Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 16 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Cánachas digiteach

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid na himeartha agus faoin mbealach chun cinn maidir leis na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair. Rinneadh an plé roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta, áit a meastar go bpléifidh ceannairí an Aontais an tsaincheist sin.

Ag an bplé seo, chuir na hairí i dtreis a dtacaíocht leanúnach don chaibidlíocht atá ar bun san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), caibidlíocht atá dírithe ar réiteach domhanda bunaithe ar chomhthoil a bhaint amach faoi lár na bliana 2021. Thug siad dá n-aire an dlús atá ag baint leis seo, chuir siad in iúl go raibh súil acu go ndéanfaí dul chun cinn pras agus chuir siad in iúl go raibh siad réidh chun páirt a ghlacadh i gcomhaontú domhanda. Anuas air sin, dhearbhaigh na hairí go raibh siad réidh le scrúdú a dhéanamh ar réitigh don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as an digitiú, i gcás nach mbeadh aon dul chun cinn déanta sa bhformáid G20/ECFE.

Dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé ag obair ar thogra reachtach maidir le “tobhach digiteach” agus a bheidh ina fhoinse acmhainní dílse breise ag an Aontas Eorpach. Chuir sé chun suntais gur ionstraim ar leith a bheadh anseo agus nár cheart í a nascadh leis na rialacha maidir le cáin chorparáide atá á gcaibidliú ag G20/ECFE.

Thug an Uachtaránacht dá haire go raibh na Conclúidí ón gComhairle an 27 Samhain 2020 maidir leis an gcánachas digiteach fós bailí don bhealach chun cinn sa réimse sin.

Tá na ballstáit uile ar aon fhocal gur chun a leasa féin atá sé an deis a thabhairt don chaibidlíocht leanúnach in ECFE i ndáil leis na rialacha maidir le cánachas corparáideach a athchóiriú. Teacht ar chomhthoil dhomhanda, i gcomhthéacs iltaobhach, an bealach chun cinn. Tá sé dearbhaithe againn freisin go bhfuilimid toilteanach teacht ar réiteach Eorpach, más amhlaidh nach ndéanfar aon dul chun cinn sna cainteanna ar leibhéal ECFE. Táimid ag tnúth le togra ón gCoimisiún maidir leis an tobhach digiteach. Ionstraim ar leith is ceart a bheith ann agus ionstraim nach mbeidh nasctha leis na rialacha maidir le cáin chorparáide atá á gcaibidliú san ECFE. João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile

Téarnamh eacnamaíoch san Aontas

Rinne na hairí a marana faoin staid eacnamaíoch agus an t-ionchas eacnamaíoch reatha. Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach cur i láthair faoin staid eacnamaíoch agus airgeadais san Aontas Eorpach agus rinne an Banc Ceannais Eorpach cur i láthair maidir leis na réamhaisnéisí is déanaí uaidh.

Chuir an Coimisiún Eorpach i láthair a theachtaireacht Bliain amháin ó thús COVID-19: freagairt an bheartais fhioscaigh”. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le maidir le stiúradh an bheartais fhioscaigh i bhfianaise na neamhchinnteachta reatha agus na n-ionchas téarnaimh. Thug siad aird faoi leith ar na hargóintí a thíolaic an Coimisiún maidir le cur i bhfeidhm chlásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Cé gur chomhaontaigh siad nár cheart an tacaíocht fhioscach a aistarraingt ró-luath, ní mór do na Ballstáit, ag an am céanna, a gcuid beartas féin a oiriúnú ag tráth iomchuí chun an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma a chinntiú.

Táthar ag súil go leagfaidh an Coimisiún treoir níos mionsonraithe amach maidir le beartais fhioscacha i bpacáiste an earraigh dá Sheimeastar Eorpach.

Bhreathnaigh na hairí freisin ar chur chun feidhme na Saoráide um Théarnamh agus Athléimneacht agus ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a dhaingniú.

Tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin lena mbunaítear an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht (RRF) i mí Feabhra, féadfaidh na Ballstáit a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin go hoifigiúil anois. Thug an Uachtaránacht dá haire go bhfuil go leor Ballstát chun tosaigh maidir lena gcuid pleananna a ullmhú agus mheabhraigh sí go mbeidh cur chun feidhme pras RRF chun tairbhe don téarnamh ar fud na hEorpa. Chuir an Coimisiún chun suntais réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn agus chuir sé i dtreis an gá le hailíniú iomlán idir na dréachtphleananna náisiúnta agus rialachán RRF.

Phléigh na hairí tosaíochtaí na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta tar éis dóibh a dtuairimí a mhalartú maidir leis na pleananna i mí Eanáir agus i mí Feabhra.

João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile
Tá obair dhian á déanamh ag na Ballstáit ar a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Tá sé in am anois dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh. Táim ag súil leis na chéad aighneachtaí oifigiúla de phleananna náisiúnta sna seachtainí amach romhainn.
João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile
João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile

Íocaíochtaí miondíola

Chuir an Uachtaránacht in iúl do na hairí go bhfuil sé beartaithe don Chomhairle, tar éis teacht ar chomhaontú ar an leibhéal teicniúil, conclúidí a ghlacadh maidir leis an straitéis íocaíochtaí miondíola, gan aon phlé, ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascach an 22-23 Márta.

Thíolaic an Coimisiún an straitéis an 24 Meán Fómhair 2020 agus leagtar amach inti creat cuimsitheach le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhargadh na n-íocaíochtaí miondíola san Aontas. Sna dréachtchonclúidí, tugann an Chomhairle sainordú láidir polaitiúil don Choimisiún chun tionscnaimh a thabhairt ar aghaidh sa réimse sin, lena n-áirítear chun úsáid réiteach íocaíochtaí meandracha a chur chun cinn agus chun tacú le forbairt an euro dhigitigh. Cuireann sí chun suntais na dúshláin iomadúla atá le cur san áireamh, amhail cuimsiú airgeadais, slándáil agus cosaint tomhaltóirí, cosaint sonraí agus gnéithe frithsciúrtha airgid.

Míreanna eile

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le toradh chruinniúairí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais a tionóladh i mí Feabhra. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir leis na hullmhúcháin do chruinnithe an earraigh idir airí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais agus CAI a thionólfar an tseachtain dar tús an 5 Aibreán.

Thug na hairí dá n-aire an staid mar atá i ndáil leis na tograí reachtacha agus cur chun feidhme treoracha i réimse na seirbhísí airgeadais.

Ba mhaith le hairí an Aontais go mbeadh córas cóir cánachais ann do gach cuideachta

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025