Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 20/02/2014, 20 Feabhra 2014

Ghlac an Chomhairle Treoir maidir le cóipcheart agus rochtain ar cheol ar líne

Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Iomaíochais, ghlac na hAirí an Treoir nua maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus rinne siad príomhshaincheisteanna a phlé freisin ar ar áiríodh an t-iomaíochas tionsclaíoch.

Sa Treoir nua, a ghlac an Chomhairle an 20 Feabhra, dírítear ar fheabhas a chur ar an mbainistiú a dhéantar ar chóipcheart agus ceadúnú trasteorann don cheol ar líne. In ionad iachall a bheith orthu ceadúnas cóipchirt a fháil i ngach Ballstát AE, féadfaidh miondíoltóirí ar líne agus seirbhísí sruthú ceoil iad a fháil ó eagraíochtaí comhbhainistithe a oibríonn thar theorainneacha.

Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh rogha i bhfad níos leithne ar fáil do thomhaltóirí, mar gheall ar an Treoir, ó thaobh ceol le haghaidh íoslódáíl nó sruthú ar líne. Áiritheofar léi freisin go mbeidh cosaint níos fearr ar chearta taibheoirí agus go n-íocfar a gcuid dleachtanna níos tapúla.

A luaithe a thiocfaidh an Treoir i bhfeidhm, beidh dhá bhliain ag na Ballstáit chun í a chorprú sa dlí náisiúnta.

Bhí díospóireacht maidir le hiomaíochas tionsclaíochag na hAirí freisin, mar ullmhúchán don chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl i mí an Mhárta. Bhreathnaigh na hAirí ar shaincheisteanna amhail príomhbheartais agus príomhghníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar iomaíochas tionsclaíoch AE, bhreathnaigh siad ar iomaíochas na dtionscal atá dian ar fhuinneamh i gcomhthéacs cuspóirí nua beartais fuinnimh agus athraithe aeráide agus an deis a d'fhéadfadh a bheith ann ábhair a bhaineann le hiomaíochas tionsclaíoch a phríomhshruthú sna réimsí beartais uile.

Beidh torthaí na díospóireachta sin mar chuid den phlé a dhéanfar ar an iomaíochas tionsclaíoch ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta, a bheidh ar siúl an 20 agus an 21 Márta.

Cóipcheart ceoil a bhainistiú

Is iad na heagraíochtaí comhbhainistitheis mó a dhéanann comhbhainistiú ar chóipcheart. Déanann siad an méid a leanas:

  • tugann siad ceadúnais d'úsáideoirí tráchtála, amhail cainéil teilifíse, stáisiúin raidió agus soláthróirí de sheirbhísí ceoil ar líne
  • bailíonn siad dleachtanna agus athdháileann siad ar shealbhóir(í) cóipchirt iad

Féadann úsáideoirí tráchtála cearta a imréiteach do líon mór rianta ceoil trí eagraíochtaí comhbhainistithe. Ceal na heagraíochtaí sin a bheith ann, bheadh ar na húsáideoirí tráchtála dul i mbun caibidlíocht ar bhun aonair le cumadóirí agus taibheoirí.

Topaicí eile a bhí ar an gclár oibre

Thug na hAirí dá n-aire freisin gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an méid a leanas:

  • sonrascú leictreonach i gcás an tsoláthair phoiblí, ar cuid é den phacáiste Clár Oibre Digiteach don Eoraip
  • bunú sheirbhís um fhaireachán agus um rianú don spás, lena gcuirfear le sábháilteacht an bhonneagair spáis, sábháilteacht satailíte cur i gcás

Rinne na hAirí roinnt topaicí eile a phlé, lena n-áirítear:

  • an Suirbhé Bliantúil Fáis ón gCoimisiúin do 2014, agus an tuarascáil a ghabhann leis maidir le staid chomhtháthú an Mhargaidh Aonair, rud lena gcuirtear tús le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh
  • an dul chun cinn i leith chur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh um Thaighde (Ghlac na hAirí Conclúidí freisin)
  • an caidreamh idir AE agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025