20 bliain tar éis 9/11: na héachtaí agus na dúshláin a bhaineann le hiarrachtaí frithsceimhlitheoireachta an Aontais
Seó beo maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta
Is bagairt í an sceimhlitheoireacht do na luachanna daonlathacha atá ag gach sochaí agus do chearta agus do shaoirse na saoránach Eorpach. Is é an sceimhlitheoireacht a chomhrac ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag an Aontas agus a Bhallstáit agus ag na comhpháirtithe idirnáisiúnta s’aige chomh maith.
Is ábhar an-tábhachtach é an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta do shaoránaigh den Aontas, ar mian leo, de réir na pobalbhreithe Eorabharaiméadair is déanaí, go ndéanfadh an tAontas níos mó sa réimse sin.
Tagann 2021 20 bliain tar éis 9/11, na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Nua Eabhrac in 2001. Is í an bhliain chéanna a théann Gilles de Kerchove ar scor tar éis ceithre bliana déag a chaitheamh mar Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh.
An 8 Iúil, déanfaidh an Chomhairle seó beo ar líne a óstáil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach le hobair frithsceimhlitheoireachta an Aontais
- na príomhdhúshláin a phlé
Déanfar an seó a shruthú ar shuíomh gréasáin na Comhairle agus ar Twitter.
Ábhair an phlé
Le linn an tseó, a thosóidh ar 17.00 agus a chríochnóidh ar 18.30, díreofar ar na trí ábhar seo a leanas:
- 20 bliain tar éis 9/11
- éabhlóid na bagartha agus na modhanna
- an ghné sheachtrach
Le linn an tseó, freagróidh Gilles de Kerchove agus cainteoirí ardleibhéil eile ó institiúidí an Aontais, ó na Ballstáit, ó ghníomhaireachtaí an Aontais, ó mheithleacha machnaimh, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó thíortha comhpháirtíochta ceisteanna ón bpobal agus ó úsáideoirí na meán sóisialta.
Is as Béarla agus as Fraincis a labhróidh na cainteoirí. Déanfar ateangaireacht go dtí an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis.
1. 20 bliain tar éis 9/11, 6 bliana tar éis Charlie Hebdo agus 5 bliana tar éis na n-ionsaithe sa Bhruiséil, an méid atá foghlamtha againn
Tá an tAontas tar éis cur go mór lena fhreagairt frithsceimhlitheoireachta ó 9/11 i leith agus níos mó fós ó tharla na hionsaithe i bPáras agus sa Bhruiséil in 2015 agus 2016. Oibríonn Daesh thar theorainneacha agus is spás gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha é Schengen; dá bhrí sin, is gá freagairt choiteann agus uirlisí nua-aimseartha comhair.
Sa seisiún seo, féachfaidh na cainteoirí ar iarrachtaí an Aontais dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht ó thaobh na bpolaiteoirí, na bpríomhionchúisitheoirí frithsceimhlitheoireachta, institiúidí an Aontais agus Europol. Beidh malartú tuairimí acu maidir leis an méid seo a leanas:
- na rudaí ar éirigh agus nár éirigh leo
- an breisluach a bhaineann le comhar an Aontais
- tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais amhail Europol agus Eurojust d’imscrúduithe agus ionchúisimh frithsceimhlitheoireachta
- faisnéis a chomhroinnt agus a anailísiú
- scéalta ratha nithiúla
- géarú ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ar airm thine agus ar líonraí cumarsáide
- an tslándáil teorann
- an radacú a chosc agus beartais ‘bhoga’ amhail oideachas, an óige, cultúr agus spórt
2. Éabhlóid na bagartha agus na modhanna
Tá sé ríthábhachtach go mbeifí ag súil le bagairtí atá ag teacht chun cinn chun ionsaithe a dhéanfar san Eoraip amach anseo a chosc agus chun saoránaigh Eorpacha a chosaint. Leagadh béim ar an méid sin i gclár oibre frithsceimhlitheoireachta an Aontais a thíolaic an Coimisiún Eorpach i mí na Nollag 2020.
Ag an seisiún seo, ina mbeidh cainteoirí ardleibhéil ó institiúidí an Aontais, ó na Ballstáit, ón earnáil phríobháideach agus ón saol acadúil, féachfar ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn agus ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas an tionchar a bhíonn acu a laghdú. Pléifear freisin digiteáil na slándála agus na dteicneolaíochtaí suaiteacha. Díreoidh na rannpháirtithe go háirithe ar an méid seo a leanas:
- an sceimhlitheoireacht i ré COVID-19
- sceimhlitheoireacht antoisceach na heite deise agus an sceimhlitheoireacht jiohádach
- radacú ar líne
- ról na hidé-eolaíochta
- an gréasán dorcha
- bréagaisnéis, fuathchaint, aimpliú algartamach
- teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear priontáil 3T, ladrainn agus an intleacht shaorga
- dúshláin rochtana don lucht forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis ar líne (criptiú, coinneáil sonraí)
- saincheisteanna cosanta sonraí agus príobháideachais
3. An ghné sheachtrach
Tá an bhagairt sceimhlitheoireachta ar fud an domhain fós ard. Ó 2015 i leith, tá dlús suntasach curtha ag an Aontas le comhpháirtíochtaí frithsceimhlitheoireachta a fhorbairt, go háirithe ina chomharsanacht féin (na Balcáin Thiar, an Afraic Thuaidh agus an Meánoirthear) agus i réigiún na Saiheile freisin.
Pléifidh painéal ardleibhéil ar a mbeidh ionadaithe ó institiúidí an Aontais, ó na Náisiúin Aontaithe, ó thaidhleoireacht idirnáisiúnta, ó na Stáit Aontaithe agus ó chomhpháirtithe eile na dúshláin atá fós ann agus na bealaí chun an athléimneacht a mhéadú inár sochaí in aghaidh idé-eolaíochtaí foréigneacha atá ag teacht chun cinn.
Beidh an seisiún seo dírithe go háirithe ar na nithe seo a leanas:
- oidhreacht Daesh sa tSiria agus san Iaráic, comhghuaillíocht i gcoinne Daesh
- trúpaí na Stát Aontaithe a tharraingt siar ón Afganastáin
- grúpaí sceimhlitheoireachta san Afraic
- an comhar idirnáisiúnta
- ag obair le comhpháirtithe ar an láthair
- comhpháirtíochtaí frithsceimhlitheoireachta an Aontais lena chomharsana sna Balcáin Thiar agus timpeall na Meánmhara
- scaipeadh idé-eolaíocht antoisceach Ioslamach
- tionchar na roghanna beartais eachtraigh
- deiseanna a chur ar fáil don aos óg
Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh
Ba é Javier Solana, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a cheap Gilles de Kerchove ina Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais an 19 Meán Fómhair 2007.
Tá de chúram ar an gComhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta:
- obair na Comhairle maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac a chomhordú
- moltaí beartais a chur i láthair agus réimsí gníomhaíochta tosaíochta a mholadh don Chomhairle
- faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais
- léargas ginearálta a bheith aige ar ionstraimí uile an Aontais, tuairisciú don Chomhairle agus obair leantach a dhéanamh maidir le cinntí na Comhairle
- comhordú a dhéanamh le comhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle, an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí
- a áirithiú go mbeidh ról gníomhach ag an Aontas sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta
- cumarsáid idir an tAontas agus tríú tíortha a fheabhsú
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Eanáir 2024