Na conclúidí ón gComhairle Eorpach i bhfigiúirí
Is í an Chomhairle Eorpach an institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a shainíonn treoir ghinearálta pholaitiúil agus tosaíochtaí ginearálta an Aontais Eorpaigh, trí chonclúidí a ghlacadh ag formhór na gcruinnithe a bhíonn aici.
Cuidíonn na conclúidí le saincheisteanna sonracha ar údar imní iad a shainaithint agus le gníomhaíochtaí nó spriocanna sonracha de chuid an Aontais a leagan amach.
Na téamaí is minice a phléitear
Léirítear in anailís ar cheannteidil chonclúidí na Comhairle Eorpaí idir 1975 agus 2024 gurb iad gnóthaí eachtracha an téama is minice a luaitear. Sa dara háit tá an t-iomaíochas. Conarthaí an Aontais agus na hinstitiúidí an tríú téama is minice a luaitear i gceannteidil na gconclúidí.
Tábhacht gnóthaí eachtracha le 50 bliain anuas
Barrachairt ina léirítear a mhinice a bhí gach ceann de na seacht n-ábhar le feiceáil faoi cheannteidil na gconclúidí ón gComhairle Eorpach le 50 bliain anuas. Bhí gnóthaí eachtracha le feiceáil suas le 400 uair, i bhfad os cionn 200 uair a bhí an t-iomaíochas le feiceáil, agus bhí na conarthaí agus na hinstitiúidí le feiceáil beagnach 200 uair. Luadh gnóthaí sóisialta, an tsochaí agus cearta thart ar 150 uair; luadh an ceartas, teorainneacha agus an tslándáil beagán ní b'annaimhe agus luadh an comhshaol beagnach 100 uair.
Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi na hábhair a áiríodh i ngach téama agus faoin gcaoi ar ríomhadh an mhinicíocht, féach an nóta modheolaíochta thíos.
Is féidir an tábhacht a bhaineann le gnóthaí eachtracha a mhíniú go páirteach le stair bheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Sular cruthaíodh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (trí Chonradh Liospóin in 2009), ba ghnách freagairtí ar imeachtaí domhanda a chur i gceangal leis na conclúidí.
Cad a bhí ag teacht chun cinn le himeacht ama?
Freagraíonn an bhéim ar théamaí áirithe sna conclúidí ón gComhairle Eorpach d’imeachtaí domhanda, mar shampla géarchéimeanna eacnamaíocha agus coinbhleachtaí idirnáisiúnta, chomh maith le céimeanna forbartha na gcomhphobal Eorpach agus, níos déanaí, an Aontais Eorpaigh.
Is minic sna conclúidí ón gComhairle Eorpach le 50 bliain anuas, go seasta beagnach, go ndeachthas i ngleic leis an iomaíochas. Ba mhó an fócas ar chonarthaí agus ar institiúidí sna 1970idí agus arís sna 1990idí agus sna 2000í, mar gheall ar mhéaduithe comhleanúnacha agus caibidlíocht gach ceann de na conarthaí Eorpacha (arb é glacadh Chonradh Liospóin in 2009 an toradh a bhí orthu).
Idir 1995 agus 2014 leagadh béim shuntasach ar an ngeilleagar agus ar airgeadas. Tharla sé sin ar dtús mar gheall ar thabhairt isteach an euro agus na hullmhúcháin a bhain leis sin, agus ansin mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda agus géarchéim an limistéir euro a tháinig ina dhiaidh sin. Leis an bhfócas ar ghnóthaí sóisialta ag deireadh na 1990idí agus sna chéad 10 mbliana de na 2000í, léirítear an bhéim ní ba mhó a leagadh ar an ngné shóisialta i mbeartais an Aontais ag an am, chomh maith le hiarmhairtí sóisialta na ngéarchéimeanna eacnamaíocha.
Na téamaí is minice a luaitear le himeacht ama
Déan iniúchadh ar an teasléaráid déine le feiceáil cathain a bhí gach téama ag treochtáil i rith an ama. Cuir an luchóg os cionn na dtíleanna chun fáil amach faoi imeachtaí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Taispeántar gnóthaí eachtracha ar leithligh sa chéad chuid eile chun na treochtaí a dhéanamh níos éasca a léamh.
