Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 12/06/2017, 12 Meitheamh 2017

Na príomhthorthaí

Talmhaíocht

Táirgí orgánacha

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an togra reachtach le haghaidh rialachán nua maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.

Chuir na hairí in iúl athuair go bhfuil siad tiomanta do theacht ar chomhaontú i dtaca leis an gcomhad agus phléigh siad na bealaí ar a bhféadfaí teacht timpeall ar an tsáinn ina bhfuil chaibidlíocht faoi láthair.

“Cé go bhfuil rún daingean againn teacht ar thoradh dearfach, is beag dul chun cinn a rinneamar le déanaí sa chaibidlíocht faoin rialachán maidir le táirgí orgánacha. D’iarr na Ballstáit ar Uachtaránacht Mhálta inniu téacs nuashonraithe a thíolacadh ionas go dtiocfar ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa sula mbeidh deireadh le tréimhse oifige na hUachtaránachta. Is mór againn gur cuireadh muinín ionann agus táimid tiomanta d’obair a dhéanamh ar an gcomhad seo go dtí an lá deireanach”

Clint Camilleri, Rúnaí Parlaiminte Talmhaíochta Mhálta agus Uachtarán na Comhairle 

Oibreoidh an Uachtaránacht ar théacs nuashonraithe d’fhonn cruinniú trípháirteach le Parlaimint na hEorpa a eagrú faoi dheireadh na míosa. Chuige sin, tionólfaidh sí cruinnithe déthaobhacha leis na Ballstáit a luaithe is féidir.

Staid an mhargaidh

Ar aon dul lena gealltanas go gcoinneodh sí súil ghéar ar staid an mhargaidh, fuair an Chomhairle faisnéis ón gCoimisiún maidir lena bhfuil ag titim amach sna príomhearnálacha talmhaíochta.

Mheas an Coimisiún go raibh staid an mhargaidh feabhsaithe go mór i gcuid mhaith earnálacha le míonna anuas, cé go raibh roinnt eisceachtaí i gcuid díobh, mar shampla in earnáil na n-éanlaithe clóis agus in earnálacha na muiceola i roinnt Ballstát.

Ba dhíol sásaimh do na hairí i gcoitinne na comharthaí dearfacha sin, ach dhírigh cuid díobh aird ar earnálacha áirithe a bhfuil deacrachtaí iontu fós mar gheall ar ró-sholáthar séasúrach, drochaimsirsrianta tréidliachta.

“Is mór againn an méid dearfach a thit amach i roinnt earnálacha talmhaíochta, ach ní mór dúinn a bheith ar an airdeall. Beidh an Chomhairle ar faichill i gcónaí agus tá sí réidh chun freagairt d’aon mheath tobann a d’fheadfadh teacht ar na dálaí eacnamaíocha.”

Clint Camilleri, Rúnaí Parlaiminte Talmhaíochta Mhálta agus Uachtarán na Comhairle 

Ábhair eile a bhí ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid seo a leanas freisin:

  • na gníomhaíochtaí a rinne an Uachtaránacht maidir le saincheist na hullmhachta maidir le sláinte plandaí agus ainmhithe, saincheist atá ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht Mhálta
  • an staid mar atá i gcás na calaoise feola sa Bhrasaíl
  • an chaibidlíocht leanúnach maidir le comhaontú trádála AE-Mercosur
  • an dul chun cinn atá déanta sa phlé ar an rialachán a bheartaítear maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta
  • seasamh an Aontais Eorpaigh sa chaibidlíocht leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
  • an chomhdháil aireachta idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach “Ag féachaint do thalmhaíocht inbhuanaithe san Afraic ar mhaithe leis an óige.” (An Róimh, 2 Meitheamh 2017), agus
  • síniú an “dearbhú Eorpach maidir le soighe” atá ar na bacáin

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025