Bliain ar an bhfód don Chompás Straitéiseach: measúnú
Cliceáil ar an nasc thíos chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gCompás Straitéiseach.
Bliain ó d’fhormheas an Chomhairle go foirmiúil an Compás Straitéiseach an 21 Márta 2022, is suntasach an dul chun cinn atá déanta.
Tá méadú tagtha ar luas, solúbthacht agus freagrúlacht na misean agus na n-oibríochtaí.
Ord domhanda éiginnte
Anailísiú ar bhagairtí
Straitéis
Plean gníomhaíochta
Ceithre cholún:
1. Gníomhú: láithreacht agus rannpháirtíocht ar an talamh
Éifeachtacht na n-uirlisí bainistithe géarchéime sibhialtaí agus míleata méadaithe, cuir i gcás:
- Misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC):
- EUMAM Ukraine chun oiliúint a chur ar suas le 30 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine faoi dheireadh 2023
- misin nua, i gCugas Theas, sa tSaiheil agus i gcéin - An tSaoráid Eorpach Síochána
- tá an clár ‘oiliúint agus feistiú’ réidh anois
- seacht bpacáiste tacaíochta de chúnamh míleata don Úcráin dar luach €3.6 billiún
2. Cosaint: cumas bagairtí a thuar chun saoránaigh a chosaint
Tá dul chun cinn déanta chun:
- an acmhainneacht bainistithe géarchéime a neartú
- comhar a neartú i ndáil le cibearchosaint, trí Bheartas nua de chuid an Aontais maidir le cibearchosaint
- Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh a athbhreithniú
- Boscaí Uirlisí Hibrideach an Aontais a thógáil
- an treochlár um athrú aeráide agus cosaint a chur chun feidhme
- an comhar frithsceimhlitheoireachta le comharsana a neartú
- sócmhainní spáis an Aontais a chosaint agus a chinntiú gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint as seirbhísí spáis
3. Infheistiú: níos mó á chaitheamh agus ar bhealach níos fearr
Sna hinfheistíochtaí agus buiséid um chosaint áirítear:
- €70 billiún breise ag an Aontas ar chaiteachas cosanta faoi 2025, ó €214 bhilliún a baineadh amach cheana féin in 2021
- €1.2 billiún in 2022 le haghaidh tionscadail taighde & forbartha faoin gCiste Eorpach Cosanta
- buiséad €930 milliún le haghaidh glaonna ar thograí le leithdháileadh in 2023 faoin gCiste Eorpach Cosanta
- €500 milliún chun dreasachtaí a thabhairt maidir le soláthar comhpháirteach trealaimh mhíleata (togra le haghaidh rialacháin)
- tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta a bhunú - chun na riachtanais is mó práinn ag na Ballstáit a shainaithint
- Mol Nuálaíochta Cosanta de chuid an Aontais a bhunú
4. Comhpháirtiú: príomhfhoinse láidreachta agus athléimneachta
Treisíodh na comhpháirtíochtaí tríd an méid seo a leanas:
- ECAT: shínigh an tAontas agus ECAT dearbhú comhpháirteach sa Bhruiséil (Eanáir 2023) ina leagtar amach comhfhís faoin dóigh a ngníomhóidh siad le chéile chun bagairtí comhchoiteanna slándála a chomhrac
- comhar neartaithe leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip
- comhar leis an Aontas Afracach chun tacú le hoibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice lena n-áirítear trí €730 milliún faoi SES le haghaidh 2021-2024
- comhpháirtíochtaí déthaobhacha saincheaptha, mar shampla le SAM
Leis an gCompás Straitéiseach, tugtar treoir níos fearr agus comhfhís d’iarrachtaí an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta sna 5 go 10 mbliana amach romhainn.