Teasléaráid déine ina n-úsáidtear imreacha éagsúla den ghorm ó gheal go dorcha, chun léiriú a thabhairt ar a mhinice a luadh gach ceann de sheacht n-ábhar i dtréimhsí 5 bliana idir 1975 agus 2024. Léiríonn an teasléaráid déine minicíocht an iomaíochais le himeacht ama atá beagnach leanúnach. Bhain na conarthaí agus na hinstitiúidí buaicphointe amach sna 1970idí, nuair a leagadh síos an dúshraith do lánpháirtiú Eorpach, agus ansin arís sna 1990idí agus sna 2000í, mar gheall ar obair ar chonarthaí nua agus ar na hullmhúcháin don mhéadú a rinneadh in 2004. Bhain an geilleagar agus airgeadas buaicphointe amach sna 2000í agus sna 2010idí, mar gheall ar thabhairt isteach an euro agus, níos déanaí, mar gheall ar ghéarchéimeanna eacnamaíocha. Luadh ábhar an cheartais, na dteorainneacha agus na slándála níos minice ag deireadh na 2010idí agus na 2020idí, mar gheall ar dhúshláin na himirce chomh maith le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 ar shaorghluaiseacht daoine. Bhí gnóthaí sóisialta, an tsochaí agus cearta le feiceáil go minic ag deireadh na 1990idí agus sna 2000í, nuair a dhírigh an tAontas go háirithe ar an ngné shóisialta. Shroich an comhshaol buaicphointe idir 2005 agus 2009, nuair a tugadh tús áite don ghníomhú ar son na haeráide mar gheall ar ghealltanais an Aontais maidir leis an athrú aeráide a chomhrac.
Gnóthaí eachtracha: miondealú de réir réigiúin
Léirítear forbairtí geopholaitiúla leis an mbéim a leagtar sna conclúidí ón gComhairle Eorpach ar réigiúin éagsúla ar fud an domhain. Bíonn an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh le feiceáil níos minice sna conclúidí aon uair a mhéadaíonn corraíl sa réigiún. Tá an bhéim láidir ar Oirthear na hEorpa le 5 bliana anuas nasctha le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Cuir an luchóg os cionn na dtíleanna níos dorcha nó cliceáil orthu chun tuilleadh eolais a fháil.
Teasléaráid déine ina léirítear na réigiúin ar domhan ba mhinice a ndeachthas i ngleic leo i gconclúidí na Comhairle Eorpaí le himeacht ama. Tá suntas ar leith ag baint le dhá threocht:
- is é an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh an réigiún is minice a luaitear, go háirithe le 5 bliana anuas agus sna 2000í
- bhí Oirthear na hEorpa le feiceáil go han-mhinic le 5 bliana anuas, mar gheall ar chogadh na Rúise ar an Úcráin, agus sna 1990idí agus na 2000í, mar gheall ar chliseadh an Aontais Shóivéadaigh agus an aistriú chuig an daonlathas agus chuig geilleagar margaidh na dtíortha iarchumannacha a tháinig isteach san Aontas Eorpach ina dhiaidh sin sna méaduithe a rinneadh in 2004 agus in 2007
Minicíocht ábhar áirithe le himeacht ama
Anseo thíos gheobhaidh tú cairteacha d’ábhair inar léir an t-athrú fócais le himeacht ama.
Geilleagar agus airgeadas
Ba iad cruthú agus cur chun feidhme an euro (deireadh na 1990idí agus tús na 2000í) agus géarchéimeanna eacnamaíocha ag deireadh na 2000í agus ag tús na 2010idí na príomhimeachtaí a raibh an tionchar ba mhó acu ar mhinicíocht na n-ábhar a bhain leis an ngeilleagar agus leis an airgeadas.
Cuir an luchóg os cionn na dtíleanna níos dorcha nó cliceáil orthu chun tuilleadh eolais a fháil.
Teasléaráid déine ina dtaispeántar na hábhair i réimse an gheilleagair agus an airgeadais a luadh go minic idir 1975 agus 2024. Le tabhairt faoi deara go háirithe tá na treochtaí seo a leanas:
- comhordú na mbeartas eacnamaíoch, arbh é sin an t-ábhar ba mhinice a luadh i rith an ama, agus buaicphointe ann idir na 1990idí agus na 2000í mar gheall ar ullmhú agus tabhairt isteach an euro agus, níos déanaí, mar gheall ar ghéarchéimeanna eacnamaíocha)
- agus an euro, chomh maith le baincéireacht, cánachas agus margaí caipitil, a raibh buaicphointí acu go léir sna 2000í
An tIomaíochas
Tá an t-iomaíochas agus an tionsclaíocht fós chun tosaigh ar chlár oibre an Aontais, ach bíonn tionchar ag imeachtaí éagsúla ar a dtábhacht. Léirítear na céimeanna éagsúla i bhforbairt an mhargaidh aonair leis an mbéim a leagtar sna conclúidí ar an margadh aonair. Ag deireadh na 2000í tháinig méadú ar an bhfócas ar an aeráid agus ar fhuinneamh mar gheall ar ghealltanais an Aontais maidir le haeráidneodracht.
