Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Nollaig 2023

Na príomhthorthaí

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

Phléigh an Chomhairle an t-athchóiriú atá beartaithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
Tá dul chun cinn suntasach déanta againn ar bhonn na ndianchomhairliúchán a bhí againn le seachtainí agus míonna anuas. Táimid chóir a bheith réidh. Níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir leis na comhairliúcháin pholaitiúla, dhlíthiúla agus theicniúla uile, ach tá súil againn é sin a thabhairt chun críche sna laethanta agus sna seachtainí beaga amach romhainn, ionas go bhféadfaimid teacht ar chomhaontú polaitiúil roimh dheireadh na bliana.
Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne

Is é atá i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais sraith comhrialacha do bheartais fhioscacha agus eacnamaíocha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit uile. Is é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú agus an cóineasú a chur chun cinn agus aghaidh á tabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an am céanna.

Dírítear sa phacáiste reachtach ar ábhair fhioscacha. Tá trí thogra ann:

  • togra le haghaidh rialachán nua maidir le comhordú éifeachtach ar fhaireachas eacnamaíoch iltaobhach buiséadach, a chuirfear in ionad an rialacháin atá ann cheana maidir leis an ngné choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
  • togra chun leasú a dhéanamh ar an rialachán atá ann cheana maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, ar sraith rialacha é a thagann i bhfeidhm má sháraíonn Ballstát luachanna tagartha an Chonartha maidir le heasnamh poiblí agus fiachas poiblí, is é sin 3% agus 60% de OTI faoi seach. Is é sin an ghné cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
  • an tríú togra chun leasú a dhéanamh ar an treoir ón gComhairle maidir le ceanglais do chreataí buiséadacha Ballstát.

Acmhainní dílse

Chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair maidir leis an bpacáiste coigeartaithe don chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse, agus thapaigh na hairí an deis seisiún tuairimíochta a bheith acu faoin togra.

Pacáiste airgeadra aonair

Chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair i ndáil an ‘pacáiste airgeadra aonair’, ina bhfuil tograí reachtacha comhlántacha lena leagtar síos an creat dlíthiúil chun go bhféadfaí euro digiteach a thabhairt isteach, agus lena dtugtar aghaidh ar stádas dlíthairisceana airgid thirim in euro.

Faoi na rialacha nua, bheadh airgeadh tirim á chomhlánú leis an euro digiteach, a bheadh ar fáil don phobal i gcoitinne.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir le staid na himeartha ó thaobh thionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin de.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le staid na imeartha ó thaobh chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de. Ghlac sí cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na Beilge, na Bulgáire, na Cróite, na Cipire, na Fionlainne, na Gearmáine, na Gréige, na hUngáire, na hÉireann, na hIodáile, na Laitvia, na Polainne agus na Rómáine.

I measc leasuithe eile, chuir formhór na dtíortha caibidlí nua REPowerEU lena bpleananna nuashonraithe.

Léaráidí de línte soláthair cumhachta, stáisiúin chumhachta gaoithe, traein, foirgneamh agus daoine.
Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)

Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)

An Seimeastar Eorpach

Thug an Chomhairle obair ar an Seimeastar Eorpach chun cinn le seisiún tuairimíochta faoi Shuirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024, Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh agus Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

CBL sa Ré Dhigiteach

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ón Uachtaránacht ar dhul chun cinn i ndáil leis an bpacáiste maidir le CBL sa Ré Dhigiteach.

I mí na Nollag 2022, thíolaic an Coimisiún an pacáiste ‘CBL sa ré dhigiteach’, darb aidhm cuidiú leis an digiteáil a chur chun cinn sa chomhrac ar chalaois CBL, tacú le gnólachtaí agus an t-ualach riaracháin a laghdú.

Áirítear leis an bpacáiste tograí le haghaidh an mhéid seo a leanas:

  • clárú aonair CBL do ghnólachtaí ar fud an Aontais
  • rialacha CBL don gheilleagar ardán a bhaineann le hiompar paisinéirí agus cóiríocht ar cíos gearrthéarmach
  • oibleagáidí maidir le tuairisciú digiteach bunaithe ar shonrascú leictreonach do ghnólachtaí a oibríonn thar theorainneacha san Aontas

Cánachas — An Mheitheal um an gCód Iompair

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair le linn Uachtaránacht na Spáinne (Iúil go Nollaig 2023) mar mhír gan phlé.

Tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach

D’fhormheas an Chomhairle tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach.

Tugtar forléargas sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn a rinneadh sa Chomhairle le linn thréimhse Uachtaránacht na Spáinne (Iúil go Nollaig 2023), chomh maith le forléargas ar staid na himeartha i dtaca leis na saincheisteanna is tábhachtaí atá faoi chaibidil i réimse an chánachais.

An t-aontas custaim

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht i ndáil leis an athchóiriú custaim.

Leis an athchóiriú custaim, leagtar amach fís nua-aimseartha do chustaim an Aontais ionas go mbeidh údaráis chustaim an Aontais feistithe i gceart chun earraí neamhchomhlíontacha a stopadh, tuilleadh dleachtanna custaim a bhailiú agus chun rialuithe a dhéanamh gan ualach iomarcach a chur ar údaráis agus ar thrádálaithe.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair i dtaca le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2025