Skip to content

An Treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha: figiúirí tábhachtacha

Rialaíonn an tAontas na hastaíochtaí a chuirtear isteach san aer agus san uisce trí ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus é mar aidhm aige truailliú a laghdú.

Is é an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha an príomhphíosa reachtaíochta ar leibhéal an Aontais lena dtugtar aghaidh ar thruailliú tionsclaíoch. Cumhdaítear léi mórghléasraí tionsclaíocha agus beostoic i dtíortha an Aontais.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gComhairle ar an treoir, de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Tagraíonn na sonraí thíos do na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair.

Léirítear sa ghrafaic faisnéise na príomhfhigiúirí a bhaineann le treoir reatha an Aontais maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha.

An Treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha: figiúirí tábhachtacha

Leis an treoir reatha, rialaítear:

  • 30 000 gléasra mór tionsclaíoch
  • 20 000 dianfheirm bheostoic

Earnálacha:

  • 39% Diantógáil éanlaith chlóis nó muc
  • 20% Tionscail dramhaíola
  • 10% Táirgeadh agus próiseáil miotal
  • 9% Tionscail na gceimiceán
  • 7% Seamlais, táirgí bia agus bainne
  • 5% Tionscail fuinnimh
  • 4% Tionscail na mianraí
  • 2% Cóireáil dhromchla
  • 2% Laíon, páipéar nó táirgí de bhunús adhmaid
  • 2% Gníomhaíochtaí eile

Gineann na suiteálacha agus na feirmeacha a chumhdaítear le rialacha an Aontais:

  • 20% den mhéid iomlán astaíochtaí san uisce agus san aer san Aontas
  • 40% de na hastaíochtaí uile gás ceaptha teasa

Truailleáin aeir agus uisce a chumhdaítear le rialacha an Aontais maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha

Leis an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, leagtar síos tairsí bliantúla astaíochta i leith +90 truailleán.

Roinnt eiseamláirí:

  • Dé-ocsaíd-charbóin CO2: cuireann sí leis an athrú aeráide
  • Meatán CH4: cuireann sé leis an athrú aeráide agus le cruthú ózóin ar leibhéal na talún
  • Dé-ocsaíd nítrigine NO2: d’fhéadfadh sí éagothroime chomhshaoil a chruthú agus bíonn tionchar aici ar shláinte an duine
  • Dé-ocsaíd sulfair SO2: d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do dhaoine íogaire agus cur leis an mbáisteach aigéadach in éiceachórais uisceacha
  • Ábhar cáithníneach PM10: dʼfhéadfadh sé a bheith ina chúis le bás anabaí agus cuireann sé leis an athrú aeráide
  • Mearcair Hg: a d'fhéadfadh a bheith ina charcanaigin
  • Amóinia NH3: tá sí an-tocsaineach d’orgánaigh uisceacha agus cuireann sí le cruthú ábhair cháithnínigh

Foinse: An Coimisiún Eorpach, Tairseach Eorpach na nAstaíochtaí Tionsclaíocha

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Lúnasa 2025