Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 02-03/03/2015, 2-3 Márta 2015

Na príomhthorthaí

Tionóladh an Chomhairle Iomaíochais i gcomhthéacs thosaíochtaí leathana Uachtaránacht na Laitvia faoi thuairim Eoraip a bheidh iomaíoch agus digiteach a bhaint amach. Le linn na Comhairle, pléadh na réimsí sin ina bhféadfar, le Margadh Aonair an Aontais agus le beartas dinimiciúil nuála, cumas na hEorpa fás eacnamaíoch agus poist a réadú.    

Eoraip dhigiteach i margadh aonair rathúil

Ghlac an Chomhairle Conclúidí ina leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla lena ndírítear ar bhacainní neamhriachtanacha sa mhargadh aonair a dhíchur agus lena n-éascófar aistriú réidh, mear chuig ré dhigiteach. 

Caithfear gníomhú láithreach má theastaíonn ón Eoraip a bheith i dtús cadhnaíochta sa réabhlóid dhigiteach agus feabhas a chur ar an iomaíochas Dana Reizniece-Ozola, Aire Eacnamaíochta na Laitvia.

Dúirt cathaoirleach an chruinnithe Dana Reizniece-Ozola, Aire Eacnamaíochta na Laitvia, go gcaithfear "gníomhú láithreach má theastaíonn ón Eoraip a bheith i dtús cadhnaíochta sa réabhlóid dhigiteach agus feabhas a chur ar an iomaíochas". Éilítear leis sin go ndíchuirfí cuid de na bacainní saorga lena gcuirtear cosc ar ár gcuideachtaí agus ar ár saoránach lántairbhe a bhaint as an margadh aonair ar bhonn comhionann. Tá sé ríthábhachtach, freisin, go gcruthaítear bunús le haghaidh creat daingean don infheistíocht. Tá an dá choinníoll sin ag teacht le meon agus le príomhfhócas Uachtaránacht na Laitvia chun Eoraip dhigiteach iomaíoch a bhaint amach". 

Phléigh na hAirí athrú digiteach an tionscail, úsáid níos forleithne a bhaint as uirlisí digiteacha agus fiontraíocht dhigiteach a spreagadh. Cuirfidh an toradh a bheidh ar an bplé sin go mór leis an Straitéis don Ríomh-Mhargadh Aonair atá ar na bacáin.      

An Infheistíocht a éascú

Tar éis díospóireacht a dhéanamh, leag na hAirí amach na príomhghnéithe lena gcruthófar rialacha níos intuartha, níos simplí agus níos fearr chun infheistíocht a éascú. Is é an cuspóir atá ann an Plean nua Infheistíochta a bheartaítear don Eoraip a chur chun feidhme, agus meastar go gcruthófar infheistíocht bhreise ar fiú ar a laghad €315 billiún í leis an bplean sin sna trí bliana atá romhainn.

Geilleagar sonraíbhunaithe

Rinne na hAirí idirphlé faoin gcaoi inar féidir leis an Aontas níos mó tacaíochta a thabhairt don aistriú i dtreo geilleagar sonraíbhunaithe agus dlús a chur leis an aistriú sin trí thaighde oscailte, líonraithe, sonraíshaothraithe a dhéanamh, faoi chuimsiú an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip.

Nuair a bhí an cruinniú thart, dúirt Mārīte Seile, Aire Oideachais agus Eolaíochta na Laitvia an méid a leanas: "Creidim go láidir gur trí nuálaíocht níos gasta agus níos leithne amháin a éireoidh linn teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur faoi réir na sochaí agus na ngnólachtaí araon. Braitheann an cumas nuálaíochta go mór ar cháilíocht agus ar chainníocht na n-infheistíochtaí agus ar an aistriú eolais idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach. I ndáil leis sin, tá an Chomhairle tar éis aghaidh a thabhairt ar dhá réimse ina bhféadfar dlús a chur leis an nuálaíocht trí thaighde oscailte, líonraithe, sonraíshaothraithe a dhéanamh, mar atá: na ríomh-bhonneagair agus na coinníollacha beartas agus creata uile-Eorpacha trína n-úsáidfear mórshonraí agus néalríomhaireacht ar bhealach níos fearr".

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025