Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Líon bliantúil na n-imirceach neamhrialta agus líon na ndaoine a bhásaigh (2014-2026)
Forléargas ar líon bliantúil na n-imirceach neamhrialta agus líon na ndaoine a bhásaigh (2014-2026). Faigh tuilleadh eolais ónár ngrafaic faisnéise.

Beartas imirce agus tearmainn an Aontais
Tá dlús á chur ag an Aontas agus a Bhallstáit lena gcuid iarrachtaí chun beartas éifeachtach daonnúil sábháilte a bhunú maidir leis an imirce.

Nós imeachta comhchoiteann tearmainn
Leagtar amach rialacha i rialachán comhchoiteann an Aontais maidir le nós imeachta tearmainn chun a chinntiú go ndéantar cinntí maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta go cothrom agus go héifeachtúil.

Tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
Is iad na FBManna cnámh droma thionscal agus gheilleagar na hEorpa. Tá an tAontas ag obair go gníomhach chun a n-athléimneacht agus a n-iomaíochas a threisiú.

Cabhair dhaonnúil
Is é an tAontas, in éineacht lena 27 mBallstát, an príomhdheontóir cabhrach daonnúla do na pobail atá thíos le tubaistí ar fud an domhain. Is é is aidhm do chúnamh an Aontais beatha daoine a shábháil, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú, agus dínit an duine a chaomhnú.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.

An ceart chun táirgí a dheisiú
Tá dreasachtaí cruthaithe ag an Aontas do tháirgeoirí agus tomhaltóirí chun go mbeidh sé níos fusa agus níos tarraingtí táirgí a dheisiú, chun an dramhaíl a laghdú agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe a chur chun cinn.

Guatamala
Is bunaithe ar an idirphlé polaitiúil, ar an gcomhar agus ar an trádáil atá an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Guatamala. Tacaíonn an tAontas le hiarrachtaí Ghuatamala an daonlathas a neartú, cearta an duine a chosaint agus an fhorbairt inbhuanaithe agus rathúnas a chur chun cinn.

Beartas spáis an Aontais
Cuidíonn clár spáis an Aontais le gníomhaíochtaí laethúla a dhéanamh ar domhan. Leis na satailítí a sheolann an tAontas Eorpach amach ar fithis, is féidir leis na milliúin cumarsáid a dhéanamh agus teicneolaíochtaí nua á n-úsáid acu, taisteal a dhéanamh ar tír, ar muir agus san aer, agus bealaí nua a fhorbairt chun sláinte an phláinéid a fheabhsú.

An tSaoráid don Úcráin
Is ionstraim de chuid an Aontais í an tSaoráid don Úcráin lena gcuirtear suas le €50 billiún d’iasachtaí agus de dheontais ar fáil don Úcráin chun cabhrú léi dul i mbun téarnaimh, atógála agus nuachóirithe.
