- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 26/05/2014, 26 Bealtaine 2014
Chomhaontaigh an Chomhairle maidir lena seasamh ar chosaint na rún trádála
Ag cruinniú na Comhairle Iomaíochais ar 26 Bealtaine, ghlac Airí an Aontais a seasamh ar chosaint níos fearr a dhéanamh ar rúin trádála. Agus an méid sin déanta, féadtar dul ar aghaidh leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Ghlac na hAirí den Aontas Eorpach a bhfuil freagracht orthu as an iomaíochas cur chuige ginearálta maidir leis an dréacht-Treoir lena dtugtar cosaint i gcoinne faisnéis rúnda gnó a bheith á goid.
Is éard is aidhm don togra ná go mbeadh sé níos éasca ag na cúirteanna náisiúnta déileáil le cásanna ina mbeadh faisnéis ghnó á goid, níos éasca dóibh siúd atá thíos leis cúiteamh a éileamh agus, maidir le táirgí ar sárú iad ar rúin trádála, go mbainfí den mhargadh iad.
Leis an gcur chuige ginearálta a ghlac an Chomhairle bunaítear íosleibhéal comhchuibhithe do dhlíthe sibhialta ar fud an Aontais, agus tugtar scóip do na Ballstáit bearta níos daingne a chur i bhfeidhm más gá sin.
Socraítear freisin gur 6 bliana an tréimhse inar féidir leis an ngearánaí caingean a thabhairt agus ráthaítear rúndacht na n-imeachtaí dlí. Déantar na prionsabail agus na sainmhínithe dlíthiúla a chur ar aon dul le comhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana féin.
Rúin trádála á ngoid san Aontas Eorpach
De réir staidéir éagsúla, rinneadh iarracht rúin trádála a ghoid ó cheann amháin de gach cúig ghnó san Aontas Eorpach le deich mbliana anuas. In 2013, thuairiscigh 25% de ghnónna ar a laghad cás amháin de shealbhú mídhleathach faisnéise, ar méadú é sin de 18% ón mbliain roimhe sin.
Le rúin trádála, áirítear faisnéis éagsúil, ón eolas teicneolaíoch go sonraí tráchtála amhail faisnéis maidir le custaiméirí, taighde margaidh nó pleananna gnó.
Córas ríomhGhlao
Ghlac na hAirí freisin seasamh na Comhairle i ndáil leis na riachtanais theicniúla le go mbeadh cairr nua feistithe le ríomhGhlao, seirbhís glao éigeandála is féidir a úsáid ar fud na hEorpa. Leis an gcomhaontú a bhain an Chomhairle amach is féidir tús a chur anois leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Nuair a bheidh sé glactha, bheadh ar mhonróirí gach carr nua a fheistiú le teicneolaíocht lena gcuirfí an tseirbhís 112-bhunaithe ríomhGhlao ar an eolas go huathoibríoch i gcás timpiste.
Tagann comhaontú an lae inniu tar éis chinneadh a rinne an Chomhairle níos luaithe an mhí seo an córas ríomhGhlao éigeantach a thabhairt isteach lena ndéileáiltear le glaonna éigeandála a sheoltar ó chairr i gcás timpiste.
Is cuid é an togra sin d'iarrachtaí an Aontais Eorpaigh sábháilteacht na mbóithre a mhéadú agus líon na mbásanna orthu a laghdú 50% faoin mbliain 2020.
Príomhábhair eile ar an gclár oibre
Athchóiriú chóras na dtrádmharc
Phléigh na hAirí an t-athchóiriú atá á dhéanamh faoi láthair ar chóras trádmharc an Chomhphobail. Is éard is aidhm leis an athchóiriú ná an córas a nuachóiriú le go mbeidh sé níos éasca don lucht gnó nuáil a dhéanamh. Chun an méid sin a bhaint amach, cuirfear feabhas ar éifeachtúlacht na cosanta a dhéantar ar thrádmhairc agus an teacht ar an gcosaint sin a dhéanamh níos éasca d'Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide.
An Treoir maidir le Taisteal Láneagraithe
Rinne an Uachtaránacht Ghréagach cur i láthair maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ar an Treoir maidir le Taisteal Láneagraithe. Is éard is aidhm don reachtaíocht atá á beartú na rialacha don mhargadh taistil a nuachóiriú, ós margadh é a bhfuil claochlú iomlán tagtha air le blianta beaga anuas, de bharr, i measc nithe eile, an idirlín.
Taighde agus nuáil
Ghlac na hAirí Conclúidí lenar tacaíodh le cur chun feidhme saoráidí uile-Eorpacha taighde atá sainithe ag an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagar Taighde (ESFRI). Is é misean ESFRI tacú leis an gceapadh beartais ó thaobh bonneagar taighde a fhorbairt ar bhealach straitéiseach agus úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar sin san Eoraip. Is é an Fóram a fhoilsíonn an treochlár ina liostaítear na tionscadail tosaíochta i gcomhréir le riachtanais fhadtéarmacha thaighdeoirí na hEorpa i ngach réimse den eolaíocht.
Ghlac an Chomhairle freisin Conclúidí maidir leis an ngá atá ann feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.
Phléigh na hAirí freisin na gníomhartha a theastaíonn chun dlús a chur faoin gcomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus tíortha na Meánmhara.
Ghlac an Chomhairle pacáiste na n-acmhainní dílse gan é a phlé. Is é atá sa phacáiste sin trí cinn de dhlíthe a bhaineann le buiséad 2014-2020 an Aontais. Is iad na hacmhainní dílse ioncam an Aontais Eorpaigh, lenar gá caiteachas iomlán an Aontais a chlúdach.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025