"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 16 Feabhra 2021
Na príomhthorthaí
Téarnamh eacnamaíoch san Aontas
Rinne na hairí a marana faoin staid eacnamaíoch agus an t-ionchas eacnamaíoch atá ann faoi láthair. D'éist siad le cur i láthair ón gCoimisiún maidir lena réamhaisnéis gheimhridh do 2021 agus rinne an Banc Ceannais Eorpach cur i láthair maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcobhsaíocht airgeadais.
Dhírigh na hairí freisin ar chur chun feidhme na mbeart a comhaontaíodh anuraidh mar chuid de fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19.
Chuir an Uachtaránacht chun suntais go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm an 19 Feabhra. Beidh na Ballstáit in ann tosú ansin ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin go hoifigiúil. Phléigh na hairí an t-ullmhúchán leanúnach atá á dhéanamh i ndáil leis na pleananna agus na tosaíochtaí a bhaineann leo, agus tháinig siad ar chomhaontú maidir lena thábhachtaí atá sé leas a bhaint as gach iarracht d’fhonn pleananna cuimsitheacha, uaillmhianacha a chur i láthair a luaithe is féidir.
Tá sé ríthábhachtach bailchríoch a chur ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ar bhealach éifeachtúil agus críochnúil ionas go bhféadfar measúnú dearfach a dhéanamh ar chistí a bhfuil géarghá leo agus iad a eisíoc go pras.
João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile
Thug an Coimisiún forléargas freisin ar a oibríochtaí iasachtaíochta faoi SURE, an ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála. Tharraing na bannaí ardleibhéal spéise i measc infheisteoirí, rud a d'fhág téarmaí fabhracha praghsála mar thoradh air.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an gcinneadh maidir le hacmhainní dílse a dhaingniú, agus chuir sí chun suntais a thábhachtaí atá sé go dtabharfaí an próiseas chun críche go gasta.
Leag an Coimisiún amach a smaointeoireacht ar na bloic thógála don straitéis iasachtaíochta do Next Generation EU. Táthar ag súil le teachtaireacht a thíolacadh i mí Aibreáin maidir lena chuid oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.
Bhí malartú tuairimí tosaigh ag na hairí maidir leis na tosaíochtaí maoiniúcháin agus beartais do théarnamh tíortha ísealioncaim i gcomhthéacs Thionscnamh an Aontais Eorpaigh don Téarnamh Domhanda.
I bhfianaise na paindéime, tá an cheist tarraingthe faoin gcaoi ar féidir le tíortha i mbéal forbartha agus le tíortha ísealioncaim a dtéarnamh a mhaoiniú, ós rud é go bhfuil leath de na tíortha ar ísealioncam i mbaol anacra fiachais faoi láthair nó go bhfuil siad in anacair cheana féin. Phléigh na hairí na bealaí éagsúla ina bhféadfadh an tAontas agus a Bhallstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí maoiniúcháin sin don téarnamh ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Bhí an plé bunaithe ar na conclúidí maidir le faoiseamh fiachais idirnáisiúnta, go háirithe do thíortha na hAfraice, a ghlac an Chomhairle i mí na Samhna 2020.
D’ullmhaigh na hairí freisin don chruinniú a bheidh ag airí airgeadais G20 agus ag gobharnóirí na mbanc ceannais a thionólfar an 26 Feabhra.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.
Cuireadh in iúl do na hairí freisin go bhfuiltear ag súil go nglacfaidh an Chomhairle, tar éis na físchomhdhála, nós imeachta i scríbhinn, conclúidí maidir le treoirlínte buiséid do 2022 agus moladh go dtabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh don Choimisiún chun buiséad an Aontais do 2019 a chur chun feidhme.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.