- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 25-26 Meán Fómhair 2014
Pléann an Chomhairle iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa
Cruinniú sa Bhruiséil an 25 agus an 26 Meán Fómhair, d'fhéach na hairí a bhfuil freagracht orthu maidir le hiomaíochas faoi bhealaí chun tionscal in AE a neartú agus phléigh siad an t-athbhreithniú atá beartaithe le déanamh ar an Straitéis Eoraip 2020, arb é plean 10-mbliana an Aontais é don fhás agus don iomaíochas.
Iomaíochas tionsclaíoch
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an iomaíochas tionsclaíoch a phríomhshruthú, ar próiseas é arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag beartais AE ar thionscal san Eoraip.
Ba ar bhonn na dtrí shaincheist a leanas a chuathas i mbun díospóireachta:
- na dúshláin atá os comhair iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa agus bealaí chun iad a shárú
- bealaí chun iomaíochas tionsclaíoch a phríomhshruthú i réimsí beartais eile
- bealaí chun feabhas a chur ar an gcur chuige i ndáil le hathchóirithe struchtúracha a bhainistiú agus le faireachán a dhéanamh orthu chun dlús a chur le hiomaíochas na hEorpa
Tar éis na díospóireachta, ghlac na hairí conclúidí inar iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach an obair a bheidh idir lámha aige amach anseo a dhíriú ar thionscnaimh lena gcuirfear dlús le hiomaíochas agus le nuálaíocht agus lena laghdófar rómhaorlathas agus ualaí rialála i gcomhair gnólachtaí san Eoraip
Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé úsáid níos éifeachtaí a bhaint as measúnuithe tionchair, ar doiciméid iad lena ndéantar measúnú ar na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag tionscnaimh AE a mholann an Coimisiún. Deirtear sna conclúidí go mba cheart do na measúnuithe sin meastóireacht a dhéanamh go cuí ar an tionchar a bheidh ag gach tionscnamh ar iomaíochas tionsclaíoch agus cur ar chumas na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a dtuairim a chur in iúl roimh thíolacadh na dréacht-reachtaíochta.
An Straitéis Eoraip 2020
Bhí díospóireacht sa Chomhairle freisin maidir leis an athbhreithniú a bheartaítear a dhéanamh ar an Straitéis Eoraip 2020. Is é is aidhm don straitéis, a seoladh in 2010, borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, poist a chruthú agus cuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn.
Dar le an-chuid airí, tá deis ag baint leis an athbhreithniú a bheartaítear chun tacú le téarnamh eacnamaíoch agus chun iomaíochas agus fás tionsclaíoch a spreagadh. Agus an straitéis á athsheoladh acu, is mian leo díriú ar an dá chuspóir a leanas a bhaineann le hiomaíochas:
- ailíniú níos fearr na margaí airgeadais agus an fhíor gheilleagair
- rialachas eacnamaíoch níos fearr, agus béim níos mó á leagan ar na tosaíochtaí a bhaineann le margadh aonair AE agus le hiomaíochas tionsclaíoch
I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an straitéis, phléigh na hairí freisin bealaí chun infheistiú i dtaighde agus nuálaíocht chun dlús a chur leis an bhfás.
Tá sé ar intinn ag uachtaránacht na hIodáile athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise trí phlé a thionól i bhfoirmíochtaí éagsúla na Comhairle sna míonna atá le teacht. Cuirfear san áireamh an toradh a bhí ar phlé na n-airí sa tuarascáil a chuirfear faoi bhráid cheannairí an Aontais i mí na Nollag.
Tabharfar treoir don Choimisiún Eorpach sa tuarascáil maidir le feabhas a chur ar chur chun feidhme na straitéise.
Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí i ndáil leis an athbhreithniú ar an straitéis i mí na Bealtaine agus táthar ag súil go gcuirfidh sé tograí sonracha ar fáil go luath in 2015.
Ábhair eile ar an gclár oibre
An Limistéar Eorpach Taighde
Roinn na hairí tuairimí ar a chéile maidir leis an margadh aonair taighde, eadhon an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a fhorbairt. Bhí an plé a rinneadh bunaithe ar an tuarascáil a thug an Coimisiún uaidh le déanaí ina ndéantar anailís ar an dul chun cinn a baineadh amach i ndáil le bailchríoch a chur ar LET.
Áiríodh na nithe seo a leanas ar na hábhair eile a pléadh le linn chruinniú na Comhairle:
- clár comhpháirteach le haghaidh taighde agus nuálaíochta sa réigiún Meánmhuirí (tionscnamh PRIMA)
- plean infheistíochta don Eoraip
- an córas cosanta aonadach paitinne a chur chun feidhme
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025