Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 04-05/12/2014, 4-5 Nollaig 2014

Pléann an Chomhairle gníomhaíocht chun borradh a chur faoin margadh aonair 

Ag an gcruinniú a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 4-5 Nollaig, tháinig na hairí iomaíochais ar chomhaontú maidir leis an méid atá le déanamh chun an margadh aonair a fhorbairt agus chun dlús a chur le comhtháthú eacnamaíoch na hEorpa. 

An margadh aonair

Le linn na díospóireachta beartais maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an margadh aonair a fhorbairt, dhírigh na hairí ar na réimsí is dóchúla go nginfear infheistíocht agus fás iontu. Áirítear ar na réimsí sin:

  • an margadh aonair fuinnimh, iompar agus digiteach a chur i gcrích
  • cur chun feidhme éifeachtach na treorach um sheirbhísí
  • deireadh a chur leis an rómhaorlathas
  • borradh a chur faoi thrádáil ar líne
  • timpeallacht a chruthú a bheadh fabhrach do ghnóthaí beaga agus meánmhéide

I ndiaidh na díospóireachta, ghlac na hairí conclúidí maidir le rialáil chliste agus bainistiú rioscaí custaim, atá ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú níos fearr an mhargaidh aonair.

Sna conclúidí maidir le rialáil chliste, d'áitigh airí AE gur gá go mbeadh na rialacha Eorpacha trédhearcach, simplí agus go gcuideoidís le fás. Bhí na hairí i bhfabhar réitigh lena gcabhrófaí le gnóthaí agus le tomhaltóirí na costais a bhaineann leis na 28 margadh náisiúnta a sheachaint. I ndoiciméad maidir le bainistiú rioscaí custaim, thacaigh na hairí le straitéis AE a bhí beartaithe chun borradh a chur faoi thrádáil agus chun slándáil an tslabhra soláthair a theannadh ag an am céanna.  

Taisteal láneagraithe san Eoraip in 2011

  • Cheannaigh 23% den lucht saoire pacáistí saoire oiriúnaithe
  • Roghnaigh 23% díobh taisteal láneagraithe traidisiúnta réamhshocraithe
  • Rinneadh 35% de na díolacháin taistil uile ar líne 

Taisteal láneagraithe

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le seasamh i ndáil le hathchóiriú rialacha AE maidir le taisteal láneagraithe.   

Le 'taisteal láneagraithe' tagraítear do chomhcheangail de sheirbhísí taistil lena n-áirítear de ghnáth, iompar, óstán agus roinnt seirbhísí eile, amhail fruiliú gluaisteán. Téann na rialacha atá ann faoi láthair maidir le taisteal láneagraithe siar go dtí 1990 nuair nach raibh an t-idirlíon ann, nuair nach raibh na haerlínte léirscaoilte agus nuair ba shaoire agus turasanna láneagraithe réamhdheartha a bhí á dtairscint sa mhargadh taistil.

Leis an dréacht-reachtaíocht, déantar iarracht an chosaint atá ann faoi láthair a shíneadh do phacáistí taistil láneagraithe traidisiúnta a chuireann oibreoirí turais nó gníomhaireachtaí taistil le chéile, chun go n-áireofar taisteal láneagraithe a chuirtear le chéile de réir mian an tomhaltóra. 

Leis an gcomhaontú ar tháinig an Chomhairle air, tá sí in ann caibidlíocht a thosú le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dréacht-reachtaíocht.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Caighdeáin sábháilteachta

Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir leis na dréacht-rialacha lena nuashonraítear ceanglais sábháilteachta le haghaidh trealamh cosanta pearsanta agus feistí a úsáideann cáblaí le haghaidh iompair, amhail cairr chábla agus cathaoireacha cábla. Is é is cuspóir leis seo, rialuithe a theannadh gan ualach trom nó costais throma a chruthú don tionscal.

Tosóidh an Chomhairle caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis na dréacht-rialacha anois. 

Beartas don spás

Phléigh na hairí a iomaíche is atá earnáil spás na hEorpa agus an ról atá aici ó thaobh borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa. I ndiaidh na díospóireachta, glacadh na conclúidí ina leagann an Chomhairle amach na tosaíochtaí le haghaidh an bheartais Eorpaigh don spás agus na modhanna lena mbainfear amach iad. D'iarr an Chomhairle freisin go neartófaí taighde spáis agus go mbeadh comhar níos fearr ann idir AE, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus na Ballstáit.    

An Limistéar Eorpach Taighde

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh chun an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a bhaint amach, inar iarradh ar an gCoimisiún Eorpach feabhas a chur ar an sásra faireacháin i gcomhar le tíortha AE. Dúirt an Chomhairle freisin go bhfuil rialachas éifeachtach "agus ról níos fearr a bheith ag na Ballstáit" ag teastáil ó LET chun go bhfeidhmeoidh sé go hiomlán i gceart.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025