Conas banc a réiteach
Ullmhú/cosc:
- Déanann na bainc pleananna téarnaimh agus réitigh a tharraingt suas
- Déanann an Sásra Aonair Maoirseachta agus na húdaráis náisiúnta maoirseacht
- Déanann na bainc ranníocaíochtaí leis an gCiste Réitigh Aonair
- Comhlíonadh na rialacha maidir le caipiteal agus cur leis an acmhainn ionsúcháin caillteanais (MREL)
Má tá ag cliseadh ar bhanc nó más dócha go gclisfidh air, cuirtear na ceisteanna seo a leanas:
- Ar triaileadh gach beart príobháideach/gníomhaíocht mhaoirseachta?
- An le leas an phobail é an banc a tharrtháil?
- Murab amhlaidh an cás, déanfar an banc a fhoirceannadh.
- Más amhlaidh an cás, déanfar an banc a réiteach.
Áirítear ar na huirlisí réitigh:
- tarrtháil inmheánach
- gnó a dhíol
- droicheadbhanc
- deighilt sócmhainní
Úsáid an chiste aonair réitigh (+/- €60 billiún faoi 2024) chun deimhin a dhéanamh de go gcuirfear na gníomhaíochtaí réitigh i bhfeidhm go héifeachtach agus, i gcúinsí eisceachtúla, chun caillteanas a iompar nó chun banc a athchaipitliú.
A luaithe a chuirfear i bhfeidhm é, cuirfidh cúlstop na tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh +/- €60 billiún ar fáil faoi 2024 ar a dhéanaí. Mura bhfuil dóthain acmhainní sa Chiste Réitigh Aonair, tabharfaidh SCE cistí breise ar iasacht chun gníomhaíocht réitigh a dhéanamh.