An comhar idir an tAontas agus ECAT
Tá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ECAT ríthábhachtach chun an tslándáil agus an chobhsaíocht a choinneáil sa limistéar Eora-Atlantach, agus chun saoránaigh san Eoraip agus níos faide i gcéin a chosaint.
An fáth a bhfuil tábhacht leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas agus ECAT
Bunchloch na comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus ECAT is ea ár gcomhluachanna, ár dtiomantas dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna agus ar ár ngealltanas gan staonadh an tsíocháin, an tsaoirse agus an rathúnas a chur chun cinn agus a chosaint sa limistéar Eora-Atlantach.
Rinneadh caidreamh idir an tAontas agus NATO a institiúidiú go luath sna 2000í, ag tógáil ar na céimeanna a glacadh le linn na 1990í chun níos mó freagracht Eorpach a chur chun cinn i gcúrsaí cosanta.
Bhí an comhar idir an tAontas agus ECAT ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an tslándáil Eora-Atlantach. Tá ECAT fós mar bhunús na cosanta comhchoitinne dá bhaill, agus tá cosaint Eorpach níos láidre agus níos cumasaí a chomhlánaíonn ECAT bunriachtanach.
Tá an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus ECAT ríthábhachtach chun slándáil agus cobhsaíocht a choinneáil sa limistéar Eora-Atlantach, anois níos mó ná riamh mar gheall ar na dúshláin agus na bagairtí atá ag dul i méid.
Le chéile, déanann an tAontas agus ECAT ionadaíocht ar os cionn 1 bhilliún duine agus ar chuid de na geilleagair is mó ar domhan, rud a bhfuil tionchar suntasach polaitiúil agus míleata aige ar fud na cruinne.
Tá 23 as 27 mBallstát de chuid an Aontais ina mbaill de ECAT freisin.
Tíortha de chuid an Aontais ar baill de ECAT iad
Tá 23 bhall i gcoiteann ag ECAT agus ag an Aontas: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.
Réimsí an chomhair idir an tAontas agus ECAT
Cuimsíonn an comhar idir an tAontas agus ECAT roinnt réimsí straitéiseacha sonracha:
Bagairtí hibrideacha a chomhrac
Comhar chun feasacht staide chomhroinnte a fhorbairt maidir le bagairtí hibrideacha agus bagairtí sceimhlitheoireachta agus chun athléimneacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a fheabhsú.
Cumais chosanta
Gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas phróisis forbartha cumais an Aontais agus ECAT agus chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata.
Fothú acmhainneachta
Cúnamh a thabhairt do chomhpháirtithe maidir le fothú acmhainneachta agus a n-athléimneacht a neartú, lena n-áirítear sna Balcáin Thiar agus i gComharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt.
Comhar oibríochtúil
Malartú faisnéise maidir le teagmhálacha oibríochtúla agus iarrachtaí comhpháirteacha chun feabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil, go háirithe sa réimse muirí.
Tionscal na cosanta agus taighde
Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le cúrsaí tionscail agus taighde agus comhordú maidir le tionscnaimh ábhartha a chur chun feidhme.
Idirphlé polaitiúil
Is ionstraim fhíor-riachtanach i gcónaí é an t-idirphlé polaitiúil idir an tAontas agus ECAT chun comhthuiscint a neartú, muinín a chothú agus trédhearcacht fhrithpháirteach a chinntiú.
Cibearshlándáil agus cibearchosaint
Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, agus comhordú maidir le fothú cibear-acmhainneachta do chomhpháirtithe agus maidir le cibirchleachtaí agus cibearoiliúint.
Freachnaimh chomhordaithe
Cleachtaí comhthreomhara comhordaithe chun athléimneacht agus ullmhacht an dá eagraíocht a mhéadú i gcás géarchéime.
