- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), 10 Samhain 2023
Na príomhthorthaí
Buiséad an Aontais 2024: Príomhréimsí (Grafaic faisnéise)
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le buiséad bliantúil an Aontais do 2024.
Is é €189,385.4 milliún méid iomlán na ngealltanas. Tá €360 milliún ar fáil faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha do 2021-2027, rud a ligeann don Aontas gníomhú de réir na riachtanas nach féidir a thuar.
Is é €142,630.3 milliún méid iomlán na n-íocaíochtaí.
Is maith liom gur éirigh linn teacht ar chomhaontú maidir le buiséad na bliana seo chugainn. Beidh ar ár gcumas díriú ar réimsí tosaíochta an Aontais agus beidh neart solúbthachta airgeadais ann agus muid ag tabhairt aghaidh ar rudaí nach bhfuil coinne leo a bhuí leis. Cinntítear leis freisin cur chuige réalaíoch, agus an staid eacnamaíoch reatha, leasanna na gcáiníocóirí agus an gá atá le freastal ar dhúshláin nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn in 2024 á gcur san áireamh. Esperanza Samblás, Státrúnaí na Spáinne agus Príomh-Idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2024
Tá 14 lá ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chun an comhaontú ar thángthas air a fhormheas go foirmiúil. Táthar ag súil go bhformhuineoidh an Chomhairle é an 20 Samhain.
Tá gá le tromlach cáilithe laistigh den Chomhairle, i gcomhaontú le Parlaimint na hEorpa, chun an buiséad a ghlacadh (bunús dlí: Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025