- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 18/06/2018, 18 Meitheamh 2018
Na príomhthorthaí
Inniu bhí plé tábhachtach againn maidir le todhchaí na talmhaíochta agus an iascaigh. Sna blianta amach romhainn ní hamháin go mbeidh ar an dá earnáil an tslándáil bia a áirithiú don Eoraip, ach beidh orthu na dúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht, le nuálaíocht agus le hathnuachan glúine a chomhlíonadh. Is mian leis an gComhairle a áirithiú go bhfuil na huirlisí agus na hacmhainní airgeadais cearta ag an dá earnáil chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Rumen Porodzanov, Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta Phoblacht na Bulgáire, agus Uachtarán na Comhairle.
Iascach
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
Thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) nua ar fiú €6.14 billiún é lena ndéanfar infheistíocht sa gheilleagar muirí agus lena dtabharfar tacaíocht do phobail iascaireachta agus bhí deis ag na hairí a dtuairimí i leith an togra a thabhairt. Ba dhíol sásaimh do na hairí an togra agus d'aithin siad gur shaincheisteanna tábhachtacha iad fíorshimpliú agus fíorsholúbthacht do na Ballstáit.
Rialú iascaigh
Chuir an Coimisiún a thogra faoi bhráid na Comhairle lena ndéantar na bearta atá ann faoi láthair maidir le rialú iascaigh a shimpliú agus a fheabhsú. Is é is aidhm don togra comhlíonadh iomlán an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú chomh maith lena chuspóirí a bhaint amach.
Sna tuairimí uathu, leag na hairí béim ar an ngá leis an gcóras reatha a shimpliú gan ualach oibre breise agus phléigh siad an fhéidearthacht le tacaíocht airgeadais a fháil do na ríomhréitigh atá sa togra.
Deiseanna iascaireachta le haghaidh 2019
Tugadh eolas don Chomhairle ar theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le staid reatha an Chomhbheartais Iascaigh agus ar chomhairliúchán maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh 2019.
Ba dhíol sásaimh ar an iomlán do na Ballstáit an teachtaireacht ach leag siad béim ar na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme iomlán na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go háirithe maidir le speicis scoir, agus leochaileacht na n-iascach ar mhionscála, d'ainneoin feabhas foriomlán san fheidhmiú eacnamaíoch.
Cuireann an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le deiseanna iascaireachta tús leis an ngníomhaíocht bhliantúil lena socraítear na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na cuótaí náisiúnta don bhliain dar gcionn. Socrófar na TACanna do Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair, do speicis dhomhainfharraige i mí na Samhna, agus don Mhuir Thuaidh i mí na Nollag 2018.
Talmhaíocht
Pacáiste um athchóiriú CBT i ndiaidh 2020
Bhí an chéad mhalartú tuairimí foirmiúil ag an gComhairle i ndáil leis na tograí ón gCoimisiún maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta i ndiaidh 2020. Sna tograí, a tíolacadh ar an 1 Meitheamh, tá samhail nua seachadta do CBT ina mbeadh níos mó solúbthachta ag na Ballstáit a gcinntí a shaincheapadh agus iad a oiriúnú do na cúinsí áitiúla.
Ba dhíol sásaimh do na hairí gnéithe áirithe de na tograí ach b'ábhar imní dóibh na laghduithe a mholann an Coimisiún ar bhuiséad CBT i gcoitinne agus ar fhorbairt na tuaithe go háirithe, agus bhí siad amhrasach maidir le cumas CBT nua fíorshimpliú a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus d'fheirmeoirí. Le linn na díospóireachta cuireadh na hairí ar an eolas freisin maidir le meabhrán ar bhuiséad CBT i gcomhthéacs an chéad CAI eile, sínithe ag roinnt Ballstát agus bunaithe ar an laghdú atá ag teacht ar infhaighteacht uisce don talmhaíocht sa Chipir.
Staid an mhargaidh
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir leis na forbairtí is déanaí sna margaí talmhaíochta is tábhachtaí, go háirithe sna margaí déiríochta, siúcra agus muiceola.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an staid dhearfach agus an dearcadh dearfach eacnamaíoch atá ann i gcoitinne sna príomh-mhargaí talmhaíochta, ach chuir siad a n-imní in iúl freisin faoin staid dheacair in earnáil na muiceola sa Pholainn agus san Aontas i gcoitinne, faoin leibhéal ard dianseasmhach atá ag stoic idirghabhála an Aontais de phúdar bainne bhearrtha triomaithe agus faoi na dleachtanna ar allmhairí a d'fhorchuir údaráis SAM le déanaí ar ológa boird na Spáinne.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin maidir le roinnt saincheisteanna:
- an chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara maidir leis an tionchar atá ag iascaireacht bíge sa Mhuir Thuaidh ar an éiceachóras agus ar an gcomhshaol
- cosaint ar bheacha meala agus ar phailneoirí eile
- an tionscnamh BIOEAST i réimse na talmhaíochta, an dobharshaothraithe agus na foraoiseachta eolas-bhunaithe sa bhithgheilleagar
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Tosaíochtaí an Aontais in Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe: Conclúidí ón gComhairle
- 18/06/2018
- An eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh san Aigéan Ciúin Theas: Rialacha nua glactha ag an gComhairle
- 18/06/2018
- Iascach sa Mhuir Thuaidh: Plean bainistíochta ilbhliantúil glactha ag an gComhairle
- 18/06/2018
- Coinbhinsiún Aarhus: Cinneadh déanta ag an gComhairle rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a neartú
- 18/06/2018
- Illegal annexation of Crimea and Sevastopol: EU extends sanctions by one year
- 18/06/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025