"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 16 Aibreán 2021
Na príomhthorthaí
An téarnamh eacnamaíoch
Rinne na hairí a marana faoin staid eacnamaíoch agus faoin ionchas eacnamaíoch reatha.
Thug an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach a dtuairimí faoin staid eacnamaíoch agus an t-ionchas eacnamaíoch reatha. Ina theannta sin, thug an Coimisiún nuashonrú ar chur chun feidhme an chreata shealadaigh do státchabhair, rud a chuireann ar chumas na mBallstát tacaíocht níos solúbtha a thabhairt dá ngeilleagair le linn na paindéime, agus mhínigh sé na naisc atá ag an gcreat leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
Mar chuid den mheasúnú rialta ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an staid mar atá i ndáil leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú. Chomh maith leis sin, chomhroinn siad an taithí a fuaireadar le linn chéim ullmhúcháin na bpleananna. Tá deireadh ag teacht leis an gcéim sin anois agus déanfar na pleananna a chur isteach go foirmiúil go luath ina dhiaidh sin.
Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht, a foilsíodh an 14 Aibreán, maidir le Next Generation EU a mhaoiniú. Thug an Uachtaránacht nuashonrú ar dhaingniú an chinnidh maidir le hacmhainní dílse, agus chuir sí in iúl go bhfuil an próiseas curtha i gcrích cheana féin ag 17 mBallstát.
Anois agus spriocdháta ‘bog’ an 30 Aibreán ag druidim linn, táim ag súil go gcuirfear formhór na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta isteach go hoifigiúil sna seachtainí amach romhainn. Is é an aidhm atá ann na chéad phleananna a fhormheas roimh an samhradh. Tá gach iarracht á déanamh an próiseas daingniúcháin a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Tá muinín agam, mar sin, go bhfuil cur chun feidhme an chiste téarnaimh ag feidhmiú go maith agus go bhféadfadh an réamh-mhaoiniú tosú ag sreabhadh isteach sa gheilleagar i rith an tsamhraidh.
João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta nua maidir le hAontas na Margaí Caipitil. Dhírigh sé ar na príomhthionscnaimh atá ar na bacáin do na míonna atá le teacht, go háirithe an Pointe Rochtana Aonair Eorpach, ar cheart dó cabhrú le hinfheisteoirí rochtain éasca, thapa agus inchomparáide a fháil ar shonraí cuideachtaí Eorpacha, agus ar an gcaoi sin, maoiniú cuideachtaí Eorpacha a éascú.
Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí le déanaí d’fhonn togra reachtach a ullmhú le linn 2021 maidir leis an bPointe Rochtana Aonair Eorpach.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le plean gníomhaíochta an Choimisiúin i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil i mí na Nollag 2020, ina leagtar amach na tosaíochtaí atá aige maidir le tuilleadh oibre. Leagtar béim sna conclúidí gur cheart, ag an bpointe seo, tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá tábhachtach chun cistiú an gheilleagair – go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide – a fheabhsú, agus ar féidir leo tacú le téarnamh eacnamaíoch tapa i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir lena bhfuil i ndán don ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt, agus ghlac Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha agus Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Odile Renaud-Basso agus Werner Hoyer páirt ann.
Tá ról tábhachtach domhanda ag ollstruchtúr airgeadais forbartha na hEorpa chun an bhochtaineacht agus an neamhionannas a chomhrac, chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Mar sin féin, tá an struchtúr casta: tá iliomad gníomhaithe náisiúnta agus ón Aontas, chomh maith le hionstraimí airgeadais, ag baint leis. In 2019, cuireadh tús leis an machnamh ar an gcaoi a bhféadfaí é a dhéanamh níos comhtháite, níos straitéisí, níos cuimsithí, níos éifeachtaí agus níos infheicthe. Sna conclúidí uaithi i mí na Nollag 2019, leag an Chomhairle amach a tuairimí maidir leis na feabhsuithe tosaigh atá le déanamh agus leag sí amach bealach chun cinn don mhachnamh polaitiúil.
Ó shin i leith, tá paindéim COVID-19 agus a tionchar ar na tíortha is lú forbairt agus is leochailí tar éis dúshláin nua a chruthú. Ag an bhfíschomhdháil, leag na hairí amach a dtuairimí maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh bunaithe ar eolas a bailíodh ó 2019 i leith. Bhí comhdhearcadh ann go bhféadfadh méadú agus feabhsú an leagan amach institiúideach reatha a bheith ar an mbealach is praiticiúla agus is éifeachtúla chun spriocanna an Aontais a bhaint amach agus chun tacú le tíortha comhpháirtíochta. Bhí na hairí ar aon intinn freisin gur mithid bogadh ó mhachnamh go gníomh.
Táthar ag súil go bhformheasfaidh an Chomhairle conclúidí i mí na Bealtaine maidir lena bhfuil i ndán don ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt.
Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le toradh chruinniú airí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais a bhí ar siúl an 7 Aibreán 2021.
Ba é sin an dara cruinniú a eagraíodh faoi Uachtaránacht na hIodáile ar G20. Díríodh sa phlé ar staid an gheilleagair dhomhanda, ar iarrachtaí chun an téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn agus ar fhás níos inbhuanaithe a chur chun cinn, ar thacaíocht do na tíortha is leochailí, ar chánachas idirnáisiúnta agus ar shaincheisteanna a bhaineann leis an earnáil airgeadais. Eisíodh ráiteas comhpháirteach ag deireadh an chruinnithe.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.
Tá na Ballstáit ag obair chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, dar luach €672.5 billiún, a iompú ina gníomhaíocht nithiúil
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.