Skip to content

Míniú ar an Seimeastar Eorpach

Is creat é an Seimeastar Eorpach chun beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus shóisialta a chomhordú laistigh den Aontas Eorpach.

Cad é an rud é an Seimeastar Eorpach?

Is cuid de chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh é. Tríd an seimeastar Eorpach, déanann na Ballstáit a mbeartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha a ailíniú leis na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais.

Tarlaíonn an próiseas comhordaithe beartas socheacnamaíoch sin gach bliain ó mhí na Samhna.

Príomhchuspóirí an tSeimeastair Eorpaigh

Is é is aidhm don Seimeastar Eorpach rannchuidiú leis an méid seo a leanas:

  • airgeadas poiblí fónta a chinntiú, easnaimh bhuiséadacha iomarcacha a chosc agus fiachas rialtais a chosc nó a laghdú
  • cóineasú agus cobhsaíocht a chinntiú san Aontas
  • an fás eacnamaíoch a chothú
  • míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc san Aontas
  • faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta
  • beartais fostaíochta agus shóisialta a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu
Léaráidí d’amlíne an tSeimeastair Eorpaigh, de chairteacha eacnamaíocha agus de charn airgid
An Seimeastar Eorpach (Grafaic faisnéise)

An Seimeastar Eorpach (Grafaic faisnéise)

Bunús dlí an tSeimeastair Eorpaigh

Is féidir teacht ar an mbunús dlí do phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh in Airteagail 121 agus 148 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Déantar comhordú na mbeartas buiséadach náisiúnta san Aontas a shainiú tuilleadh leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), arb é is aidhm dó airgeadas fónta rialtais a chinntiú, ar airgeadas é atá riachtanach le haghaidh cobhsaíocht praghsanna agus chun fás láidir inbhuanaithe a chothú a chuideoidh le poist a chruthú.

Neartaíodh rialacha agus cur i bhfeidhm CCF le gníomhartha reachtacha na reachtaíochta ar a dtugtar an ‘dé-phaca’ agus an ‘sé-phaca’.

Le déanaí, le creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais, atá i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2024, tugadh isteach athruithe ar an gcuid choisctheach agus cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Cé acu na beartais a ndéantar comhordú orthu le linn an tSeimeastair Eorpaigh?

Cumhdaítear leis an Seimeastar Eorpach comhordú beartais eacnamaíoch, shóisialta, fostaíochta, struchtúraigh agus bhuiséadaigh:

  • beartais bhuiséadacha, chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
  • míchothromaíochtaí maicreacnamaíochaa chosc agus a cheartú
  • athchóirithe struchtúracha, lena ndírítear ar an bhfás agus ar an bhfostaíocht a chur chun cinn
  • athchóirithe struchtúracha atá leagtha amach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta
  • beartais fostaíochta agus shóisialta, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

Cén fáth ar cruthaíodh an Seimeastar Eorpach?

Tugadh chun solais i ngéarchéim eacnamaíoch 2008 gur gá neart a chur leis an rialachas eacnamaíoch agus feabhas ar chomhordú na mbeartas buiséadach agus sóisialta idir na Ballstáit.

Trí fheabhas a chur ar chomhordú an bheartais eacnamaíoch, shóisialta, fostaíochta, struchtúraigh agus bhuiséadaigh, féadfar éagothromaíochtaí a chosc agus cóineasú agus cobhsaíocht a chinntiú san Aontas ina iomláine agus sna Ballstáit.

Na nósanna imeachta gaolmhara a bhí ann go dtí 2010 i ndáil le comhordú an bheartais, cuireadh i bhfeidhm iad go neamhspleách ar a chéile. Mheas na Ballstáit go raibh gá le hamchláir na nósanna imeachta sin a shioncrónú chun an próiseas a chuíchóiriú agus chun spriocanna na mbeartas náisiúnta a ailíniú ar bhealach níos fearr agus na cuspóirí a bhí leagtha síos acu ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh ag an am céanna. Bhí gá freisin le faireachán agus comhordú a leathnú chun beartais níos leithne a chumhdach.

Ar na cúiseanna sin agus mar chuid d'athchóiriú níos fairsinge ar rialachas an Aontais, chinn an Chomhairle Eorpach an Seimeastar Eorpach a bhunú in 2010.

Cuireadh an chéad timthriall den Seimeastar Eorpach i gcrích in 2011.

An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Feabhra 2026