"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 1 Nollaig 2020
Na príomhthorthaí
An comhar riaracháin i réimse an chánachais
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú ar thángthas air ar an leibhéal teicniúil i ndáil le leasuithe ar an treoir ón gComhairle maidir leis an gcomhar riaracháin i réimse an chánachais (‘DAC 7’). Bhí malartú tuairimí ag na hairí agus dheimhnigh siad go dtacaíonn siad leis an gcomhaontú.
Faoi na rialacha nua, ó 2023 ar aghaidh déanfaidh údaráis chánach na mBallstát eolas a mhalartú go huathoibríoch faoi ioncam a thuilleann díoltóirí ar ardáin dhigiteacha. Leis sin, cuideofar le himghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc chomh fada agus a bhaineann sé le gníomhaíochtaí ar na hardáin sin, neartófar cothroime chánach agus cuirfear cothrom na Féinne ar fáil do na hardáin agus dá ndíoltóirí araon.
Ina theannta sin, leis na rialacha nua, cuirfear feabhas freisin ar an malartú eolais agus ar an gcomhar idir údaráis chánach na mBallstát. Mar shampla, is fusa a bheidh sé eolas a fháil faoi ghrúpaí cáiníocóirí agus cuirfear feabhas ar na rialacha maidir le rialuithe a dhéanamh ar bhonn comhuaineach agus maidir le cead a thabhairt do na hoifigigh a bheith i láthair i mBallstát eile le linn fiosrúcháin. Leis na rialacha nua, soláthrófar creat d’údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó chun iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh. Beidh an creat sin i bhfeidhm i ngach Ballstát ó 2024 ar aghaidh ar a dhéanaí.
Tá dúshláin nua á gcruthú ag geilleagar na n-ardán digiteach do lucht riaracháin cánach, go háirithe nuair atá seirbhísí á dtairiscint thar theorainneacha. Leis na rialacha nua maidir leis an gcomhar riaracháin, cuirfear uirlisí tábhachtacha ar fáil do na Ballstáit chun a áirithiú go n-íocfaidh díoltóirí ar ardáin dhigiteacha a gcion cothrom cánach. Céim thábhachtach chun tosaigh é sin maidir lenár rialacha a oiriúnú don gheilleagar digiteach agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne calaois chánach agus imghabháil cánach a fheabhsú. An tAontas ar thús chadhnaíochta maidir le cánachas na n-ardán digiteach.
Olaf Scholz, Aire Cónaidhme Airgeadais na Gearmáine agus an Leas-Seansailéir
Táthar ag súil go nglacfaidh an Chomhairle an treoir sna seachtainí amach romhainn, a luaithe a gheofar tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a luaithe a bheidh an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch curtha i gcrích.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Rinne na hairí a marana ar an dul chun cinn a rinneadh a mhéid a bhaineann le neartú an Aontais Baincéireachta ar bhonn tuarascáil ón uachtaránacht ina gcumhdaítear na pléití a reáchtáladh i Meitheal ad hoc na Comhairle um Neartú an Aontais Baincéireachta.
Agus iad ag cloí le cur chuige iomlánaíoch, rinne na Ballstáit obair chuiditheach le linn ceithre chruinniú a bhí ag Meitheal ad hoc na Comhairle sa dara seimeastar de 2020 agus phléigh siad na gnéithe uile a mheastar a bheith bunriachtanach chun go mbeadh Aontas Baincéireachta níos stóinsithe ann:
bearta darb aidhm bainistiú géarchéime baincéireachta a fheabhsú,
comhtháthú feabhsaithe earnáil baincéireachta an Aontais sa mhargadh agus cothromaíocht bhaile-óstach,
láimhseáil rialála neamhchosaintí ceannasacha, agus
gnéithe dearaidh de scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT) ar bhonn na samhla hibridí mar a thugtar uirthi.
Ina tuarascáil ar dhul chun cinn, d’iarr an Uachtaránacht ar uachtaránacht inteachta na Portaingéile tógáil ar an dul chun cinn atá déanta agus leanúint de bheith ag obair i dtreo an Aontais Baincéireachta a neartú, agus aghaidh á tabhairt aici ar na gnéithe ar fad.
Aontas na Margaí Caipitil – Conclúidí ón gComhairle
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi dhréachtchonclúidí ón gComhairle maidir le Plean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil (CMU). Tá na conclúidí le formheas ag an gComhairle trí nós imeachta i scríbhinn tar éis na físchomhdhála neamhfhoirmiúla.
Is tosaíocht d’Uachtaránacht na Gearmáine é tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hAontas na Margaí Caipitil toisc gur gá do na margaí caipitil fónamh do na saoránaigh agus don fhíorgheilleagar trí dheiseanna infheistíochta fadtéarmacha agus rochtain éasca ar mhaoiniú a chur ar fáil. Sna conclúidí ón gComhairle, leagtar amach tosaíochtaí na Comhairle as measc na mbeart i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin mar threoir don Choimisiún agus reachtaíocht agus tionscnaimh neamhreachtacha á n-ullmhú aige amach anseo.
