An tSeirbia
Rinne an tSeirbia iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Nollag 2009 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí Márta 2012. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais idir an Aontas agus an tSeirbia i mí Eanáir 2014. Go dtí seo, osclaíodh dhá chaibidil idirbheartaíochta is fiche.
Méadú
Iarratas ar bhallraíocht san Aontas
Cuireadh iarratas na Seirbia ar bhallraíocht an Aontais isteach an 22 Nollaig 2009.
Ag an gcruinniú a bhí aici an 25 Deireadh Fómhair 2010, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún a thuairim ar iarratas na Seirbia a chur faoina bráid.
Thug an Coimisiún tuairim dhearfach uaidh an 12 Deireadh Fómhair 2011 agus mhol go dtabharfaí stádas mar thír is iarrthóir don tSeirbia.
An 1 Márta 2012, thug an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don tSeirbia.
An chaibidlíocht maidir le haontachas
An 27 agus an 28 Meitheamh 2013, shocraigh an Chomhairle Eorpach ar thús a chur le hidirbheartaíocht aontachais leis an tSeirbia faoi Eanáir 2014 ar a dhéanaí.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le creat don idirbheartaíocht leis an tSeirbia an 17 Nollaig 2013.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 27 agus an 28 Meitheamh 2013
- Creat caibidlíochta an Aontais agus na Seirbia, an 9 Eanáir 2014
Cruinnithe comhdhála aontachais
Déantar an chaibidlíocht aontachais ag comhdhálacha idir-rialtasacha (ar a dtugtar ‘comhdháil aontachais’ go minic) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus na tíre is iarrthóir. Cumhdaítear corpas na gceart coiteann agus an dlí choitinn (‘acquis an Aontais’) leis an gcaibidlíocht agus iad roinnte i gcaibidlí éagsúla, nó i gcnuasaigh caibidlí, a chumhdaíonn réimsí beartais éagsúla. Is féidir leis na comhdhálacha aontachais sin a bheith ar leibhéal na n-airí nó ar leibhéal na n-ionadaithe.
An 21 Eanáir 2014, sa chéad chruinniú comhdhála aontachais leis an tSeirbia ag leibhéal na n-airí, cuireadh tús le caibidlíocht aontachais. Ó shin i leith tionóladh trí chruinniú comhdhála aontachais déag ar leibhéal na n-airí. Go dtí seo, osclaíodh 22 chaibidil idirbheartaíochta, agus tá clabhsúr sealadach curtha ar dhá chaibidil astu sin cheana féin.
I mí na Bealtaine 2021, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú an mhodheolaíocht athbhreithnithe um méadú a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaibidlíocht aontachais le Montainéagró agus an tSeirbia, arb é is aidhm di dlús a chur leis an bpróiseas aontachais, béim níos láidre a leagan ar athchóirithe bunúsacha agus tuilleadh stiúradh polaitiúil a thabhairt. Ina theannta sin, déantar na cúig chaibidil idirbheartaíochta is tríocha a ghrúpáil i sé bhraisle.
Bhí an tríú cruinniú déag den chomhdháil aontachais leis an tSeirbia ar leibhéal na n-airí ar siúl an 14 Nollaig 2021, agus ba é sin an dara comhdháil idir-rialtasach ó d’fhormheas an Chomhairle modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe. Mar thoradh air sin freisin, osclaíodh ‘Braisle a Ceathair’ maidir leis an gclár oibre glas agus an nascacht inbhuanaithe.
An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais
Tá ‘comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais’ ag comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar, a leagann síos an creat foriomlán dá gcaidreamh leis an Aontas. Tá sé ar siúl i gcomhthráth le caibidlíocht aontachais an Aontais agus tacaíonn sé léi.
Tá comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais na Seirbia daingnithe, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013.
An Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an tSeirbia
Chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chaidrimh idir an tAontas agus an tSeirbia faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, tagann ionadaithe ón Aontas agus ón tSeirbia le chéile sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an tSeirbia.
Ó mhí Eanáir 2022, bhí sé chruinniú den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an tSeirbia. Ag an gcruinniú is déanaí, phléigh na rannpháirtithe an caidreamh idir an tAontas agus an tSeirbia, lena n-áirítear paindéim COVID-19 agus cúnamh ón Aontas, critéir pholaitiúla, critéir eacnamaíocha, dlí an Aontais agus cúnamh réamhaontachais.
Athbhreithniú bliantúil ar an dul chun cinn
Gach bliain, is gnách go nglacann an Chomhairle conclúidí maidir le méadú, ina ndéantar marana ar an dul chun cinn a rinneadh i ngach ceann de thíortha is iarrthóirí agus comhpháirtithe an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbia, agus iad ar a gconair Eorpach.
Comhar maidir le bainistiú teorainneacha
Chun an tsreabh imirce a bhainistiú, cur i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus an choireacht trasteorann a ghleic, tá comhaontú ar feitheamh idir an tAontas agus an tSeirbia maidir le comhar níos leithne i ndáil le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex). Leis an gcomhaontú, ceadaítear do Frontex agus don tSeirbia oibríochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus ceadaítear d’fhoireann Frontex seiceálacha teorann a dhéanamh agus daoine a chlárú.
Tugadh an comhaontú leis an tSeirbia chun críche an 21 Feabhra 2025 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2025.
An tSaoráid Eorpach Síochána
Faoin tSaoráid Eorpach Síochána, ionstraim darb aidhm coinbhleacht a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, tá bearta cúnaimh glactha ag an Aontas chun tacú le tascfhórsa liachta na mBalcán. Mar chuid den tacaíocht sin, cuirtear an trealamh agus an t-ábhar is gá ar fáil d’aonaid leighis fhórsaí armtha na Seirbia agus dírítear ar cumais leighis mhíleata agus iarrachtaí fóirithinte sibhialta a neartú i réigiún na mBalcán Thiar.
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Nollaig 2025