Cuir an luchóg os cionn na dtíleanna níos dorcha nó cliceáil orthu chun tuilleadh eolais a fháil.
Teasléaráid déine ina dtaispeántar na hábhair i réimse an iomaíochais a ndeachthas i ngleic leo go minic idir 1975 agus 2024. Tá suntas ar leith ag baint leis an méid seo a leanas:
- an t-iomaíochas agus an tionsclaíocht chomh maith leis an margadh aonair, ar ábhair iad a luadh go minic le linn na tréimhse 50 bliain, agus a raibh buaicphointí acu sna 2000í agus le 5 bliana anuas
- cúrsaí fuinnimh agus aeráide, a tháinig chun cinn go mór ag deireadh na 2000í agus ag tús na 2010idí
Ceartas, teorainneacha agus slándáil
Tá an bhéim ar an gceartas, ar theorainneacha agus ar an tslándáil nasctha le hinniúlachtaí leathnaithe an Aontais sa réimse sin (e.g. limistéar Schengen a chruthú agus a fhorbairt sna 1980idí agus sna 1990idí, beartais tearmainn agus imirce a chomhchuibhiú). Is léir freisin na dúshláin a bhain le sreabha imirce ag tús na 2000í agus ag deireadh na 2010idí.
Cuir an luchóg os cionn na dtíleanna níos dorcha nó cliceáil orthu chun tuilleadh eolais a fháil.
Teasléaráid déine ina dtaispeántar na hábhair i réimse an cheartais, na dteorainneacha agus na slándála a bhí le feiceáil go minic idir 1975 agus 2024. Tá suntas ar leith ag baint leis an méid seo a leanas:
- ó na 1990idí i leith, luadh na hábhair ar fad sa réimse seo go minic mar gheall ar inniúlachtaí méadaitheacha an Aontais sa réimse sin
- bhain an imirce agus tearmann, mar aon le teorainneacha agus víosaí buaicphointe amach mar ábhair ag tús na 2000í agus na 2010idí mar gheall ar dhúshláin na himirce
- tháinig an comhrac i gcoinne na coireachta chun cinn go mór sna conclúidí ón gComhairle Eorpach ag tús na 1990idí agus na 2000í.
Conarthaí agus institiúidí
Tá an plé a bhaineann le fáilte a chur roimh bhaill nua isteach san Aontas, chomh maith le conarthaí, athruithe institiúideacha agus athchóirithe, le feiceáil go soiléir i dtéacs na gconclúidí ón gComhairle Eorpach. Tháinig fás ar líon na dtagairtí don mhéadú ó thús na 1980idí go dtí an buaicphointe thart ar thráth an mhéadaithe a rinneadh in 2004 (nuair a tháinig 10 dtír nua isteach san Aontas). Baineann an patrún céanna leis na conarthaí agus le hathchóirithe, a raibh líon ard tagairtí dóibh ann sa tréimhse idir 1990 agus 2010.
Cuir an luchóg os cionn na dtíleanna níos dorcha nó cliceáil orthu chun tuilleadh eolais a fháil.
Teasléaráid déine ina dtaispeántar na hábhair i réimse na gconarthaí agus na n-institiúidí a luadh go minic idir 1975 agus 2024.
Cén t-athrú a tháinig ar fhad na gconclúidí?
Tá athrú suntasach tagtha ar fhad na gconclúidí le 50 bliain anuas. Sna 1970idí, bhí na conclúidí faoi bhun 1 800 focal ar an meán i mBéarla. Sna 1980idí, líon focal níos mó ná 2 600 ar an meán a bhí ann. Ó 1988 ar aghaidh, d’éirigh na doiciméid ní b’fhaide agus bhí iarscríbhinní iomadúla ag gabháil leo. Dhírigh na hiarscríbhinní go príomha ar ghnóthaí eachtracha (mar shampla ráitis ón gComhairle Eorpach maidir le forbairtí geopholaitiúla).
