Ghrúpa Euro
Féadfar Uachtarán an Ghrúpa Euro a thoghadh mar chathaoirleach bhord gobharnóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh freisin, má chinneann comhaltaí an bhoird amhlaidh.
Nós imeachta toghcháin Uachtarán an Ghrúpa Euro
Toghtar Uachtarán an Ghrúpa Euro trí thromlach simplí de chomhaltaí an Ghrúpa Euro go ceann téarma dhá bliain go leith.
Leagtar nós imeachta toghcháin Uachtarán an Ghrúpa Euro amach i bPrótacal Uimh. 14 a ghabhann le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.
Má chuirtear cosc ar an Uachtarán a chuid/a cuid dualgas a chomhlíonadh, feidhmíonn aire airgeadais na tíre a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aici ina ionad/ina hionad. Mura bhfuil an tír cheannais ina ball den limistéar euro, déanfaidh aire airgeadais na chéad tíre eile den limistéar euro a mbeidh uachtaránacht na Comhairle aici na cúraimí a ghlacadh air féin. Má éiríonn Uachtarán an Ghrúpa Euro as, ní foláir do chomhaltaí an Ghrúpa Euro uachtarán nua a thoghadh a luaithe is féidir.
Toghadh Uachtarán an Ghrúpa Euro
Baill foirne
Tugann Meitheal an Ghrúpa Euro (EWG) cúnamh don Ghrúpa Euro agus dá Uachtarán.
Tugann MGE cúnamh chun plé na n-airí a ullmhú. Tagann an mheitheal le chéile uair amháin sa mhí go hiondúil, roimh na cruinnithe a bhíonn ag an nGrúpa Euro.
Tugann foireann oifigeach cúnamh d’Uachtarán an Ghrúpa Euro ina chuid oibre.
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Meitheamh 2025