An staid eacnamaíoch agus an Seimeastar Eorpach 2021
Mar chuid de phróiseas bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh i dtaca le faireachán a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát, thíolaic an Coimisiún dhá dhoiciméad:
tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh, lena gcuirtear tús leis an nós imeachta don mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch
dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún ar fáil do na hairí a mheasúnú ar an staid eacnamaíoch agus fhioscach bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíoch fhómhar 2020.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí ar an mbonn sin. Tá sé beartaithe go bhformheasfaidh an Chomhairle an moladh maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro agus na conclúidí maidir leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh i mí Eanáir 2021.
Chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir leis an gcruinniú a bhí ag airí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais an 13 Samhain 2020, inar díríodh ar fhaoiseamh fiachais. Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na conclúidí ón gComhairle maidir le faoiseamh fiachais idirnáisiúnta a formheasadh an 30 Samhain 2020.
Sna conclúidí, cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir go dtacaíonn an tAontas le cur chuige idirnáisiúnta comhordaithe d'fhaoiseamh fiachais do thíortha na hAfraice. Is díol sásaimh di an Tionscnamh ó G20 agus ó Chlub Pháras chun Seirbhísiú Fiachais a chur ar Fionraí (DSSI) agus an síneadh a cuireadh leis. Bhí ról bunriachtanach ag DSSI i ndáil le tacú le tíortha a d’iarr a bheith rannpháirteach, trí spás fioscach a scaoileadh chun bearta sóisialta, sláinte agus eacnamaíocha a mhaoiniú chun freagairt ar an bpaindéim. Is díol sásaimh don Chomhairle freisin comhaontú G20 maidir le Creat Comhchoiteann um Chóireáil Fiachais lasmuigh de DSSI a bheidh ríthábhachtach chun comhordú láidir na gcreidiúnaithe a áirithiú agus a mheastar a bheith ina chéim mhór chun cinn san ollstruchtúr idirnáisiúnta d’athstruchtúrú an fhiachais cheannasaigh.
Phléigh na hairí cánachas idirnáisiúnta, agus an obair leanúnach agus an bealach chun cinn maidir le réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hollstruchtúr na rialacha maidir le cánachas idirnáisiúnta a bheidh ann sa todhchaí.
Rinneadh an plé i gcomhthéacs na gcéad chéimeanna eile a bheidh le tabhairt i bhfóraim G20 agus ECFE chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach atá ann mar thoradh ar dhigiteáil an gheilleagair agus ar chreimeadh an bhoinn cánach agus aistrithe brabúis. Ar leibhéal an Aontais, thíolaic an Coimisiún tacar beart, an 15 Iúil 2020, ina phacáiste maidir le cánachas cothrom simplí. An 27 Samhain 2020, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cánachas cothrom éifeachtach lena léirítear an measúnú a rinne sí ar na príomh-shaincheisteanna beartais cánach i roinnt réimsí, lena n-áirítear cánachas idirnáisiúnta.
Sna conclúidí uaithi, léiríonn an Chomhairle gur díol sásaimh di an dul chun cinn suntasach a rinneadh ar leibhéal Chreat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis i ndáil leis an gcreat idirnáisiúnta maidir le cánachas corparáideach a nuashonrú agus dearbhaíonn sí go dtacaíonn sí i gcónaí leis an obair sin, arb é is aidhm di réiteach domhanda bunaithe ar chomhthoil a bhaint amach faoi lár 2021 ar a dhéanaí. Cuireann sí in iúl go bhfuil an tAontas agus a chuid Ballstát sásta féachaint an bhféadfaí an comhaontú domhanda a chur chun feidhme a luaithe is féidir.
Cuireann an Chomhairle i dtreis freisin an dul chun cinn a rinneadh faoi stiúir Mheitheal na Comhairle um an gCód Iompair do Chánachas Gnó chun caighdeáin um dhea-rialachas cánach a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den Aontas trí thús a chur le plé maidir le hathbhreithniú shainordú 1997 na meithle agus trí leanúint den obair ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Baineann sruth oibre tábhachtach eile leis an gcomhar riaracháin maidir le cúrsaí cánach, réimse ina mbeidh rialacha nua an Aontais ar an malartú eolais maidir le hioncam a ghintear ar ardáin dhigiteacha ina eiseamláir ar fud an domhain.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais, go háirithe maidir leis an obair ar na comhaid reachtacha sa phacáiste airgeadais dhigitigh agus na cruinnithe tríthaobhacha le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an bPacáiste maidir le Téarnamh na Margaí Caipitil. Maidir le Rialachán na dTagarmharcanna, thángthas ar chomhaontú sealadach leis an bParlaimint ag an gcruinniú tríthaobhach inné, faoi réir formhuiniú ón dá institiúid.
Thíolaic an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2019.
Chuir an Iodáil na tosaíochtaí dá huachtaránacht ar G20 in 2021 i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.