Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
Tá sé mar aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha idirlíon níos sábháilte agus níos trédhearcaí a chruthú. Trí ardáin ar líne a dhéanamh cuntasach as an mbealach a ndéanann siad ábhar a bhainistiú agus a mhodhnú, cuidíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le scaipeadh ábhair dhíobhálaigh ar líne a chomhrac.

Neamh-idirdhealú
Oibríonn an tAontas chun comhionannas a chur chun cinn agus idirdhealú sa tsochaí a chosc trína bheartais agus trína thionscnaimh.

Ópóidigh: bagairt nua drugaí don Eoraip
Is dúshlán domhanda é an méadú ar mhonarú agus ar úsáid ópóideach sintéiseach a chothaíonn andúil an-chumhachtach. Tá an tAontas ag gníomhú chun an cruatan domhanda sin ar an tsochaí a mhaolú.

I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Tá an tAontas ag obair i dtreo slabhra luacha ceallraí atá inbhuanaithe, ciorclach agus Eorpach. Leis na comhrialacha nua cuirfear le buntáiste iomaíoch an Aontais sna margaí ceallraí inbhuanaithe.

Sásraí lena ndéantar an smacht reachta a chomhlíonadh
Ceapadh bosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil an smacht reachta faoi bhagairt nó ag dul in olcas, de dheasca sáruithe sistéamacha nó teagmhais níos leithlisí.

Sreabha imirce ar bhealaí an Iarthair
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas agus a Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar an imirce i mbealaí na Meánmhara Thiar agus na hAfraice Thiar.

An trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí
Deiseanna nua suntasacha do gheilleagar an Aontais cruthaithe leis an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin.

Nósanna imeachta Airteagal 7
Is féidir leis an Aontas Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a úsáid chun déileáil le sáruithe tromchúiseacha ar a luachanna bunaidh, an daonlathas agus cearta bunúsacha ina measc.

Athchóirithe inmheánacha an Aontais
Ní mór don Aontas obair a dhéanamh ar athchóirithe a bhaineann le luachanna, beartais, buiséad agus rialachas chun go mbeidh sé réidh don todhchaí agus chun go mbeidh sé ullamh d’aontas méadaithe.

Ceimiceáin
Is ríthábhachtach iad substaintí ceimiceacha i ngach gné den saol agus tá teacht orthu i dtáirgí coitianta. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéantar bainistiú fónta ar na ceimiceán chun an duine agus an comhshaol a chosaint.
