Skip to content

Glaonna reatha ar thairiscintí

Conarthaí dar luach idir €15 000 agus €143 000

Conarthaí do sheirbhísí dlí

Is í seirbhís dlí na Comhairle comhairleoir dlí na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle féin. Cabhraíonn an tseirbhís dlí leis an gComhairle Eorpach agus leis an gComhairle, chomh maith lena gcomhlachtaí ullmhúcháin, leis an uachtaránacht agus leis an Ardrúnaíocht, dlíthiúlacht agus cáilíocht dréachtaithe gníomhartha a chinntiú. Déanann seirbhís dlí na Comhairle ionadaíocht ar an gComhairle Eorpach agus ar an gComhairle os comhair chúirteanna an Aontais freisin, agus comhordaíonn sí cosaint na n-institiúidí sin sna cásanna a bhíonn os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

Ó am go chéile, téann seirbhís dlí na Comhairle i muinín comhairle dlí sheachtrach. Mar shampla, déanann dlíodóirí seachtracha ionadaíocht thar ceann na seirbhíse i gcásanna a bhíonn os comhair na gcúirteanna náisiúnta agus cabhraíonn dlíodóirí seachtracha léi i gcásanna a éistear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le frithdhumpáil agus, i gcúinsí áirithe, i gcásanna a bhaineann le réimsí eile, mar atá i gcás bearta sriantacha. Ina theannta sin, cumhdaítear sna conarthaí do sheirbhísí dlí ceisteanna ad hoc a bhaineann le dlí na Beilge nó le dlíthe náisiúnta eile, agus go háirithe le dlí an riaracháin, an eastáit réadaigh, agus an tsaothair.

In 2024, thug seirbhís dlí na Comhairle 14 chonradh i gcrích le haghaidh seirbhísí dlí, dar mhéid iomlán €74 750.

Conarthaí dar luach is airde ná €143 000

Foilsítear na fógraí conartha le haghaidh glaonna dar luach is airde ná €143 000 i sraith S d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus is féidir féachaint orthu ar líne i mbunachar sonraí TED an Aontais.