Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
449 Torthaí
Comhaontú núicléach na hIaráine
Leis an gcomhaontú maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), dírítear ar a chinntiú go mbeidh clár núicléach na hIaráine ag gabháil don tsíocháin agus don tsíocháin amháin. Leagtar síos ann an amlíne agus na socruithe chun deireadh a chur leis na smachtbhannaí núicléacha i gcoinne na hIaráine.

An Limistéar Eorpach Taighde
Is é is aidhm don Limistéar Eorpach Taighde margadh aonair san Aontas a chruthú don taighde, don nuálaíocht, agus don teicneolaíocht. Déanann sé saorchúrsaíocht taighdeoirí agus an eolais a spreagadh, agus beartais agus cláir náisiúnta taighde a ailíniú.

Compás Straitéiseach um shlándáil agus cosaint
Leis an gCompás Straitéiseach, cuirtear treoir agus fís choiteann ar fáil maidir le beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030.

Cearta na n-oiliúnaithe san Aontas
Tá an Chomhairle ag obair ar rialacha nua atá ceaptha chun feabhas a chur ar dhálaí oibre d’oiliúnaithe, lena gcinnteofar nach mbainfear leas astu ná nach gcaithfear go héagórach leo.

An Asarbaiseáin
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an Asarbaiseáin bunaithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin atá i bhfeidhm ó 1999. Is é an tAontas an príomhinfheisteoir san Asarbaiseáin agus is é an comhpháirtí trádála is mó é atá aici.

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Is é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an chéad rialachán digiteach ar domhan a fhágann go bhfuil cuideachtaí digiteacha ar fud an Aontais freagrach as an inneachar a chuirtear in airde ar a gcuid ardán.

An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
Tá sé mar aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha idirlíon níos sábháilte agus níos trédhearcaí a chruthú. Trí ardáin ar líne a dhéanamh cuntasach as an mbealach a ndéanann siad ábhar a bhainistiú agus a mhodhnú, cuidíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le scaipeadh ábhair dhíobhálaigh ar líne a chomhrac.

Neamh-idirdhealú
Oibríonn an tAontas chun comhionannas a chur chun cinn agus idirdhealú sa tsochaí a chosc trína bheartais agus trína thionscnaimh.

Ópóidigh: bagairt nua drugaí don Eoraip
Is dúshlán domhanda é an méadú ar mhonarú agus ar úsáid ópóideach sintéiseach a chothaíonn andúil an-chumhachtach. Tá an tAontas ag gníomhú chun an cruatan domhanda sin ar an tsochaí a mhaolú.

I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach
Tá an tAontas ag obair i dtreo slabhra luacha ceallraí atá inbhuanaithe, ciorclach agus Eorpach. Leis na comhrialacha nua cuirfear le buntáiste iomaíoch an Aontais sna margaí ceallraí inbhuanaithe.