An comhar idir an tAontas agus ECAT go hiarbhír
Idir 2016 agus 2017, d’fhormhuinigh an Chomhairle agus ECAT 74 thogra chomhchoiteanna le haghaidh gníomhaíocht nithiúil i réimsí áirithe, mar shampla, an fhrithsceimhlitheoireacht, an tsoghluaisteacht mhíleata, an chibearshlándáil, cumais chosanta, an tionscal cosanta agus cur i gcoinne bagairtí hibrideacha.
I measc samplaí de na tionscnaimh sin tá:
- sraith idirphléití struchtúrtha lena ndírítear ar athléimneacht, soghluaisteacht mhíleata, an spás, an chibearshlándáil, an aeráid agus an chosaint, agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha
- léargais, tuarascálacha agus anailís fíor-ama a mhalartú ar ghníomhaíochtaí faisnéise naimhdeacha agus ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis
- comhairliúcháin maidir le hábhair níos leithne a bhaineann leis an tionscal cosanta agus ábhair nithiúla a bhaineann le rannpháirtíocht agus tacaíocht an tionscail
- malartuithe agus seisiúin tras-fhaisnéisithe rialta tar éis don Rúis cogadh foghach a chur ar an Úcráin
Gach bliain ó 2017 i leith, thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtograí comhchoiteanna.
- AE-ECAT: Leagtar béim sa 11ú tuarascáil ar dhul chun cinn ar chomhar marthanach i bhfianaise na ndúshlán slándála atá ag dul i méid (preaseisiúint, an 18 Meitheamh 2026)
- An comhar cosanta: Glacann an Chomhairle Conclúidí maidir le comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT, lena bhformhuinítear an tsraith chomhchoiteann de thograí nua maidir le hobair chomhpháirteach bhreise (preaseisiúint, an 5 Nollaig 2017)
- Comhar AE-ECAT: Glacann an Chomhairle Conclúidí chun an Dearbhú Comhpháirteach a chur chun feidhme (preaseisiúint, an 6 Nollaig 2016)
Freagairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair
Tá leathnú suntasach tagtha ar an gcomhar idir an tAontas agus ECAT le blianta beaga anuas, ag tógáil ar thrí dhearbhú chomhpháirteacha (in 2023, 2018 agus 2016), chomh maith le Compás Straitéiseach an Aontais agus Coincheap Straitéiseach ECAT a glacadh in 2022.
Sa tríú dearbhú comhpháirteach is déanaí maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, a glacadh an 10 Eanáir 2023, leagtar amach dúshláin an lae atá inniu ann agus an chaoi a dtabharfar aghaidh orthu leis an gcomhar.
Sa dearbhú, deir an tAontas agus ECAT go bhfuil siad aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a cháineadh go géar, agus maidir le tacú le ceannasacht, iomláine chríochach agus ceart féinchosanta na hÚcráine.
Ós rud é go bhfuil athrú ag teacht ar raon feidhme agus ar mhéid na mbagairtí agus na ndúshlán slándála atá os ár gcomhair, tabharfaimid ár gcomhpháirtíocht go dtí an chéad leibhéal eile ar bhonn an chomhair sheanbhunaithe atá eadrainn. Dearbhú comhpháirteach an 10 Eanáir 2023 maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT
Leagtar amach sa dearbhú comhfhís maidir leis an dóigh a n-oibreoidh an tAontas agus ECAT le chéile i gcoinne bagairtí comhchoiteanna. Tá comhar an Aontais agus ECAT á neartú agus á dhoimhniú i réimsí mar seo a leanas:
- an iomaíocht geostraitéiseach atá ag fás
- athléimneacht agus cosaint an bhonneagair chriticiúil
- teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha
- an spás
- impleachtaí slándála an athraithe aeráide
- ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis
- Dearbhú comhpháirteach AE-ECAT, an 10 Eanáir 2023
- Dearbhú comhpháirteach AE-ECAT, an 10 Iúil 2018
- Dearbhú comhpháirteach AE-ECAT, an 28 Meitheamh 2016
Féach freisin
Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
Compás Straitéiseach um shlándáil agus cosaint
An Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO)
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Meitheamh 2026