"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 19 Eanáir 2021
Na príomhthorthaí
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Leag an Uachtaránacht amach príomhghnéithe an chomhaontaithe le Parlaimint na hEorpa agus na chéad chéimeanna eile. Chuir an Coimisiún faisnéis chothrománach ar fáil maidir le hullmhú na bpleananna náisiúnta agus roinn na hairí a dtaithí don ullmhúchán.
Tá Parlaimint na hEorpa le vótáil ar an rialachán lena mbunaítear an tsaoráid ag an seisiún iomlánach a bheidh aici i mí Feabhra, sula nglacfaidh an Chomhairle go foirmiúil é. Táthar ag súil go dtiocfaidh an tsaoráid i bhfeidhm sa dara leath de mhí Feabhra, agus ina dhiaidh sin beidh na Ballstáit in ann tosú ar a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta a thíolaic go hoifigiúil.
Is gné lárnach de fhreagairt na hEorpa ar phaindéim COVID-19 í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Dá bhrí sin, is príomhthosaíocht d’Uachtaránacht na Portaingéile é obair a dhéanamh chun go gcuirfear chun feidhme go pras agus go réidh í. Déanfaimid ár seacht ndícheall le linn ár dtréimhse chun tacú le próiseas ullmhúcháin agus formheasa na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta, atá ríthábhachtach do théarnamh eacnamaíoch na hEorpa agus d’aistrithe cuimsitheacha glasa digiteacha.
João Leão, Aire Stáit Airgeadais na Portaingéile (grianghraf: Rialtas na Portaingéile))
Chuir an Coimisiún i láthair teachtaireacht uaidh maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) i ndiaidh phaindéim COVID-19. Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an bplean gníomhaíochta.
Is iasachtaí bainc iad iasachtaí neamhthuillmheacha atá níos faide ná 90 lá thar téarma nó nach dócha go n-aisíocfar iad ina n-iomláine gan gá le díol na comhthaobhachta. Meastar go dtiocfaidh méadú ar a gcóimheasa de dheasca ghéarchéim COVID-19. Sa teachtaireacht nua uaidh, a chuireann leis an bplean gníomhaíochta a chomhaontaigh an Chomhairle in 2017, molann an Coimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist trí shraith gníomhaíochtaí agus beart a mbeidh ceithre phríomhchuspóir leo:
margaí tánaisteacha a fhorbairt a thuilleadh do shócmhainní tochsail
creataí dócmhainneachta a chóineasú ar fud an Aontais
tacú le bunú agus comhar cuideachtaí bainistíochta sócmhainní náisiúnta
bearta réamhchúraim a chur chun feidhme
Le linn na díospóireachta, chomhaontaigh na hairí gur gá cur chun feidhme na mbeart atá fós gan réiteach ó phlean gníomhaíochta 2017 a thabhairt chun críche. Leag an Uachtaránacht béim ar an aidhm atá aici dul chun cinn tapa a dhéanamh leis na tograí reachtacha maidir le margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha agus forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe, a luaithe a bheidh Parlaimint na hEorpa réidh.
Leanfar leis an obair chun dearcadh coiteann a fhorbairt i réimsí eile.
Chuir Uachtaránacht na Portaingéile i láthair a cuid tosaíochtaí do ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais do thréimhse a téarma oifige, a mhairfidh ó mhí Eanáir go mhí an Mheithimh 2021.
I réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, saothrófar na tosaíochtaí sna trí phríomhréimse seo a leanas:
An geilleagar a athsheoladh san Eoraip, áit a mbeidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar phríomhthosaíocht ag an Uachtaránacht. Beidh ról gníomhach aici freisin maidir leis an Seimeastar Eorpach a chur in oiriúint don téarnamh agus bogadh ar aghaidh le tionscnaimh a bhaineann le hiasachtaí neamhthuillmheacha.
An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú, áit a dtabharfaidh an Uachtaránacht aghaidh ar an bplé maidir le tionscnaimh an Aontais Baincéireachta, go háirithe Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú, agus maidir le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú. Ina theannta sin, tá sé beartaithe aici tús a chur le plé ar leasuithe ar an Treoir um Cheanglais Chaipitil agus ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, agus ar na tograí reachtacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, lena n-áirítear na haistrithe glasa agus digiteacha, ina ndíreofar ar dhul chun cinn a dhéanamh leis an bPacáiste Airgeadais Dhigitigh, ar obair a dhéanamh ar Straitéis Athnuaite Airgeadais Inbhuanaithe, agus ar leanúint den obair ar na dúshláin chánach a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach. Cuirfidh an Uachtaránacht tús freisin leis an bplé maidir le tabhairt isteach acmhainní dílse nua agus obair leantach ar phlean gníomhaíochta an Aontais Custaim.
Mar chuid de chleachtadh Sheimeastar Eorpach 2021, bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na conclúidí i ndáil le Tuarascáil 2021 maidir leis an Sásra Foláirimh, agus faoin dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Tá na doiciméid le faomhadh tar éis na físchomhdhála, ag cruinniú fisiciúil de chuid na Comhairle, nó trí nós imeachta i scríbhinn. Tar éis é a fhormheas, cuirfear an moladh maidir leis an limistéar euro ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach i mí an Mhárta lena fhormhuiniú.
Bhreathnaigh na hairí ar an obair a rinneadh ar thograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais. Leag an Uachtaránacht béim ar an obair atá le déanamh ar na tograí a bhaineann le margaí tánaisteacha d’iasachtaí neamhthuillmheacha, leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí, leis an treoir maidir le mótarárachas agus le pacáiste na teicneolaíochta airgeadais.
Chuir Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Werner Hoyer, príomhthorthaí an tSuirbhé Infheistíochta is déanaí de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.