Skip to content

An chaoi a nglacann an tAontas smachtbhannaí agus a ndéanann sé athbhreithniú orthu

Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí agus rialacháin maidir le smachtbhannaí d’aon toil. Tá feidhm ag smachtbhannaí an Aontais laistigh de dhlínse an Aontais.

Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh

Leagtar bearta sriantacha síos i gcinntí ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES). Cuireann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála togra chun cinn.

Déanann comhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle na bearta beartaithe a scrúdú agus a phlé dá éis sin:

  • meitheal na Comhairle atá freagrach as an limistéar geografach ina bhfuil an spriocthír (mar shampla an Mheitheal um Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise don Úcráin agus don Bhealarúis agus an Mheitheal um an Mhaisreic/an Mhaghraib don tSiria
  • Meitheal na gComhairleoirí um Chaidreamh Eachtrach
  • an Coiste Polaitiúil agus Slándála, más gá
  • Coiste na mBuanionadaithe (Coreper II)

Glacann an Chomhairle an cinneadh ansin d’aon toil.

Má áirítear calcadh sócmhainní agus/nó cineálacha eile smachtbhannaí eacnamaíocha agus/nó airgeadais sa Chinneadh ón gComhairle, beidh gá na bearta sin a chur chun feidhme i Rialachán ón gComhairle.

  1. 1

    Céim 1

    Cuireann an tArdionadaí togra chun cinn

  2. 2

    Céim 2

    Pléann comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle an togra

  3. 3

    Céim 3

    Tagann Coreper II ar chomhaontú maidir leis an ngníomh dlí

  4. 4

    Céim 4

    Glacann an Chomhairle an cinneadh

  5. 5

    Céim 5

    Foilsítear an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán ón gComhairle a ghlacadh

Bunaithe ar an gcinneadh ón gComhairle maidir le CBES, déanann an tArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach togra comhpháirteach a thíolacadh le haghaidh rialachán ón gComhairle.

Scrúdaíonn Meitheal na gComhairleoirí Caidrimh Eachtraigh (RELEX) an togra comhpháirteach agus cuireann sé ar aghaidh chuig Coreper II agus chuig an gComhairle é lena ghlacadh. Cuireann an Chomhairle in iúl do Pharlaimint na hEorpa ansin gur glacadh an Rialachán ón gComhairle.

Leagtar síos sa rialachán raon feidhme beacht na mbeart agus na mionsonraí maidir lena gcur chun feidhme. Mar ghníomh dlí a bhfuil feidhm ghinearálta aige, tá an rialachán ina cheangal ar aon duine agus ar aon eintiteas (oibreoirí eacnamaíocha, údaráis phoiblí etc.) laistigh den Aontas Eorpach.

  1. 1

    Céim 1

    Cuireann an tArdionadaí agus an Coimisiún Eorpach togra chun cinn

  2. 2

    Céim 2

    Pléann comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle an togra

  3. 3

    Céim 3

    Tagann Coreper II ar chomhaontú maidir leis an ngníomh dlí

  4. 4

    Céim 4

    Glacann an Chomhairle an rialachán

  5. 5

    Céim 5

    Foilsítear an rialachán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

  6. 6

    Céim 6

    Cuireann an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Tagann an Cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm tráth a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Go hiondúil, glactar an cinneadh ón gComhairle agus an rialachán ón gComhairle le chéile agus tagann siad i bhfeidhm an lá a nglactar iad. Fágann sé sin gur féidir leis an dá ghníomh dlí a n-éifeachtaí a bheith acu ag an am céanna. Tá sé sin ábhartha go háirithe nuair atá reo sócmhainní i gceist.

Is iad Ballstáit an Aontais go príomha atá freagrach as smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Ina ról mar chaomhnóir na gconarthaí, déanann an Coimisiún Eorpach maoirseacht ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí an Aontais ar fud na mBallstát.

feidhm ag smachtbhannaí an Aontais laistigh de dhlínse an Aontais. Tá na hoibleagáidí a fhorchuirtear leo ina gceangal ar náisiúnaigh an Aontais in aon suíomh, ar chuideachtaí agus ar eagraíochtaí atá ionchorpraithe faoi dhlí Ballstáit, ar bord aerárthaí nó soithí faoi dhlínse na mBallstát, agus ar aon duine nó eintiteas laistigh den Aontas.

Mar chuid de dhlí an Aontais, ní mór don Choimisiún Eorpach bearta sriantacha an Aontais a urramú freisin agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme aige.

Iarrtar go córasach ar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, ar thíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ar thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, agus ar chomhaltaí Chomhpháirtíocht an Oirthir iad féin a ailíniú le bearta sriantacha an Aontais.

Nós imeachta fógra a thabhairt

Tugtar fógra do na daoine agus do na heintitis atá faoi réir calcadh sócmhainní nó srianta ar thaisteal (daoine nó eintitis atá liostaithe) maidir leis na bearta a glaca ina n-aghaidh:

  • go pearsanta trí bhíthin litreach má tá a seoladh ar fáil
  • trí bhíthin fógra arna fhoilsiú ag an gComhairle i sraith ‘C’ d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Próiseas athbhreithnithe

Coimeádtar na bearta sriantacha ar fad atá i bhfeidhm faoi shíor-athbhreithniú le háirithiú go leanfaidh siad de bheith ag rannchuidiú lena gcuspóirí ráite.

Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe

Ní bhíonn dáta deiridh le bearta sriantacha a glacadh ar chun rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme iad. Leasaítear nó baintear iad gan mhoill, tar éis cinneadh ó na Náisiúin Aontaithe chuige sin.

Smachtbhannaí measctha

Ní bhíonn teorainn ama le forálacha na Náisiún Aontaithe ach oiread. Déantar forálacha uathrialacha an Aontais a athbhreithniú uair sa bhliain ar a laghad.

Smachtbhannaí uathrialacha

Bíonn feidhm ag cinntí ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha ar feadh 12 mhí, agus ní bhíonn teorainn ama le rialacháin chomhfhreagracha ón gComhairle.

Sula ndéanfar cinneadh chun síneadh a chur leis an gcinneadh ón gComhairle, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha. De réir mar a thagann forbairt ar an scéal, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh na bearta sriantacha a leasú, a shíneadh nó iad a chur ar fionraí.

Iarraidh go ndéanfar bearta sriantacha a bhaint

Féadfaidh daoine nó eintitis atá liostaithe iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, ina n-iarrtar go ndéanfar an cinneadh iad a liostú a athbhreithniú. Ba cheart dóibh an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Seol ríomhphost: [email protected]

Agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh na Comhairle bearta sriantacha a chur i bhfeidhm

Féadfaidh daoine agus eintitis atá liostaithe cur i gcoinne chinneadh na Comhairle os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 275, an dara mír, agus Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féach freisin

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

Smachtbhannaí

Smachtbhannaí

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Aibreán 2024