Taifeadadh na meánlín ab airde sna 1990idí agus sna 2000í, nuair a bhí na hiarscríbhinní ní b’fhaide uaireanta ná an chéad chuid de na conclúidí.
Tháinig laghdú ar líon na nIarscríbhinní tar éis 2009, nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm agus cruthaíodh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí mar thoradh air. Ó shin i leith, is annamh a fheictear iad, agus nuair a fheictear, is iondúil go mbíonn siad teoranta don chreat airgeadais ilbhliantúil (buiséad fadtéarmach an Aontais) nó don chlár oibre straitéiseach (na tosaíochtaí polaitiúla a chomhaontaíonn ceannairí an Aontais gach 5 bliana).
Conradh Liospóin: an tAontas Eorpach mar is eol dúinn é á mhúnlú
Bhain fad na gconclúidí buaicphointe amach sna 1990idí agus tháinig laghdú orthu tar éis Chonradh Liospóin
Barrachairt chruachta lena dtaispeántar meánlíon na bhfocal i gconclúidí na Comhairle Eorpaí i dtréimhsí 5 bliana ó 1975 i leith. Thosaigh meánlíon na bhfocal ag méadú sna 1990idí agus sna 2000í, mar gheall, den chuid is mó, ar iarscríbhinní agus dearbhuithe ní b’fhaide. Sna 2010idí agus 2020idí, thit líon na bhfocal faoi bhun 4 000 ar an meán.
Cad iad na conclúidí ab fhaide?
Bhí os cionn 30 000 focal agus iarscríbhinní ag gabháil leis an dá thacar conclúidí ab fhaide go dtí seo.
Sna conclúidí ón gcruinniú i Maidrid i mí na Nollag 1995, tá an treochlár chun an t-airgeadra aonair a thabhairt isteach (agus comhaontú maidir lena ainm freisin – an euro) agus dearbhuithe tábhachtacha maidir leis an Aontas Eorpach a ullmhú d’athrú ar na conarthaí agus do mhéadú breise.
Sna conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí a tionóladh in Nice i mí na Nollag 2000, tá an cinneadh maidir le hathchóiriú institiúideach roimh an méadú a rinneadh in 2004 (leagadh síos mionsonraí faoin méid a chomhaontaigh na ceannairí i gConradh Nice, a tháinig i bhfeidhm in 2003). Tá an Clár Oibre Sóisialta Eorpach agus an tuarascáil ar an mBeartas Eorpach Slándála agus Cosanta san áireamh sa doiciméad freisin.
Breis agus 900 000 focal atá i gconclúidí uile na Comhairle Eorpaí, nuair a chuirtear le chéile iad – thógfadh sé timpeall 40-60 uair an chloig chun an méid sin téacs a léamh.
Nóta modheolaíochta
Rinneadh ábhar na gconclúidí a chainníochtú bunaithe ar na ceannteidil a úsáideadh le himeacht ama. Ansin rinneadh na ceannteidil a mheaitseáil le téama amháin nó níos mó (7 gcatagóir leathana, mar shampla gnóthaí eachtracha, an t-iomaíochas, an geilleagar agus airgeadas) chomh maith le hábhar amháin nó níos mó (catagóirí níos sonraí agus níos cúinge).
Leanann rangú na dtéamaí agus na n-ábhar an leagann amach ar shuíomh na Comhairle – mar aon le téama breise amháin: conarthaí agus institiúidí.
Faigheann ábhair agus téamaí ag tús na gconclúidí níos mó pointí ná ábhair agus téamaí eile chun tábhacht na chéad mhíre a luaitear a léiriú. Cuirtear bónas leis freisin i gcásanna neamhchoitianta nuair nach bhfuil ach ceannteideal amháin sna conclúidí.
Tá na hiarscríbhinní san áireamh sna ríomhanna a bhaineann le fad na gconclúidí. Chun críoch ríomha, cuireadh na conclúidí a bhaineann leis an gComhairle Eorpach (Airteagal 50) inar pléadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas leis an gcuid a bhaineann le hábhair eile agus caitheadh leo mar iarscríbhinn.
Maidir le doiciméid níos sine, mar gheall ar dhroch-chaighdeán an scanacháin, bhí roinnt míchruinnis agus mion-neamhbheachtas sna torthaí de bharr na teicneolaíochta aitheantais carachtar optúil (gan tionchar mór aige sin ar na meáin).
Féach freisin
Conclúidí ón gComhairle Eorpach
50 bliain den Chomhairle Eorpach - Na figiúirí
Mar a fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Aibreán 2026