Toghadh Uachtarán an Ghrúpa Euro
Cé is féidir a thoghadh?
Féadfar aon chomhalta den Ghrúpa Euro a thoghadh ina Uachtarán nó ina hUachtarán ar an nGrúpa Euro.
Tréimhse an tsainordaithe
Toghtar an tUachtarán ar feadh téarma 2 bhliain go leith.
Is féidir an sainordú a athnuachan.
Nós imeachta roghnúcháin
Is trí thromlach simplí de vótaí airí an limistéir euro atá freagrach as cúrsaí airgeadais a thoghtar an t-uachtarán.
Is i bPrótacal Uimh. 14 a ghabhann le Conradh Liospóin a leagtar amach an nós imeachta toghcháin.
Amlíne an toghcháin
Leagtar amach san amlíne thíos na céimeanna maidir le huachtarán nua an Ghrúpa Euro a thoghadh go luath.
-
1
Glao ar iarrthóirí
Sheol Ardrúnaíocht na Comhairle glao ar iarrthóirí an 24 Samhain 2025.
-
2
Sprioc-am chun iarrthóireachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle
Bhí ar na hairí a n-iarrthóireachtaí a chur isteach faoi am scoir gnó an 28 Samhain 2025.
-
3
Toghchán
Toghann na hairí Uachtarán an Ghrúpa Euro an 11 Nollaig 2025.
-
4
Tús an téarma
Cuireann an t-uachtarán nua tús leis an téarma oifige an 12 Nollaig 2025.
Uachtarán an Ghrúpa Euro
An 11 Nollaig 2025, toghadh Kyriakos Pierrakakis, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Gréige, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro, i gcomhréir le Prótacal 14 de chonarthaí an Aontais. Rachaidh an tUachtarán i mbun oifige an 12 Nollaig 2025 agus beidh téarma 2.5 bliain aige.
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Eanáir 2026