"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 4 Samhain 2020
Na príomhthorthaí
Frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta
Phléigh na hairí na Conclúidí ón gComhairlemaidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, a bhfuil sé d’aidhm acu treoir a thabhairt don Choimisiún faoina thograí reachtacha a bhfuil súil leo in 2021 maidir le leabhar rialacha aonair, maoirseacht ar leibhéal an Aontais agus sásra comhordaithe agus tacaíochta d’aonaid faisnéise airgeadais na mBallstát.
Le linn an phlé, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad i gcoitinne leis na dréachtchonclúidí ón gComhairle mar a d’ullmhaigh Coreper iad agus ar leibhéal na saineolaithe.
Sna dréachtchonclúidí, leagann an Chomhairle amach réimsí éagsúla inar cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais a chomhchuibhiú trí rialachán atá infheidhme go díreach. Ina theannta sin, tacaíonn an Chomhairle le maoirseoir a bhunú ar leibhéal an Aontais ag a mbeidh cumhachtaí díreacha maoirseachta i ndáil le líon áirithe eintiteas ardriosca faoi oibleagáid chomh maith leis an údarás chun maoirseacht a ghlacadh ar láimh ó mhaoirseoir náisiúnta i gcásanna eisceachtúla a shaineofar go soiléir.
Tá an Chomhairle leis na conclúidí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn tar éis na físchomhdhála.
Tá an comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá ag Uachtaránacht na Gearmáine. Leis na cásanna sciúrtha airgid a líomhnaíodh le déanaí, cásanna san Aontas ina measc, cuirtear i dtreis an phráinn a bhaineann le gníomhú. Cuirfidh rialacha níos comhchuibhithe agus maoirseacht ar leibhéal an Aontais ar ár gcumas a bheith níos éifeachtaí agus creat frithsciúrtha airgid an Aontais a neartú. Is comhartha tábhachtach é go seasfaimid go léir le chéile maidir le bearta diana i gcoinne sciúradh airgid.
Olaf Scholz, Aire Cónaidhme Airgeadais na Gearmáine agus an Leas-Seansailéir
Following the video conference, the Council approved the conclusions by written procedure on 5 November 2020.
Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun sciúradh airgid a chosc
Iasachtaí neamhthuillmheacha
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme phlean gníomhaíochta 2017 maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha in earnáil na baincéireachta agus chuir sé i láthair gnéithe dá chéad phlean gníomhaíochta eile, agus táthar ag súil go leagfar amach straitéis chuimsitheach ina mbeidh meascán de ghníomhaíochtaí comhlántacha beartais chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Aontas.
Is iasachtaí bainc iad iasachtaí neamhthuillmheacha atá níos faide ná 90 lá thar téarma nó nach dócha go n-aisíocfar iad ina n-iomláine gan gá le réadú na comhthaobhachta. Tá siad fós ar leibhéal ard laistigh de roinnt Ballstát d’ainneoin dul chun cinn suntasach le blianta beaga anuas chun iad a laghdú. Meastar go dtiocfaidh méadú ar a gcóimheasa de dheasca ghéarchéim COVID-19.
Chomhaontaigh na hairí a thábhachtaí atá sé dlús a chur le cur chun feidhme na mbeart nach ndearnadh fós ó phlean gníomhaíochta 2017. Pléifidh siad an plean gníomhaíochta nua a luaithe a bheidh sé tíolactha ag an gCoimisiún.
Tuarascáil bhliantúil 2020 ón mBord Fioscach Eorpach
Cuirfidh Niels Thygesen, Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, tuarascáil bhliantúil 2020 ón mBord Fioscach Eorpach i láthair.
Tá anailís ar fáil sa tuarascáil ar fhaireachas agus ar chomhordú an bheartais fhioscaigh san Aontas agus tá sé d’aidhm aici geallsealbhóirí ábhartha, sa Choimisiún go háirithe, a chur ar an eolas agus iad ag iarraidh creat fioscach an Aontais a neartú agus a fheabhsú. Go háirithe, cuirtear ar fáil léi measúnú ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis in 2019 agus anailís réamhbhreathnaitheach ar na feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar chreat fioscach an Aontais.
Chuir an Uachtaránacht i láthair trí shraith de chonclúidí ón gComhairle a ullmhaíodh ar leibhéal na saineolaithe, i dtaca le tuarascáil speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an Seimeastar Eorpach, an Straitéis Bhliantúil um Fhás Inbhuanaithe 2021, agus staidreamh an Aontais. Tá na conclúidí le formheas ag an gComhairle tar éis na físchomhdhála, ag cruinniú fisiciúil de chuid na Comhairle nó trí nós imeachta i scríbhinn.
Chomh maith leis sin, chuir an Uachtaránacht na hairí, mar aon leis an gCoimisiún, ar an eolas faoin bplé a rinneadh ag cruinniú Airí Airgeadais an G20 agus Ghobharnóirí na mBanc Ceannais agus ag cruinniú bliantúil CAI/an Bhainc Dhomhanda i mí Dheireadh Fómhair.
Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis na tograí reachtacha maidir le seirbhísí airgeadais, go háirithe i ndáil leis na sainorduithe caibidlíochta don Phacáiste maidir le Téarnamh na Margaí Caipitil agus i dtaca le Rialachán na dTagarmharcanna a chomhaontaigh an Chomhairle le déanaí. Luadh freisin an obair ar na tograí reachtacha maidir le cibear-athléimneacht agus criptea-shócmhainní. Ina theannta sin, leag sí béim ar a thábhachtaí atá sé go dtiocfar ar chomhaontú gasta maidir leis an togra chun an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse na Cánach (DAC 7) a leasú.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.